12 duine eile le Covid-19 básaithe, an líon is lú básanna a fógraíodh le breis is 40 lá

1,893 duine ar a laghad atá básaithe in Éirinn ó thús na ráige, 1,458 duine ó dheas den teorainn agus 435 ó thuaidh di

12 duine eile le Covid-19 básaithe, an líon is lú básanna a fógraíodh le breis is 40 lá

Tá fógartha ag an Roinn Sláinte go bhfuil 12 duine eile a raibh Covid-19 orthu básaithe.

B’ionann sin agus an líon is lú básanna a d’fhógair an Roinn Sláinte aon lá ón 30 Márta, 41 lá shin.

1,893 duine ar a laghad atá básaithe in Éirinn ó thús na ráige, 1,458 duine ó dheas den teorainn agus 435 ó thuaidh di.

D’fhógair an Roinn Sláinte ó dheas tráthnóna go raibh 236 cás nua den ghalar ann, rud a fhágann gur 27,115 cás den ghalar Covid-19 atá deimhnithe go dtí seo in Éirinn, 22,996 cás ó dheas agus 4,119 cás ó thuaidh.

De réir na bhfigiúirí is déanaí ó Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte ag laghdú i gcónaí atá líon na n-othar atá san ospidéal de dheasca Covid-19 a bheith orthu. 739 duine le Covid-19 a bhí sna hospidéil ag 8pm aréir, Dé Sathairn. Tháinig laghdú 7.9% inné ar líon na n-othar nua le Covid-19 a cuireadh san ospidéal i comparáid leis an lá roimhe sin.

72 duine le Covid-19 a bhí sna haonaid dianchúraim an líon is lú daoine aon lá ó tháinig na srianta dianghlasála i bhfeidhm ag deireadh mhí an Mhárta. 1,242 leaba folamh atá sna hospidéil agus 161 leaba ICU atá folamh.

De réir an eolais is déanaí ón Roinn Sláinte, a bhain leis an 22,671 cás a bhí deimhnithe faoi mheán oíche Dé hAoine:

  • Fir a bhí i gceist le 44% de na cásanna agus mná iad 57%
  • An aois airmheáin a bhí ann i measc na n-othar ná 49 bliain d’aois
  • Cuireadh cúram san ospidéal ar 2,986 duine, 13%
  • As na daoine sin, cuireadh 383 duine in ICU, nó Aonad Dianchúraim
  • Oibrithe sláinte a bhí i gceist le 6,772 cás, nó 30%
  • I mBaile Átha Cliath a bhí an líon is mó cásanna le 11,068 cás, nó 55%, bhí Cill Dara sa dara háit, le 1,324 cás, nó 6%, agus Corcaigh a bhí sa tríú háit le 1,207 cás, nó 5%
  • Scaipeadh sa phobal ba chúis le 61% de chásanna, gartheagmháil le hothar eile ba chúis le 36% agus taisteal thar lear ba chúis le 3%

Cúig bhás eile a fógraíodh sa Tuaisceart inniu agus deimhníodh 41 cás nua den ghalar.

De réir eolais a chuir Gníomhaireacht Thuaisceart Éireann um Staidreamh agus um Thaighde (Nisra) amach Dé hAoine, tá líon na mbásanna ó thuaidh i bhfad níos airde ná 435.

516 bás de bharr Covid-19 a bhí ar an taifead ag NISRA faoin 1 Bealtaine. 383 bás a thuairiscigh an Roinn Sláinte don tréimhse chéanna.

Básanna sna hospidéil den chuid is mó a fhógraíonn an Roinn Sláinte sa Tuaisceart, ach cuireann NISRA san áireamh gach cás ina bhfuil Covid-19 luaite mar shoiocair báis ar theastas báis.

Fág freagra ar '12 duine eile le Covid-19 básaithe, an líon is lú básanna a fógraíodh le breis is 40 lá'