100 bliain ó shin labhair James Connolly amach faoi amhras an lucht oibre maidir le Conradh na Gaeilge

Ag cruinniú de chuid Chonradh na Gaeilge, dúirt Connolly gurbh é Sasana ba chúis le lagtrá na Gaeilge. ‘But, thank God,’ a dúirt sé, ‘I think that before my eyes are closed in death, I shall see the beginning of the end’

James Connolly

Cothrom an ama seo céad bliain ó shin, labhair James Connolly ag cruinniú de chuid Chonradh na Gaeilge chun míthuiscint idir oibrithe míleata agus lucht an Chonartha a chur de dhroim seoil. Ag an gcruinniú, a raibh tuairisc faoi ar an gClaidheamh Soluis cothrom an lae seo, ar an 13 Samhain 1915, labhair Connolly faoin drochamhras a bhí ar bhaill a cheardchumainn ar obair an Chonartha.

Dúirt sé go raibh an lucht oibre in amhras faoin gConradh mar b’fhacthas dóibh gur ceisteanna a bhain le córas na n-ollscoileanna agus an mheánoideachais is mó a bhí ag déanamh tinnis dóibh seachas ceisteanna a bhí ábhartha do chás an ghnáthoibrí.

B’fhíor, a dúirt sé, go raibh an lucht oibre ‘amhrasach’ agus ‘patuar’ faoi obair an Chonartha, ach bhí áthas ar Connolly nach raibh aon ‘naimhdeas’ i gceist. Ba é Sasana a thug an Béarla go hÉirinn agus a bhuanaigh sa tír seo é, a dúirt sé, agus ní fhéadfaí a bheith ag súil go mbeadh an Ghaeilge i réim mar a bhí nó go ruaigfí thar sáile amach an córas Gallda. Is ansin agus ansin amháin, a d’fheicfí “fíor-athbheochan theanga na nGael”, a dúirt Connolly.

“But, thank God,” a dúirt sé, “I think that before my eyes are closed in death, I shall see the beginning of the end.”

Fág freagra ar '100 bliain ó shin labhair James Connolly amach faoi amhras an lucht oibre maidir le Conradh na Gaeilge'