110 lá ó reáchtáladh reifreann cinniúnach an Ochtú Leasú, tá ceisteanna móra le réiteach go fóill

Tá ráite arís agus arís eile ag an Aire Sláinte go bhfuil sé indéanta an reachtaíocht ghinmhillte a rith faoi dheifir, ach tá imní ag teacht ar dhaoine…

110 lá ó reáchtáladh reifreann cinniúnach an Ochtú Leasú, tá ceisteanna móra le réiteach go fóill

An tAire Sláinte, Simon Harris. Picitúr: Sam Boal/Rollingnews.ie

Tá an reachtaíocht le feidhm a thabhairt do thoradh an reifrinn sa mBealtaine foilsithe agus curtha faoi bhráid na Dála le seachtain anois. Tá an tOchtú Leasú imithe as an mBunreacht le roinnt seachtainí ó chuir an tUachtarán Higgins a ainm leis an ordú a chuir deireadh leis.

Faoi láthair tá an seanchóras a bhain le ginmhilleadh sa tír fós i bhfeidhm,  ’sé sin go bhfuil sé mídhleathach ach amháin sa gcás go bhfuil saol na máthar i mbaol, baol féinmharaithe san áireamh.

Díol imní agus mífhoighne do lucht feachtasaíochta an méid sin. Tá sé 110 lá ó reáchtáladh an reifreann cinniúnach agus cé go ndearbhaíonn an tAire Sláinte arís agus arís eile go bhfuil sé indéanta an reachtaíocht a rith faoi dheifir, tá imní ag teacht ar dhaoine.

Gheall an rialtas go mbeadh córas nua seirbhísí ginmhillte i bhfeidhm faoin gcéad lá de mhí Eanáir. Chuir briseadh an tsamhraidh agus dúshláin chúirte moill ar chúrsaí go dtí an mhí seo caite. Foilsíodh an reachtaíocht an tseachtain seo caite agus tá na ceisteanna céanna a bhí ann aimsir an reifrinn fós gan freagairt, cuid mhór.

Tá na trí lá machnaimh a thabharfar don bhean idir a céad choinne le dochtúir agus an cinneadh dul ar aghaidh le ginmhilleadh clúdaithe sa reachtaíocht.

Tá go leor nach maith leo an coinníoll sin. Níl aon chaint, de réir mar a thuigim, déanta le dochtúirí fós, go háirithe leis an lucht leighis sin nach dteastaíonn uathu a bheith páirteach sa gcóras nua ar bhonn coinsiasa. Deirtear sa reachtaíocht go gcaithfidh a leithéid an bhean a chur i dtreo dochtúra eile. Cuireann sé seo srian ar neamhspleáchas an dochtúra ina chuid nó ina cuid oibre, a deir na dochtúirí sin.

Tá ceisteanna móra i dtaobh soláthar dochtúirí i gceantair tuaithe á n-ardú chuile lá. Cuirfidh na cúraimí nua seo, atá le teacht i bhfeidhm ar an gcéad lá d’Eanáir, leis an mbrú sin. Níl aon socrú déanta go fóill ach an oiread faoi chúrsaí maoinithe. Teastaíonn ón rialtas go mbeadh seirbhísí ginmhillte ar fáil saor in aisce do na mná a dteastaíonn siad uathu. An bhfuil idirbheartaíocht déanta leis na dochtúirí? Le roinnt seachtainí a cuireadh tús leis an bplé faoi chonradh nua le dochtúirí teaghlaigh. Téann na cainteanna seo siar chomh fada le 2011 nuair a bhí James Reilly ina Aire Sláinte. Tá feachtas leanúnach ar siúl ag dochtúirí teaghlaigh le scaitheamh anois na ciorruithe a rinneadh faoin Acht um Bearta Airgeadais Éigeandála ar Mhaithe le Leas an Phobail (FEMPI) a chur ar ceal. Feictear domsa go bhfuil go leor ceisteanna a bhaineann leis an am a caitheadh le réiteach sula dtosaítear ag bunú córais nua.

Agus ansin tá an pholaitíocht ann. Cuireann cinneadh Peter Fitzpatrick le gairid cor nua sa scéal seo ar fad. Tá sé soiléir go raibh baint mhór ag a chinneadh lena mhíshástacht faoin reifreann ar an ochtú leasú. Cé mhéad Peter Fitzpatrick eile atá sa Dáil fad is a bhaineann sé leis an ábhar seo? Dúirt formhór mór na dTeachtaí Dála nár aontaigh le haisghairm an Ochtú Leasú tar éis an reifrinn go nglacfaidís le guth an phobail agus go gceadóidís an reachtaíocht a rith de bharr a láidre agus a labhair na daoine sa reifreann. Ach níor dhúirt siad ar fad an méid sin. Dúirt go leor go bhfanfaidís le go bhfeicfidís an reachtaíocht. Tá sí againn anois. Agus caithfear dul trí phróiseas reachtúil, próiseas a thógann na céadta lá go minic. Ná déanadh muid dearmad go bhfuil an rialtas mionlaigh níos lú ná riamh anois agus dátaí toghcháin dá lua.  Sin scéal ann féin do lá eile.

 

Fág freagra ar '110 lá ó reáchtáladh reifreann cinniúnach an Ochtú Leasú, tá ceisteanna móra le réiteach go fóill'