183 cás nua den choróinvíreas fógartha, cás nua ar bith i gCiarraí ná i Maigh Eo

Cé go bhfuil ‘dul chun cinn an-mhór déanta’ ó mhí Dheireadh Fómhair, deir NPHET go rabhthas ag súil go mbeadh na figiúirí trí nó ceithre oiread níos ísle faoin tráth seo

183 cás nua den choróinvíreas fógartha, cás nua ar bith i gCiarraí ná i Maigh Eo

Tá 183 cás nua den Covid-19 atá deimhnithe ag an Roinn Sláinte inniu. Seisear eile a raibh an galar orthu atá básaithe.

Deir an Leas-Phríomhoifigeach Leighis, an Dr Ronan Glynn go bhféadfadh go bhfuil 100 cás níos mó inniu ann ná an 183 cás a fógraíodh ag brath ar an tionchar a bhí ag ceist IT ar chúrsaí.

Dúirt an tOllamh Philip Nolan, Cathaoirleach NPHET go raibh “dul chun cinn an-mhór” déanta ó mhí Dheireadh Fómhair, tráth a raibh 1,200 cás sa lá á bhfógairt.

Bhíothas ag súil, áfach, go mbeadh na figiúirí níos ísle faoin tráth seo agus údar díomá agus bróin é go háirithe go bhfuil líon na mbásanna fós “ard”, a dúirt sé.

Seachtar ar an meán a bhásaigh gach lá le seachtain anuas de dheasca an ghalair.

Dúirt an tOllamh Nolan nach raibh mórán d’athrú ar líon na gcásanna le seacht nó ocht lá anuas agus nár cheap sé go dtitfeadh líon na gcásanna mórán eile sa tseachtain nó sna deich lá atá romhainn.

Dúirt an tOllamh Nolan go bhfuil an galar á scaipeadh ag ráta atá trí nó ceithre oiread “níos tréine” ná mar a bhí NPHET ag súil leis.

Dá rachadh an ráta atáirgthe os cionn 2 seachtain na Nollag bheadh idir 800-1,200 cás ann faoi lár mhí Eanáir.

Caithfear a bheith “stuama agus cúramach”, a dúirt an tOllamh Nolan.

 Ní raibh cás nua ar bith le deimhniú i gCiarraí ná i Maigh Eo inniu.

Bhain 26 den 183 cás nua inniu le Dún na nGall, naoi gcás a bhí i gcontae na Mí, seacht gcás a bhí i nGaillimh, sé chás a bhí i bPort Láirge agus níos lú ná cúig chás a bhí i gCorcaigh.

Tá 239 duine atá buailte ag an Covid-19 sna hospidéil agus tá 32 acusan in aonad dianchúraim.

56 cás nua a bhí i mBaile Átha Cliath.

Meastar gur idir 0.8 agus 1 atá ráta atáirgthe an ghalair faoi láthair.

Tá ráta coicíse an ghalair in aghaidh gach 100,000 duine tite faoi bhun 80. 79.7 ráta an ghalair faoi láthair.

Tá an ráta ag 212 i nDún na nGall, 90 i Maigh Eo, 74 i bPort Láirge agus 62 i gcontae na Mí. Ráta 52 atá i gCorcaigh, 46 atá i nGaillimh agus 37 i gCiarraí.

D’fhógair Roinn Sláinte an Tuaiscirt go raibh 456 cás nua den choróinvíreas deimhnithe acu agus go raibh 11 duine eile básaithe de dheasca an ghalair. Is le lá anuas a bhásaigh ochtar acusan.

413 othar Covid-19 atá sna hospidéil i dTuaisceart Éireann agus tá 38 díobhsan in aonad dianchúraim.

Bhí 100% de na leapacha ansin lán inniu agus tá ráig den ghalar deimhnithe i 119 ionad cúraim sa Tuaisceart.

3,106 duine atá básaithe in Éirinn go dtí seo de dheasca na paindéime, 2,080 duine ó dheas den teorainn agus 1,026 duine ó thuaidh di.

126,794 cás a deimhníodh in Éirinn go nuige seo, 73,066 cás ó dheas agus 53,728 ó thuaidh.

Pictiúr: RollingNews.ie

Tá Príomhfheidhmeannach Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte Paul Reid ag iarraidh ar an bpobal “a bheith níos airdeallaí ná riamh” sna seachtainí beaga seo romhainn, go háirithe aon daoine a bhfuil acu bualadh le cairde. Agus é ag caint ag seisiún eolais seachtainiúil an HSE faoin víreas, dúirt Paul Reid gur rud an-nádúrtha é “fonn a bheith orainn barróg a thabhairt do dhuine agus beannachtaí na Nollag a ghuí orthu” tar éis dúinn am a chaitheamh ina dteannta i mbialann nó i dtábhairne bia, ach chuir sé fainic orainn go bhfuil sin “an-chontúirteach”.

Dúirt an Tánaiste Leo Varadkar go mb’fhéidir nach mbeadh ceolchoirmeacha, cluichí agus tionóil mhóra eile ann go dtí an samhradh seo chugainn.

Chuir sé fainic ar dhaoine go bhféadfadh nach bhfaighidís a gcuid airgid ar ais sa gcás nach reáchtálfaí imeachtaí  agus gur amhlaidh a chuirfí ar athló iad. Dúirt sé go raibh an cinneadh cé is túisce a gheobhadh g an vacsaín soiléir go maith agus nach aon ‘rocket science’ é. Oibrithe cúram sláinte, daoine atá ina gcónaí in ionaid altranais, daoine atá amach sna blianta agus a bhfuil galair ainsealacha orthu is túisce a gheobhadh an vacsaín, a dúirt sé.

Dúirt an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte (WHO) nach faoi dheifir a cuireadh na vacsaíní Covid-19 ar fáil mar go raibh an eolaíocht ann chuige sin cheana féin ó na ráigeanna den  SARS-CoV agus MERS-CoV.

“Níor gearradh aon choirnéil,” a dúirt urlabhraí an WHO, an Dr Margaret Harris.

Dúirt toscaire speisialta Covid-19 an WHO, an Dr David Nabarro, gurb amhlaidh a chaithfí lucht na gluaiseachta frithvacaínithe a mhealladh seachas brú a chur orthu “rud a dhéanamh nach dteastaíonn uathu a dhéanamh”.

“Caithfimid iad a spreagadh agus iad a mhealladh chugainn. Caithfidh gach duine creidiúint ann.”

 

Fág freagra ar '183 cás nua den choróinvíreas fógartha, cás nua ar bith i gCiarraí ná i Maigh Eo'