14 saothar Gaeilge ainmnithe do ghradaim ag Féile na Meán Ceilteach

Fógrófar na buaiteoirí ag ócáid ar líne ag an fhéile dhigiteach a bheidh ar siúl idir an 7 agus 9 Meán Fómhair

14 saothar Gaeilge ainmnithe do ghradaim ag Féile na Meán Ceilteach

Beidh 14 saothar ó na meáin chraolta Ghaeilge san iomaíocht ag Féile na Meán Ceilteach i mbliana agus na hainmniúcháin fógartha.

Tá naoi gclár nó sraith ó TG4 ainmnithe do ghradaim. Dhá chlár de chuid RTÉ Raidió na Gaeltachta atá ainmnithe agus tá an stáisiún san iomaíocht don ghradam Stáisiún Raidió na Bliana freisin. Tá ainmniúcháin faighte chomh maith ag saothair i nGaeilge ó BBC Raidió Uladh agus RTÉ Radio.

Tá an scannán Treibh na nDéithe, a léiríonn gnéithe éagsúla den saol ar oileán Thoraí, ainmnithe in dhá rannóg, Gnéchlár Faisnéise agus Spiorad na Féile. Lugh Films a léirigh an scannán faisnéise.

Ar na saothair eile atá ainmnithe d’fhéile na bliana seo tá Liam O’Flynn – Píobaire ( Ealaín), fadscannán faisnéise faoin bpíobaire mór le rá, agus an tsraith Slí na mBeaglaoch (Siamsaíocht Fhíorasach), inar thug na ceoltóirí Breanndán Ó Beaglaoich agus a mhac Cormac faoi thuras bóthair ar chósta thiar na hÉireann.

Tá ainmniúcháin faighte freisin ag cláracha faisnéise eile de chuid TG4, An Bhoirinn (Sraith Fhíorasach), Ciara Ní É – Saol trí Ghaeilge (Clár Faisnéise Aonair) agus Laochra Gael – Kieran Donaghy (Clár Faisnéise Spóirt).

Fuair an clár Cogadh ar Mhná ainmniúchán sa rannóg Stair, tá an tsraith Is Eolaí Mé ainmnithe sa rannóg Clár do Pháistí agus tá Le Ceangal san iomaíocht sa rannóg Gearr-Fhoirm.

Dúirt Ard-Stiúrthóir TG4, Alan Esslemont, go bhfuil “ríméad” ar TG4 deich n-ainmniúchán a fháil ó Fhéile na Meán Ceilteach i mbliana agus go “dtaispeánann na hainmniúcháin seo an raon clár atá ag TG4 atá léirithe ar ardchaighdeáin don lucht féachana”.

Maidir le cláir raidió, fuair an clár Ár bPéire le Dónall Mac Ruairí ainmniúchán sa rannóg Clár Faisnéise Raidió. Déanann an clár cur síos ar scéal lánúin a d’uchtaigh beirt pháistí, gasúr agus girseach, ar deartháir agus deirfiúr a bhí iontu cé nach raibh aithne acu ar a chéile.

Fuair an clár siamsaíochta Bladhaire, a chuireann Áine Ní Bhreisleáin i láthair ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, ainmniúchán don Chlár Irise Raidió is fearr.

Dhá chlár ó BBC Raidió Uladh a fuair ainmniúcháin, Blas Ceoil (Clár Ceoil Bheo) le Caoimhe Ní Chathail agus Blas – Ón Taobhlíne (Clár Spóirt Raidió) don chlár a craoladh tar éis do Chill Chua an cheann is fearr a fháil ar Naomh Conaill i gcluiche ceannais na gclubanna i gCúige Uladh arú anuraidh.

Fuair an dráma Leaba an Bháis le Darach Mac Con Iomaire a craoladh ar RTÉ Radio ainmniúchán sa rannóg Dráma Raidió.

Is ócáid bhliantúil í Féile na Meán Ceilteach a thugann ardán agus aitheantas do scoth na saothar a léiríodh sna tíortha Ceilteacha; Éire, Albain, Oileán Mhanann, Corn na Breataine agus an Bhriotáin.

Fógrófar na buaiteoirí ag ócáid ar líne a bheidh mar chuid den fhéile dhigiteach a bheidh ar siúl idir an 7 agus 9 Meán Fómhair.

Fág freagra ar '14 saothar Gaeilge ainmnithe do ghradaim ag Féile na Meán Ceilteach'