A gcás tugtha suas, beagnach, ag innealtóirí Chomhairle Chontae na Gaillimhe agus stop curtha le forbairt bóthair i gConamara

Tuigtear go bhfuil a gcás tugtha suas, beagnach, ag innealtóirí Chomhairle Chontae na Gaillimhe tar éis don Bhord Pleanála diúltú don phlean forbartha don bhóthar idir an Teach Dóite agus an Clochán

tombeeola-clifden-road

Is ar éigean go mbeifear in ann forbairt ar bith a dhéanamh ar an N59 – an bóthar is airde stádais i gConamara – as seo amach, seachas sclaigeanna a choinneáil líonta. Tuigtear go bhfuil a gcás tugtha suas, beagnach, ag innealtóirí Chomhairle Chontae na Gaillimhe tar éis don Bhord Pleanála diúltú don phlean forbartha don bhóthar idir an Teach Dóite agus an Clochán. 

Bhí na blianta caite ag an gComhairle Contae agus ag an Údarás um Bóithre Náisiúnta ag réiteach an iarratais ar chead forbartha le haghaidh an stráice sin – os cionn 30 ciliméadar. Tá sé ráite go minic go bhfuil an N59 i gConamara ar an mbóthar is measa dá chineál sa tír uilig. Ach, ní raibh an Bord Pleanála sásta glacadh leis an bplean forbartha a cuireadh os a chomhair ar chúiseanna timpeallachta.

Cé gur bhuail an Bord Pleanála cois ar an iarratas, dúradh i meamram a cuireadh leis an gcáipéis diúltaithe go raibh an Bord fabhrach, den chuid is mó, do na mianta a bhí san iarratas ar fhorbairt an bhóthair. 

Glacadh leis go raibh an plean forbartha ag teacht leis an bpolasaí forbartha náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil. Dúirt an Bord go raibh an t-iarratas ag teacht le caighdeáin innealtóireachta agus sábháilteachta ó thaobh bhail an N59 de agus dúradh go ndéanfadh an plean forbartha leas don phobal, ach rinneadh an cinneadh nach bhféadfaí an fhorbairt ar an mbóthar a cheadú de bharr go bhfuil talamh caomhnaithe in aice láithreach.

Luaitear i ráiteas an Bhoird Pleanála go bhfuil ceithre cinn de Cheantair Speisialta Caomhnaithe – SACanna – buailte ar an mbóthar idir an Teach Dóite agus an Clochán; ní féidir a bheith cinnte, a dúradh, nach ndéanfadh an fhorbairt a bhí beartaithe ar an N59 dochar éigin do na SACanna sin.

  

Dá réir sin, b’éigean, a dúradh, an t-iarratas ar chead forbartha a chaitheamh amach. Bhain an cinneadh stangadh as innealtóirí Chomhairle Chontae na Gaillimhe agus tá ionadaithe pobail corraithe faoin scéal.

Cinneadh dochreidte atá ann, a deir an tAire Stáit Gaeltachta agus Acmhainní Nádúrtha, Seán Kyne, T.D.   

Dúirt seisean go mba ait an rud é go raibh an Bord Pleanála ag rá gur theastaigh an fhorbairt ar an mbóthar idir an Teach Dóite agus an Clochán ach go rabhthas dá dhiúltú, san am anna. Caithfear an cás seo a throid, a deir an tAire Stáit, Seán Kyne, mar go bhfuil bóthar ceart ó cheann ceann Chonamara ag teastáil go géar.

Dúirt urlabhraí Gaeltachta agus Forbartha Tuaithe Fhianna Fáil, Éamon Ó Cuív, T.D. go bhfuil an cinneadh ag dul ó mheabhair air féin. Sa mullach ar sin, a deir an Teachta Ó Cuív, tá dris chosáin eile ag stopadh na forbartha ar an bpíosa den N59 idir Uachtar Ard agus an Teach Dóite. Sa gcás seo, a deir an Teachta Ó Cuív, tá cead pleanála ann agus tá dhá áisíneacht Stáit in adharca a chéile; níl an tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra sásta scaoileadh ar aghaidh leis an obair idir Uachtar Ard agus an Teach Dóite. Beidh an Teachta Ó Cuív ag cur ceisteanna ar an Aire Forbartha Tuaithe, Gaeltachta, Oidhreachta agus Ealaíon, Heather Humphreys T.D. sa Dáil faoi seo an tseachtain seo chugainn. Tagann an tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra faoi chúram an Aire Humphreys.

Ach beag beann ar na ceisteanna seo uilig, tá sé léirithe go soiléir anois go bhfágann an stádas atá dá thabhairt do SACanna go mbeidh sé geall le bheith dodhéanta aon bhlas den rath a dhéanamh ar an bpríomhbhóthar i gConamara.

Creideann Éamon Ó Cuív, T.D. gur cheart go dtiocfadh Teachtaí Dála Ghaillimh Thiar uilig, an Seanadóir agus Comhairleoirí Contae Chonamara le chéile leis an gcás a throid. 

Ach, má thagann féin, tá bóthar fada rompu – mar atá roimh mhuintir Chonamara.