10 gcinn de bhronntanais Nollag atá le seachaint!

Bíonn fáilte againn ar fad roimh fhormhór na bhféiríní a fhaigheann muid mar bhronntanais faoi Nollaig ach tá cuid acu gur cheart a bheith amhrasach fúthu

10 gcinn de bhronntanais Nollag atá le seachaint!

Tá comhairle faoi bhronntanais Nollag le fáil i bhfad agus i ngearr faoi láthair i nuachtáin,  in irisí agus ar shuíomhanna gréasáin ach is malairt scéil ar fad atá agamsa anseo – moltaí faoi na bronntanais Nollag ba cheart a sheachaint. Tharla sé dúinn ar fad in imeacht na mblianta gur tugadh bronntanais dúinn a bhí mí-oiriúnach, gránna nó nár déanamh aon mhachnamh ceart orthu ó dhaoine nárbh fhiú leo beagán ama a chaitheamh nó roinnt samhlaíochta a úsáid agus rogha á déanamh acu.

Seo chugaibh, mar sin mo chomhairle faoi bhronntanais gur cheart iad a sheachaint mar gur beag buíochas a thuillfeadh tú ón té ar a mbronnfaí iad.

 

Bailiúcháin saorga d’earraí cúram cnis

Feiceann tú i mbeagnach gach siopa iad…trí bhuidéal éagsúil i mbeartán, lóis tónála nó lóis don fholcadán nó don cholainn, b’fhéidir. Bíonn siad saor, gránna agus go minic gan mhaith agus is iondúil nach mbainfear aon úsáid astu. Bíonn daoine meallta ag an bpacáistiú, ag líon agus méid na mbuidéal agus creideann siad go ndéanfaidh sin bronntanas deas “do dhuine éigin”. Ní rachfaí á roghnú seo d’aon ghnó nó go speisialta do dhuine ar leith ach d’úsáidfí iad don té gur ceapadh go raibh dualgas ort “rud éigin” a fháil dóibh. Seachain iad!

 

Dhá bhuidéal fíona i mbosca adhmaid

Is breá liom féin gloine dheas fíona anois is arís ach ní bheadh mórán fáilte agam roimh an dá bhuidéal fíona, ceann dearg agus ceann geal – an chuid is saoire de chuid na Spáinne go minic – a bhíonn curtha le chéile i mboiscín adhmaid le cuma na maitheasa a chur orthu. Cuir síoda ar ghabhar agus is gabhar i gcónaí é, a deirtear agus is mar sin a bhíonn sa chás seo. Is iondúil gur duine nach n-ólann fíon a dhéanfadh an rogha seo mar bhronntanas. Rogha shaor agus suarach go leor, go minic.

 

Dearbháin

Ní thagann an Nollaig ach uair amháin sa mbliain agus cinnte le Dia is féidir linn a bheith ag súil le níos mó samhlaíochta agus cruthaitheachta ná dearbháin mar bhronntanas. Seans go bhfuil daoine ann gur breá leo an tsaoirse a thugann dearbhán dóibh le bronntanas dá rogha féin a phiocadh, go háirithe ó dhuine nach bhfuil cáil na samhlaíochta air, ach fós féin, is beag iontas ná draíocht a bhaineann le dearbhán ag tráth na Nollag. Tá leigheas an-simplí air sin – beagán taighde agus samhlaíochta.

 

Fo-éadaí

Is beag rud atá níos pearsanta ná na fo-éadaí a chaitheann duine agus níl sé inmholta iad a roghnú do dhuine ar bith eile. Tá ceisteanna bunúsacha faoi stíl, brandaí agus méid i gceist, ar ndóigh, ach thairis sin bíonn an rogha ag brath go hiomlán ar a dtaitníonn le duine. Airgead amú é fo-éadaí a thabhairt mar bhronntanas ach i gcásanna an-eisceachtúil go deo mar gur dócha go bhfanfaidh siad gan chaitheamh in íochtar an tarraiceáin. Bheadh péire deas pitseámaí féin níos fearr ná sin.

