Tuairimí an phobail á lorg ag Foras na Gaeilge maidir le hionaid Ghaeilge ar fud na tíre a mhaoiniú

Tá tuairimí á lorg ag an bhForas faoi mholtaí éagsúla, ina measc go gcuirfí uasmhéid de €70,000 ar fáil d’ionaid Gaeilge ar fud na tíre agus go mbeadh maoiniú laghdaithe dá réir ag Cultúrlann McAdam Ó Fiaich agus Gaeláras Uí Chanáin

Tuairimí an phobail á lorg ag Foras na Gaeilge maidir le hionaid Ghaeilge ar fud na tíre a mhaoiniú

Tá tuairimí an phobail á lorg ag Foras na Gaeilge maidir le hionaid Ghaeilge a mhaoiniú ar fud na hÉireann. D’fhógair an Foras inniu go bhfuil tús á chur le próiseas comhairliúcháin maidir le maoiniú a chur fáil d’ionaid Ghaeilge fud fad na tíre. Tá roghanna éagsúla á gcur faoi bhráid an phobail ag an bhForas mar chuid den phróiseas comhairliúcháin a mhairfidh dhá mhí.

Tá na moltaí á lorg ag an bhForas agus fonn orthu “freastal níos straitéisí agus níos leithne ar ionaid Ghaeilge” nua ó thuaidh agus ó dheas. ní scéim chaipitil a bheadh i gceist ag an bhForas ach scéim a chuirfeadh maoiniú ar fáil “do thionscadail amháin”.

Níl aon scéim ag an bhForas faoi láthair le maoiniú a chur ar fáil d’ionaid Ghaeilge ach cuireann siad £223,000 san iomlán in aghaidh na bliana ar fáil do Chultúrlann McAdam Ó Fiaich i mBéal Feirste agus do Ghaeláras Uí Chanáin i nDoire. 

Deir an Foras go bhfuil beagnach £4.45 milliún ar fad tugtha acu don dá ionad sin, an t-aon dá ionad a fhaigheann a leithéid de mhaoiniú ón eagraíocht trasteorann.

I gcáipéis chomhairliúcháin a d’fhoilsigh an Foras inniu, lorgaítear tuairimí an phobail faoi mholtaí éagsúla, ina measc go gcuirfí uasmhéid de €70,000 (£50,000) ar fáil d’ionaid Ghaeilge ar fud na tíre agus go mbeadh maoiniú laghdaithe dá réir sin ag an dá Chultúrlann ó thuaidh, Cultúrlann McAdam Ó Fiaich agus Gaeláras Uí Chanáin.

Luaitear mar rogha freisin go mbeadh maoiniú ar fáil d’ionaid eile ar an mbonn céanna le an dá chultúrlann ó thuaidh “ag brath ar mhaoiniú breise ó na Ranna i mbuiséad Fhoras an Gaeilge”.

Rogha eile a bheadh ann, de réir na cáipéise, ná an buiséad don scéim nua “a aimsiú ó fhoinsí eile laistigh de bhuiséad Fhoras na Gaeilge” agus leanúint leis na “socruithe maoinithe reatha don dá Chultúrlann”.

Deirtear chomh maith go bhféadfaí an maoiniú bliantúil don dá chultúrlann ó thuaidh a laghdú thar thréimhse trí bliana (2018-2021), chun maoiniú a chur ar fáil do scéim úr Ionaid Ghaeilge.

Rogha eile a luaitear ná “gan scéim úr a reáchtáil agus leanúint den socrú reatha maoinithe leis an dá Chultúrlann” ó thuaidh.

Luaitear i gcáipéis an Fhorais go bhfuil ionaid Ghaeilge nua oscailte in Áth na Long, Béal Feirste, Carn Tóchair, Cromghlinn agus Iúr Cinn Trá agus go bhfuil ionaid eile á bhforbairt in Ard Mhacha, Baile na Croise, Dún Geimhin, Gleann an Iolair, Léim an Mhadaidh agus Machaire Rátha,   

Tá ionaid Ghaeilge ó dheas, nach bhfuil Foras na Gaeilge ag cur maoiniú ar fáil dóibh in áiteanna leithéid Chorcaí agus Luimnigh, agus tá ionaid nua á bhforbairt i dTamhlacht agus i mBaile Locha Riach. 

Luaitear chomh maith Áras Chrónáin i mBaile Átha Cliath, Áras na nGael i nGaillimh, An Carn i gcontae Dhoire, Dún Mhuire i Tiobraid Árann, agus cúig cinn d’ionaid i mBéal Feirste – An Droichead, Béal Feirste, Ionad Uíbh Eachach, Áras Mhic Goill agus Áras Mhic Reachtain.