Fógraí Gaeilge faoi Covid-19 níos foclaí agus 35% níos costasaí dá réir – HSE

Níor chaith an HSE ach 1.5% dá mbuiséad fógraíochta ar fhógraí teilifíse agus raidió Gaeilge le linn na paindéime

Fógraí Gaeilge faoi Covid-19 níos foclaí agus 35% níos costasaí dá réir – HSE

Chinn an HSE gan fógraí faoin bpaindéim a chraoladh i nGaeilge toisc dar leo go bhfuil an Ghaeilge níos foclaí ná an Béarla agus go mbeadh na fógraí 35% níos costasaí dá bharr.

Thug Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte an méid sin le fios i ndiaidh d’urlabhraí Gaeilge Shinn Féin, an Teachta Dála Aengus Ó Snodaigh, fiosrúchán a dhéanamh faoina laghad ábhar Gaeilge a chuir na húdaráis sláinte amach ó thús na paindéime.

Thug an HSE le fios gur chuimhnigh siad ar fhógraí teilifíse agus raidió a chraoladh i nGaeilge ar na stáisiúin raidió Bhéarla ach gur shocraigh siad nach mbeadh ciall leis sin mar phlean.

“Fuaireamar amach, áfach, toisc go bhfuil aistriúcháin Ghaeilge níos faide ná an leagan Béarla, go mbeadh  costas breise thart ar 35% air seo agus go mbeadh plean ceannaigh ar leith de dhíth chun fógraí d’ fhaid éagsúla a cheannach.

“De bharr na gcúinsí seo agus de bhrí nach bhfuil sé de dhualgas orainn faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla é seo a dhéanamh ghlac muid leis nach raibh feidhm dúinn é seo a dhéanamh agus nach bhfaigheadh muid an luach airgid is fearr dá gcaithfí airgead poiblí mar seo ar na meáin le linn tréimhse na ráige,” a dúradh i bhfreagra an HSE ar cheisteanna an Teachta Ó Snodaigh.

Maidir leis na fógraí faoin bpaindéim a craoladh i nGaeilge, léiríonn figiúirí a chuir an HSE ar fáil nár caitheadh ach €21,333 den  beagnach €1.39 milliún a íocadh ar fhógraí raidió agus teilifíse ar fhógraí Gaeilge.

Ar fhógraí teilifíse ar TG4 amháin a caitheadh an €21,333 sin, a dúradh. Tugadh le fios go raibh sé fhógra teilifíse i gceist idir Márta-Meitheamh agus go raibh leaganacha éagsúla de chuid de na fógraí sin ann de réir mar a tháinig athrú ar an eolas faoin Covid-19. Dúradh gur aistríodh ceithre fhógra go Gaeilge.

Níor chaith an HSE pingin ar bith ar fhógraíocht i nGaeilge a dhéanamh ar an raidió.

Deich bhfógra raidió éagsúil faoi shé ábhar sláinte phoiblí éagsúla a craoladh ar 37 stáisiún idir mí an Mhárta agus mí an Mheithimh. Bhí na fógraí sin ar fad i mBéarla. Deir an HSE gur tugadh le fios dóibh nach bhféadfaí na fógraí a chraoladh ar RTÉ Raidió na Gaeltachta mar “nach bhfuil a gcuid ama craolta ar fáil ar bhonn tráchtála d’fhógróirí a íocann táille”.

€75,000 a chaith an HSE ar fhógraíocht ar na meáin shóisialta faoin bpaindéim Covid-19 ach níor caitheadh oiread agus pingin amháin de sin ar fhógraí Gaeilge.

I nGaeilge a bhí 25 den 599 postáil faoin Covid-19 a d’fhoilsigh an HSE ar Twitter. I nGaeilge a bhí dhá cheann den 104 postáil faoin bpaindéim a chuir siad ar Facebook agus i mBéarla a bhí an 76 postáil a cuireadh ar Instagram.

Níl ach 29 leathanach d’ábhar a bhaineann leis an gcoróinvíreas  foilsithe i nGaeilge ar HSE.ie.

Mhaígh an HSE gur amharcadh “ar an leagan Gaeilge” 2,897 uair “ó foilsíodh é” cé nach léir cad a bhí i gceist acu leis an ‘leagan Gaeilge’ nuair nach raibh ach fíorbheagán d’ábhar an tsuímh ar fáil i nGaeilge. Dúradh gur tugadh 14 milliún cuairt ar an ábhar faoin choróinvíreas i mBéarla.

