1% de tvuíteanna an HSE agus na Roinne Sláinte i nGaeilge in ainneoin gealltanais go n-úsáidfí an teanga níos minice

Dúirt Robert Watt, Ard-Rúnaí na Roinne Sláinte, agus Paul Reid, Príomhfheidhmeannach an HSE, le coiste Oireachtais an tseachtain seo go rabhadar tiomanta a ndualgais reachtúla i leith na Gaeilge a chomhlíonadh

1% de tvuíteanna an HSE agus na Roinne Sláinte i nGaeilge in ainneoin gealltanais go n-úsáidfí an teanga níos minice

Agus iad os comhair polaiteoirí i dTeach Laighean an tseachtain seo, d’admhaigh na státseirbhísigh is sinsearaí sa Roinn Sláinte agus i bhFheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte gur fágadh an Ghaeilge ar lár le linn na paindéime Covid-19. 

Bhí ceachtanna foghlamtha, áfach, agus chinnteofaí feasta go dtabharfaí aitheantas cuí don Ghaeilge agus go mbeadh sí níos feiceálaí sa teagmháil idir na húdaráis sláinte agus an pobal.

“Tá sé ar ár gcumas anois gnó na Roinne go léir a dhéanamh trí Ghaeilge nó Béarla, de réir mar a theastaíonn,” a dúirt Robert Watt, Ard-Rúnaí na Roinne Sláinte i ráiteas nár cuireadh ar fáil i nGaeilge do Choiste Oireachtais na Gaeilge.

Dúirt Watt go raibh a Roinn tar éis dul i ngleic leis na botúin go léir a rinne an Roinn i leith na teanga le linn na paindéime ach go raibh “gach iarracht” déanta anois na dualgais teanga atá ar an Roinn a chomhlíonadh.

Mhaígh Watt go mbíonn an Roinn ag scaipeadh comhairle sláinte phoiblí i nGaeilge “go rialta” ar na meáin shóisialta.

Léiríonn anailís atá déanta ag Tuairisc ar chuntas Twitter na Roinne, áfach, nach bhfuil ach aon teachtaireacht amháin i nGaeilge seolta ag an Roinn Sláinte le mí anuas.

Seoladh 99 tvuít ón gcuntas @roinnslainte idir 1-31 Márta agus ceann amháin acu sin a bhí i nGaeilge, 1%.

B’amhlaidh an cás le cuntas Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte. Dúirt Paul Reid i dTeach Laighean gur glacadh le “go leor deiseanna” chun fógraíocht agus eolas a chur ar fáil i nGaeilge le linn na paindéime, na meáin shóisialta san áireamh.

Bhí níos lú ná 1% de na teachtaireachtaí a seoladh ar @HSELive mí an Mhárta i nGaeilge, áfach. Den bheagnach 600 tvuít a seoladh ón gcuntas an mhí seo caite, sé cinn a bhí i nGaeilge.

Is díol suntais go raibh Seachtain na Gaeilge á reáchtáil ar feadh cuid mhaith den mhí freisin, idir 1-17 Márta.

Nuair a bhí ionadaithe ón HSE os comhair Choiste Gaeilge an Oireachtais mí na Samhna seo caite, tugadh le fios go raibh 51 tvuít ar fad aistrithe go Gaeilge ag Seirbhís Ghaeilge an HSE ó thús na paindéime.

Mhaígh Paul Reid an tseachtain seo freisin go raibh 108 leathanach d’ábhar Covid ar fáil i nGaeilge ar shuíomh gréasáin an HSE. B’in an líon céanna a bhí curtha ar fáil nuair a bhí an eagraíocht os comhair an choiste sé mhí ó shin.

Tugadh le fios go raibh obair ar bun chun tuilleadh eolais faoin Covid agus faoin vacsaín a chur ar fáil i nGaeilge agus go mbeadh sé sin curtha i gcrích faoi mhí na Bealtaine.

Ag an gcruinniú an tseachtain seo, dúirt Paul Reid go raibh “lúcháir” air go raibh an tairseach ar líne don chlár vacsaínithe in aghaidh an Covid-19 ar fáil i nGaeilge anois agus gur féidir clárú le coinne tástála a fháil i nGaeilge freisin. Ón chéad lá Feabhra 2022 atá an leagan Gaeilge den tairseach vacsaíní ar fáil, a dúradh, sin deich mhí tar éis don HSE an leagan Béarla a sheoladh mí Aibreáin 2021.

In ainneoin “leithscéal ó chroí” a bheith gafa ag an Roinn Sláine anuraidh as “éagóir” a dhéanamh ar an nGaeilge le linn na paindéime, d’úsáid Robert Watt aistriúcháin de ráitis  an Phríomh-Oifigigh Leighis, an Dr Tony Holohan, mar shampla den obair a bhí an Roinn a dhéanamh sa Ghaeilge. Dúirt Watt gur cuireadh na ráitis ar fáil ar shuíomh na Roinne i nGaeilge agus i mBéarla “chomh luath agus a d’fhéadfaí”.

Is ó aimsir na Nollag atá ceann de na ráitis is deireanaí ón Dr Holohan ar shuíomh na Roinne agus é ag caint ar an mbaol a bhain le scaipeadh an cineál Omicron den víreas agus comhairle tugtha aige don phobal áiteanna plódaithe a sheachaint agus laghdú a dhéanamh ar theagmhálacha. Foilsíodh an leagan Béarla den ráiteas ar an 26 Nollaig, níor cuireadh an leagan Gaeilge ar fáil go dtí an 10 Eanáir 2022, breis is coicís ina dhiaidh sin.

Tá cáineadh go leor déanta ar na húdaráis sláinte agus ar an rialtas as teip an stáit eolas agus seirbhísí faoin bpaindéim Covid-19 a chur ar fáil i nGaeilge. I mBéarla amháin a bhí formhór an eolais a foilsíodh faoin ngéarchéim nuair a thosaigh sí agus is minic go mbíonn moill ar aon ábhar i nGaeilge, má fhoilsítear in aon chor é.

Ar cheann de na conspóid a bhain le heolas a chur ar fáil i nGaeilge, bhí scéal go raibh an leagan Gaeilge de shuíomh an Rialtais ag tabhairt le fios go raibh srianta Leibhéal 3 fós i bhfeidhm sa stát, cé go raibh srianta Leibhéal 5 tugtha isteach ag an Rialtas ag an am. Tugadh le fios nach raibh aon uasdátú déanta ar an leagan Gaeilge de shuíomh an Rialtais le ceithre mhí roimhe sin.

In 2020, chinn an HSE gan fógraí faoin bpaindéim a chraoladh i nGaeilge toisc dar leo go bhfuil an Ghaeilge níos foclaí ná an Béarla agus go mbeadh na fógraí 35% níos costasaí dá bharr.

Bhí conspóid eile ann anuraidh nuair a rinneadh praiseach d’ainmneacha Gaeilge agus den aistriúchán ar na Teastais Dhigiteach COVID.

Fág freagra ar '1% de tvuíteanna an HSE agus na Roinne Sláinte i nGaeilge in ainneoin gealltanais go n-úsáidfí an teanga níos minice'

  • Antóin

    Nuair a bheas gceist na bhfógraí Gaeilge socraithe i FSS b’fhéidir go dtabharfaidh siad faoi na liostaí feithimh. Ina measc tá 90,000 páiste ag fanacht idir bliain agus ceithre bliana le dul faoi scian agus cuid acu le spina bifida orthu.

  • Peadar

    An bhfuil Oifigeach Gaeilge ag FSS? Cad a dhéanann an duine sin?