1,345 cás nua fógartha, 141 othar sna hospidéil ag an víreas

Thug an Dr Ronan Glynn le fios tráthnóna gur bhain 87% de chásanna an lae inniu le daoine faoi bhun 45 bliain d’aois agus d’impigh sé ar dhaoine atá ag fanacht ar an dara dáileog den vacsaín coinneáil orthu ag cloí leis na srianta sláinte

1,345 cás nua fógartha, 141 othar sna hospidéil ag an víreas

1,345 cás eile den Covid-19 atá fógartha ag an Roinn Sláinte tráthnóna.

141 othar atá buailte ag an ngalar a bhí sna hospidéil ar maidin agus 25 díobhsan a bhí in aonad dianchúraim.

Thug an Dr Ronan Glynn le fios tráthnóna gur bhain 87% de chásanna an lae inniu le daoine faoi bhun 45 bliain d’aois agus d’impigh sé ar dhaoine atá ag fanacht ar an dara dáileog den vacsaín coinneáil orthu ag cloí leis na srianta sláinte.

Tá an vacsaín iomlán faighte ag beagnach 70% de na daoine fásta sa tír faoin tráth seo agus snáthaid amháin faighte ag 83% díobh. Tá fainic á cur ag na húdaráis ar an bpobal faoin líon níos mó daoine atá Covid-19 a chur san ospidéal agus rinneadar achainí ar dhaoine a bheith fíorchúramach agus gnóthaí ag athoscailt.

Dúirt an Tánaiste Leo Varadkar inné gur “údar muiníne don tír seo líon na gcásanna a bheith ag titim in Albain, i Sasana agus san Ísiltír go mbeimid in ann maidhm an Delta a chur dínn gan srianta a chur i bhfeidhm arís”.

Inniu bhí cead ag tithe ósta agus bialanna seirbhís bia agus dí a chur ar fáil faoi dhíon, beagnach 500 lá ó dhún cuid mhaith díobh.

Aon duine a bhfuil an vacsaín iomlán faighte aige nó atá tagtha chuige féin ón víreas le sé mhí, beidh cead acu suí ag bord laistigh agus a leanaí ina dteannta.

D’athoscail breis is 3,000 tábhairne inniu agus meastar go mbeidh 25,000 oibrí níos lú ag fáil Íocaíocht Dífhostaíochta na Paindéime (PUP) ón lá inniu ar aghaidh.

Déanach aréir a socraíodh nach mbeadh ar na tithe óil is dí sonraí teagmhála a fháil ach ó dhuine fásta amháin i ngach grúpa, seachas gach duine mar a bhí á mholadh sna dréachtrialacháin.

639 cás a d’fhógair Roinn Sláinte an Tuaiscirt níos túisce tráthnóna. Fógraíodh nach raibh duine ar bith eile básaithe de dheasca an víris ansin.

Tá 9,832 cás deimhnithe i dTuaisceart Éireann le seacht lá anuas, an líon is mó in aon seachtain amháin ó thús mhí Eanáir. Ráta scaipthe 519 cás in aghaidh gach 100,000 duine a bhí i gceist le seachtain anuas, suas ó 253 an tseachtain roimhe seo.

208 othar Covid-19 atá in ospidéil ó thuaidh den teorainn agus tá 25 acusan in aonad dianchúraim. Tuairiscíodh go bhfuil ráigeanna den ghalar i 59 d’ionaid chúraim i dTuaisceart Éireann.

Tá an chéad dáileog den vacsaín faighte ag 1,196,995 duine sa Tuaisceart agus tá an dara dáileog faighte ag 1,011,471 duine.

Tá ráite ag an Aire Oideachais  Norma Foley, go bhfuil lánmhuinín aici go mbeidh cead oscailte ag na scoileanna san fhómhar mar atá beartaithe.

Dúirt sí go raibh na hacmhainní ag an roinn a cheadódh do na scoileanna oscailt go hiomlán ag deireadh mhí Lúnasa agus tús Mheán Fómhair.

Dúirt an tAire go raibh athoscailt na scoileanna á plé i gcónaí leis na húdaráis sláinte.

Dúirt sí ar Today with Claire Byrne go gcuirfí beartais láidre i gcrích a chinnteodh gur “timpeallacht rialaithe” a bheadh sa scoil i gcónaí.

Dúirt an tAire gur tráth a mbíonn siad sa bhaile ón scoil is airde a bhíonn líon na gcásanna Covid i measc na ndaltaí agus go maíonn saineolaithe sláinte phoiblí go seasta “gur timpeallacht iad an scoileanna a bhíonn á rialú go stuama i gcónaí”.

Fág freagra ar '1,345 cás nua fógartha, 141 othar sna hospidéil ag an víreas'