“Ba é cuspóir an fheachtais ar íoc FnaSS as ar na meáin, lena n-áirítear Teilifís agus Raidió, le linn ráig  COVID 19 ná teachtaireachtaí sláinte poiblí a bhí ríthábhachtach agus a bhí ag síorathrú a chur ar fáil d’oiread den daonra agus ab fhéidir.

“Tá dualgas orainn freisin an luach is fearr a fháil ar airgead poiblí nuair a bhíonn muid i mbun cumarsáide poiblí chun sláinte daoine a chosaint. Nuair a bhí na cainéil á roghnú againn chun é seo a bhaint amach, ghlac muid comhairle ónár ngníomhaireacht meáin maidir leis na cainéil a úsáideann grúpaí sa phobal agus an costas a bhaineann leis seo.”

Thug an HSE le fios go raibh siad an-sásta leis an tslí ar éirigh lena bhfeachtas fógraíochta poiblí tráth a raibh “fíorbhrú” orthu.

Thug  an Rialtas uile, ár gcomhghleacaithe san earnáil phoiblí agus  eagraíochtaí agus gnóthais phríobháideacha tacaíocht dúinn. Táimid buíoch do gach duine a chuidigh linn ár gcomhairle sláinte a mhúnlú, a fhoilsiú agus a roinnt ag an am seo, agus tá áthas orainn gur thuill muid muinín agus comhoibriú an phobail atá ag déanamh a ndíchill chun srian a chur leis an víreas agus daoine a chosaint,” a dúradh i bhfreagra an HSE.

Dúradh chomh maith gur bhraith an HSE go raibh dualgas orthu bheith istigh a thabhairt do chách ina bhfeachtas.

“I dtréimhse ar leith seo an choróinvíris bhí fíorbhrú ó thaobh ama orainn agus muid ag dul i mbun ár gcuid oibre fógraíochta agus cumarsáide. D’airigh muid freisin go raibh an-fhreagracht orainn agus go gcaithfeadh muid a bheith chomh hionchuimsitheach agus ab fhéidir linn, maidir le teangacha agus leagan amach ionas go mbeadh sé éasca ag daoine le riachtanais éagsúla an t-eolas a fháil.”

Dúradh go rabhthas “sásta glacadh le haon aiseolas” maidir leis an bhfeachtas cumarsáide faoin COVID-19 agus “oibriú le gach grúpa sa tsochaí lena chinntiú nach bhfágtar daoine ar lár agus cumarsáid á déanamh leis an oiread daoine agus is féidir”.

Fág freagra ar 'Fógraí Gaeilge faoi Covid-19 níos foclaí agus 35% níos costasaí dá réir – HSE'

  • Agus Sin Sin

    Seafóid! Níor bhuail mé riamh le aistritheoir a bhunaíonn a rataí aistriuchain ar an leagan aistrithe de chaipéis. Bunaítear an rata ar an líon focal sa mbuntéacs. Ní fheicim ach aon bhealach amhain go bhféadfadh costais bhreithe bheith bainteach leis so- praghas i gcomhair clóbhualadh. Ach baineann sin leis na clódóirí. Ta an HSE ag cur an millean ar chursaí aistriuchain nuair nar cheart.

  • Breathnóir1

    Chonaic mé roinnt fógraí faoi Covid-19 ar TG4 ach ba i mBéarla a bhí siad, rud a chuir iontas orm.
    Bhí an rialtas ábalta fógraí a chur ar fáil ar TG4 i nGaeilge maidir le reifrinn a reáchtáileadh roimhe seo, mar shampla.
    Níl cúis ar bith nach bhféadfaí a leithéid a dhéanamh sa chás seo, ach amháin má tá meon frithGhaeilge i bhfeidhm sa Roinn Sláinte. An dtiocfadh leis gur sin an fhadhb atá ann?
    Agus an ndearnadh soláthar ar bith do dhaoine as tíortha eile nach bhfuil Béarla ar a dtoil acu? Ar cuireadh ábhar ar fáil i bPortaingéilis, i Sínis, i bPolainnis srl?

  • Pádraig

    A leithéid de sheafóid. Ba cheart go mbeadh dualgas ar an HSE fógraíocht a dhéanamh i nGaeilge, go háirithe i gcás géarchéim sláinte poiblí! Cén fáth nach dtagann a leithéid faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla?! Ábhar machnaimh don athbhreithniú atá ar na bacáin (le blianta fada)…