1,271 cás eile den víreas fógartha, 59 duine in aonad dianchúraim

102 duine a raibh an Covid-19 orthu a fuair bás sa stát mí Mheán Fómhair

1,271 cás eile den víreas fógartha, 59 duine in aonad dianchúraim

1,271 cás eile den Covid-19 a d’fhógair an Roinn Sláinte tráthnóna.

297 duine a bhí buailte ag an ngalar a bhí sna hospidéil ar maidin, i gcomparáid le 300 duine inné, agus bhí 59 acusan in aonad dianchúraim, 60 a bhí ansin inné.

17 duine a raibh an Covid-19 orthu a fuair bás sa tseachtain roimh Dé Máirt seo caite agus 102 bás ar fad a bhí i gceist i mí Mheán Fómhair.

76 bliain d’aois an aois mheánach a bhí ag na daoine a bhásaigh.

5,249 duine a bhí buailte ag an ngalar a fuair bás sa stát ó thús na paindéime. Bhí tinneas eile ag cur as do 86% de na daoine a bhásaigh.

1,163 cás a dheimhnigh Roinn Sláinte an Tuaiscirt tráthnóna agus fógraíodh go raibh beirt eile a raibh an Covid-19 tolgtha acu tar éis bháis.

2,556 duine ar fad a raibh an víreas orthu atá básaithe ó thuaidh den teorainn ó thús na paindéime.

342 othar Covid-19 atá in ospidéil an Tuaiscirt inniu, i gcomparáid le 346 inné, agus tá 31 díobhsan in aonad dianchúraim, beirt níos mó ná inné.

Idir an dá linn, de réir tuairisc ón Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste, níor deineadh dóthain seiceálacha nuair a chuir daoine isteach ar an Íocaíocht Dífhostaíochta Phaindéime anuraidh.

Beagnach duine as gach deichniúr de na daoine a fuair an íocaíocht ní raibh siad i dteideal é a fháil agus de réir na tuairisce chosain an scéim chúitimh €5 billiún ar fad anuraidh.

Fág freagra ar '1,271 cás eile den víreas fógartha, 59 duine in aonad dianchúraim'