Bronntanais Nollag don duine a shantaíonn smideadh agus cúram cnis

Tá earra anseo do chuile phóca agus tá chuile dhuine is gean leat clúdaithe le haghaidh na Nollag

Bronntanais Nollag don duine a shantaíonn smideadh agus cúram cnis

Ceannaigh drochrud is bí gan aon rud, a deirtear agus is amhlaidh an cás le smideadh agus cúram cnis. Ni hé chuile chomhábhar a chuirfeá ar do chraiceann. Seo liosta bronntanas a déarfainnse nach féidir a bhualadh agus mura bhfuil an féirín a bhí ar intinn agat anseo, bí cinnte go bhfuil rud éigin sna siopaí áilleachta is cúram cnis a fheileann do liosta na Nollag i mbliana. Tá earra anseo do chuile phóca – ó €30 go dtí €89 – agus tá chuile dhuine is gean leat clúdaithe le haghaidh na Nollag.

Ionad na Feamainne – Leitir Mealláin

Níl aon duine ar bith beo nár mhaith leo é seo a thriail. Is beag againn a bhíonn go bolg i bhfarraige ag baint fheamainne na laethanta seo ach is deacair an fheamainn a bhualadh ar do chraiceann. Ní hamháin go bhfuil an bronntanas seo go maith don chraiceann mar go bhfuil an fheamainn orgánach agus lán le vitimíní ach is maith é freisin don timpeallacht. Cuideoidh tú le gnó áitiúil agus an t-ionad seo suite i nGaeltacht Chonamara. Ní call duit an teallach a fhágáil leis an mbronntanas iontach seo a cheannach do dhuine éigin nó duit féin. Féadfaidh tú dearbhán a cheannach do chara nó duine den teaghlach ar líne. Féadfaidh tú folcadh feamainne nó cóireáil spa a ordú ar €30.

 

Seavite

Ó tharla boladh agus boige na feamainne a bheith faighte agat thiar i Leitir Mealláin seans go mbeidh fonn ort í a choinneáil le do chraiceann agus tá neart uachtar is lóiseanna ag an gcomhlacht Seavite atá lonnaithe i nGaeltacht Chonamara. Tá pacáistí speisialta dá gcuid táirgí curtha le chéile acu féin ar a suíomh idirlín ach tá fáil orthu go coitianta sna cógaslanna. Más glaine is luisne atá uait tá bosca Seavite Cleanse & Glow le fáil ar €60.

 

Bosca cúram cnis ó Aimee Connolly

Má tá €55 le spáráil agat ní fhéadfá bronntanas níos deise a cheannach. Tá a bhfuil uait i mbosca beag amháin agus ‘foirfe’ scríofa air, agus ní haon bhréag é. Tá meascán deas táirgí ann. Tá fachtóir cosanta ar an ngrian sa maothóir. Tá dhá thaobh ar an mbéaldath agus ar an línitheoir súl. Tá luisneach, donnaitheoir agus aibhsitheoir sa mbosca deas, chomh maith le scuab dhéthaobhach. Ní smais go dtí é! Tá an ceann seo le fáil i Boots, Dunnes Stores, i roinnt cógaslann áitiúil agus ar líne.

Sculpted by Aimee Connolly

 

Snas liopaí nó beola ó MAC

Is féidir brath ar MAC i gcónaí le haghaidh bronntanas Nollag a fheileann gach aoisghrúpa ach tá mé féin i ngrá leis an gceann seo i mbliana agus is aoibhinn le gach duine snas béil. Tá na dathanna seo gleoite ar fad. Tá neart bronntanas Nollag eile ag MAC freisin ó €30 go €155. Tá an ceann seo €30 agus is féidir é a fháil i siopa Brown Thomas. Tá na buidéilíní seo beag go maith ach iontach le haghaidh an mhála láimhe agus iad lán le ola jojoba. Mura bhfuil aon fhonn ort clúdach deas Nollag a chur ar an mbronntanas, déanfaidh siad sin duit sa siopa agus tá boscaí gleoite acu freisin.

Tiny Tricks Mini Lipglass Trio: Cool

 

Dath is snas liopaí ó Charlotte Tilbury

Chuirfeadh an pacáistiú a bhíonn ar an mbranda seo cathú ar dhuine ar bith ach tá an-cháil bainte amach ag an raon seo ar a dtugtar Pillow Talk mar go bhfeileann sé dath craicinn nó ton cnis gach duine. Tá gach táirge atá sa bhféirín seo lán le comhábhair bhreátha cosúil le vitimín A, ola cnó cócó agus collaigin. €48 a chosnóidh sé seo ort i siopa Brown Thomas.

Charlotte Tilbury Pillow Talk Lip Secrets

 

Cúram cnis ó Estee Lauder

Tá an séiream oíche is deise a d’úsáid mé riamh ar fáil sa mbosca cúram cnis seo agus is mór le rá é mar tháirge. Chomh maith leis an séiream tá a lán táirgí lae eile ann ar €55. Ós rud é go bhfuil €120 ar an séiream oíche leis féin, is iontach go deo an margadh é seo. Thar fóir b’fhéidir ach mura miste dom é a rá, b’fhiú go mór é. Tá sé le fáil i Boots agus Brown Thomas.

Estee Lauder Protect + Hydrate Skincare Treats

 

Scuaba Smididh

Níl duine ar bith a bhfuil tóir aige nó aici ar an smideadh nach santaíonn scuab mhaith. Is mór an cuardach a dhéantar ar scuaba smididh atá go maith ach réasúnta i bpraghas. Tá an 21 scuab seo ar díol ar €89 faoi láthair ach go hiondúil bíonn siad €199. Scuaba den scoth iad agus an chos atá orthu níl a leithéid agat cheana i do mhála cleas. Is féidir iad seo a fháil ar líne ach tá na scuaba aonair ar fáil i Dunnes freisin, má tá tú ag cuardach féiríní beaga don stoca Nollag, in áit carnán scuaba a cheannach. Níl scuab smididh a gheobhas duine faoi Nollaig nach mbainfear leas aisti, geallaim duit.

Rebeluna Cosmetics 21 Piece Brush Collection €89 

Fág freagra ar 'Bronntanais Nollag don duine a shantaíonn smideadh agus cúram cnis'

  • Orla

    Ag cur cathú orm agus mo dhóthain airgid caite agam cheana fhéin. Maith thú a Charoline, bheadh alt rialta uait ag déanamh cur síos ar tháirgí éagsúla agus ar chleasanna smididh iontach ar fad.