Turas staire speisialta tugtha ar Oileán Ghabhla

Thug Cumann Staire agus Seanchais Dhún na nGall cuairt ar an oileán agus iad ag tabhairt cuairte i mbliana ar láithreacha a raibh baint acu le hÉirí Amach na Cásca 1916

gabhla 8
Pictiúr: Dónal Ó Gallchóir

Bhí Oileán Ghabhla faoi bhrat fearthainne agus ceo Dé Domhnaigh nuair a thug baill de Chumann Staire agus Seanchais Dhún na nGall cuairt ar an oileán.

Seo tús curtha ag an Chumann le turais an tsamhraidh ar láithreacha stairiúla i nDún na nGall, agus i mbliana tá an Cumann ag tabhairt cuairte ar láithreacha a raibh baint éigin acu le hÉirí Amach na Cásca 1916.

Thaistil os cionn 70 ball den Chumann ar bhád farantóireachta ‘An Cricket’ ón ché ar an mórthír chuig an oileán.

Pictiúr: Dónal Ó Gallchóir
Pictiúr: Dónal Ó Gallchóir

Ba í Peg Bean Mhic Suibhne, as Gaoth Dobhair ach arbh as Gabhla a fear céile, an príomhthreoraí don turas, agus labhair sí ar an ché faoi stair an oileáin, na tithe a tógadh ann agus tionscal na hiascaireachta ar ar mhair na daoine.

Shiúil an grúpa go Teach Shéarlas Ó Dúgáin (An Dúgánach) duine de bheirt as Gabhla a bhí ar an Asgard, luamh a thug gunnaí ón Ghearmáin go Binn Éadair i 1914.

Ag Mullach an Aird, i lár an oileáin, thug Vincent Ó Breisleáin, údar an leabhair Gunrunning caint faoin Dúgánach agus Páidí Mac Fhionnlaoich agus a mbaint leis an Asgard.

gabhla 4
Pictiúr: Dónal Ó Gallchóir

Labhair Uachtarán an Chumainn, Lochlann McGill, freisin agus leag sé bláthfhleasc ag leacht an Asgard ar an ard.

Chruinnigh an scaifte ansin i dteach Evelyn Nic Suibhne, áit a raibh tae agus sólaistí agus briseadh ón bháisteach.

Rachaidh an cumann ar cuairt go Fort Dunree in Inis Eoghain an deireadh seachtaine seo chugainn.

gabhla 2
Pictiúr: Dónal Ó Gallchóir

Fág freagra ar 'Turas staire speisialta tugtha ar Oileán Ghabhla'