‘Tá mé críochnaithe anois le Puddle Ducks’ arsa an leaid óg

Tá ag éirí go breá leis an leaid óg sa réamhscoil ach b'fhéidir go bhfuil rud nó dhó le foghlaim fós aige...

‘Tá mé críochnaithe anois le Puddle Ducks’ arsa an leaid óg

Ceapaim go mb’fhéidir gur scanraigh mé an t-anam as an leaid beag an lá cheana. ‘Tá mé  críochnaithe anois le Puddle Ducks,’ a d’fhógair sé tráthnóna is muid ag siúl abhaile ón réamhscoil. Níl sé críochnaithe le Puddle Ducks ná baol air, níor thosaigh sé go dtí an lá cheana.

‘Tuige a gceapfá go mbeifeá críochnaithe anois le Puddle Ducks?’ a d’fhiafraigh mé de. ‘Cheap mé gur thaitin sé leat.’

“Tá chuile shórt foghlamtha anois agam,” a d’inis sé dom go húdarásach.

Níl mé a’ rá nach bhfuil go leor foghlamtha aige ó thús na bliana. Tá sé cinnte dearfa in ann comhaireamh suas go dtí a trí. Níl sé imithe mórán thairis sin, áfach, mar go bhfuil bá ar leith aige leis an uimhir trí, ‘sin é m’aois’ a déarfaidh sé agus éireoidh sé as an gcomhaireamh.

Tá brath orm an rud céanna a dhéanamh le m’aois féin ach b’fhéidir go bhfuil mé rómhall leis an bplean sin is gur cheart dom a bheith éirithe as an gcomhaireamh i bhfad ó shin.

Níl aon dabht ach go bhfuil a chuid ABCs aige. Tá ’LMNOP’ aige chomh maith, níl mé a’ rá go bhfuil siad baileach san ord ceart, ach tá siad aige. Is tá mé a’ cheapadh gur chuala mé XYZ aige an lá cheana chomh maith, nó rud éicint mar é.

Tá’s a’m go bhfuil na dathanna ar eolas aige agus tá sé siúráilte cinnte in ann googly eyes a ghreamú de dhuilleog.

Fós fhéin, b’fhéidir go bhfuil rud nó dhó le foghlaim fós aige.

Ach, mura gcuimhneofá i do shaol ar fad ach ar an gcomhairle a cuireadh ort is tú trí bliana d’aois, ní bheifeá ródhona:

Ná bíodh aon fhaitíos ort a fhiafraí cá bhfuil an leithreas.

Téann do threabhsar ort ar dtús, ANSIN do bhróga.

Bí ag roinnt.

An té atá go maith duit, bí go maith dó.

Ná ligh an gliú.

Abair ‘más é do thoil é’ agus ‘go raibh maith agat’.

Ná tabhair sróinín smaoiseach ar aon duine.

Fan glan ar an té a thabharfadh sróinín smaoiseach ort.

Ná ligh an gliú (is fiú é a rá faoi dhó).

Nigh do lámha le gallúnach AGUS uisce.

‘Bhuel, beidh tú píosa eile i bPuddle Ducks,’ a dúirt mé leis. ‘Ansin gabhfaidh tú ag an naíonra, isteach sna naíonáin bheaga, chomh fada le rang a sé, ansin, le cúnamh Dé, gabhfaidh tú ag an meánscoil, déanfaidh tú cúig bliana ansin agus cá bhfios, b’fhéidir go ngabhfá ag an ollscoil ina dhiaidh sin.’

‘Hea?’ a dúirt sé agus bhreathnaigh mé síos air is chonaic mé scáth agus faitíos ina éadainín beag a bhí gealgháireach dhá nóiméad roimhe sin.

Bhuail sórt scáth agus faitíos mé fhéin nuair a chuimhnigh mé ar an whole lot curtha i ndiaidh a chéile amach romhainn.

‘Ó, tada,’ a dúirt mé. ‘Abair liom, céard a rinne sibh ag Puddle Ducks inniu?’

Fág freagra ar '‘Tá mé críochnaithe anois le Puddle Ducks’ arsa an leaid óg'