1,355 cás nua den choróinvíreas, ‘anois an t-am ceart‘ le rialacha na scoileanna a mhaolú

D’ainneoin an t-ardú mór ar an tástáil ar pháistí, is ardú fánach a bhí ar an líon cásanna den víreas ina measc, a deir an Dr Tony Holohan

1,355 cás nua den choróinvíreas, ‘anois an t-am ceart‘ le rialacha na scoileanna a mhaolú

D’fhógair an Roinn Sláinte 1,355 cás nua Covid-19 tráthnóna.

286 othar a bhí buailte ag an ngalar a bhí sna hospidéil ar maidin agus bhí 59 díobhsan in aonad dianchúraim.

Dúirt an Príomh-Oifigeach Leighis, an Dr Tony Holohan, tráthnóna gur “anois an t-am ceart“ le deireadh a chur leis an gcuardach teagmhálaithe sna bunscoileanna.

Dúirt an Dr Holohan gur chruthaigh an anailís leanúnach atá á déanamh ar chúrsaí eipidéimeolaíochta sa stát go bhfuil bunús le moltaí NPHET i dtaobh an tsláinte phoiblí a bhainistiú sna scoileanna ón Luan seo chugainn.  

“Athoscailt na scoileanna ba chúis leis an ardú suntasach ar an líon daltaí a cuireadh ar aghaidh chun tástáil a fháil le cúpla seachtain. Páistí nach raibh aon chomharthaí sóirt den víreas orthu ach a bhí ina ngartheagmhálaithe go leor dá raibh á dtástáil. Tuismitheoirí agus caomhnóirí díograiseacha a thug na leanaí seo chun a dtástála. 

“D’ainneoin an t-ardú mór ar an tástáil san aoisghrúpa sin, is ardú fánach a bhí ar an líon cásanna den víreas ina measc. Tá an ráta dearfachta tite ó 16% go dtí 5% agus is mór an t-údar misnigh é sin.”

Dúirt an Dr Holohan gurb í an fhianaise náisiúnta agus idirnáisiúnta gur beag an baol do pháistí scoile go scaipfí  an víreas sa scoil. 

“Anois an t-am ceart chun ár gcur chuige maidir le cuardach teagmhálaithe a athrú ach na srianta agus an chosaint in aghaidh an víris a choinneáil sna hionaid oideachais.”

Leanfaidh NPHET orthu, a dúirt sé, ag déanamh monatóireacht ar chúrsaí an ghalair. 

“Tá sé tábhachtach go leanfaimid ar fad orainn ag cloí leis an gcomhairle sláinte phoiblí agus go dtabharfaidh muid aire dá chéile trínár lámha a ní, mascanna a chaitheamh nuair is cuí agus fanacht amach óna chéile ar mhaithe le scaipeadh an Covid-19 a chosc.

“Iarraim ar thuismitheoirí páistí nach bhfuil ag aireachtáil go maith agus a bhfuil comharthaí sóirt an Covid-19 orthu a choinneáil sa mbaile ón scoil agus i gcás aon imní glaoch ar an dochtúir teaghlaigh.” 

Tá míshástacht léirithe ag na ceardchumainn agus bainisteoirí scoile leis an gcinneadh is déanaí seo faoi leanaí scoile agus cruinniú socraithe acu leis an Roinn Oideachais faoin ábhar.

D’fhógair Roinn Sláinte an Tuaiscirt inniu go raibh ochtar eile a raibh an víreas orthu básaithe le lá anuas.

1,165 cás eile den ghalar a fógraíodh.

36 bás a cuireadh ar an taifead le seacht lá anuas, laghdú ón 45 bás a bhí i gceist an tseachtain roimhe sin.

Tá 383 othar Covid-19 in ospidéil an Tuaiscirt, i gcomparáid le 468 Déardaoin seo caite.

31 othar atá in aonad dianchúraim.

Fág freagra ar '1,355 cás nua den choróinvíreas, ‘anois an t-am ceart‘ le rialacha na scoileanna a mhaolú'