 

Cumhrán nó lóis iarbhearrtha

Níl mórán draíochta ag baint le buidéal breise a fháil don Nollaig den chumhrán nó den lóis iarbhearrtha (más fear thú) a bhíonn á úsáid agat go rialta. Tá sé beagán níos fearr ná buidéal a fháil de bhranda éigin nár chuala tú trácht riamh air nó nár thriail tú roimhe sin ach ní bhfaighfeá le tuiscint as ceachtar de na roghanna sin gur caitheadh mórán ama i mbun machnaimh ort. Ach beidh na buidéilíní cumhráin agus lóis iarbhearrtha á gceannach go tiubh arís i mbliana, go háirithe acusan gur fearr leo an tsimplíocht seachas an tsamhlaíocht. 

 

   

Léine agus carbhat le chéile

Ó tharla muid a bheith ag tagairt do lóis iarbhearrtha agus na fir, níor mhiste rogha amháin de bhronntanais a chur as an áireamh ar an bpointe – an pacáiste sin sna siopaí éadaí ina mbíonn léine agus carbhat roghnaithe roimhe ré mar shladmhargadh. Más gá léine agus carbhat a phiocadh, ar a laghad roghnaigh léine a thaitneoidh leis an duine atá i gceist agus carbhat ar leith a thuigeann tú féin a fheilfeadh don rogha sin. Níor cheart léine agus carbhat a roghnú mura bhfuil tuiscint agat ar an gculaith nó an seaicéad a bheidh á gcaitheamh leo, riail bhunúsach i gcúrsaí stíle í sin.

 

Bronntanas a bhí ina mhargadh maith

Seans maith gur ar ‘Black Friday’ a ceannaíodh é agus go raibh cúis amháin lena cheannach – gur margadh iontach a bhí ann – laghdú 60% ar an ngnáthphraghas. Ach níor ceannaíodh do dhuine ar leith é agus seans maith gur ceannaíodh péire nó trí cinn acu mar nach “ngabhfaidh siad amú”. Ach mura bhfuil ceangal ar bith idir an rogha agus an duine atá leis an mbronntanas a fháil is deacair a bheith ag súil go mbeidh mórán fáilte roimhe. Ní margadh ar bith é bronntanas nach mbeidh aon éileamh air.

 

Bronntanas gur tábhachtaí an pacáistiú ná an féirín féin

Níl mórán rudaí níos measa ná a bheith ag oscailt bronntanas a bhfuil maisiúchán álainn déanta ar an bpacáistiú agus ar an gcur i láthair ach gur beag fiúntas nó tairbhe atá sa bhféirín féin. Díomá agus míshásamh a bheidh mar thoradh ar an gcineál seo cleasaíochta agus is ceart é a sheachaint. Is fearr go mór drochphacáistiú ar bhronntanas deas ná an cur i gcéill a bhaineann leis an rogha eile.

 

Bronntanais grinn

Tá áit ann don ghreann ach ní tráth grinn í an Nollaig le bronntanas seafóideach a thabhairt do dhuine. Magadh agus masla a bheadh mar thoradh air sin agus níl ach aon chás amháin go mbeadh sé inmholta nó ceadaithe – go mbeadh bronntanas iontach agus álainn eile mar chomhluadar ag an mbronntanas grinn! 

 

An bronntanas bréige

Seo an bronntanas a thugtar do dhuine ach go dtuigtear gur mó an úsáid agus an buntáiste a bhainfidh an té a thug an bronntanas as an bhféirín ná an té a fuair é; an ‘box-set’ sin de scannáin bhleachtaireachta nó de scéalta grá, an dá ticéad don chluiche rugbaí – tá iliomad samplaí ann de bhronntanais nach bronntanais iad i ndáiríre ach meascán den mhasla, den mhagadh agus den chur i gcéill.

Gúim go bhfaighe léitheoirí Tuairisic.ie ar fad mianta a gcroí mar bhronntanais an Nollaig seo.

Fág freagra ar '10 gcinn de bhronntanais Nollag atá le seachaint!'

  • antaine

    Bhuel bheadh faitíos orm bronntanas ar bith a cheannach do dhaoine áirithe d’éis an méid sin a léamh@

  • Diarmuid

    Beagáinín thar fóir, ní cheannófá puinn dá leanfá an chomhairle seo! Ní iontach an t-alt seo!