SRAITH PICTIÚR: Fadhbanna ar Saoire

Sraith Pictiúr na hArdteiste. Iniata chomh maith tá pacáiste gníomhaíochtaí bunaithe ar an tsraith

SRAITH PICTIÚR: Fadhbanna ar Saoire

Físeán

Bileog Oibre

Bileog Oibre

Gníomhaíocht 1 – bí ag éisteacht, scríobh agus ag caint

  • Féach ar bhosca 1 san fhíseán thuas agus éist leis an gcur síos air dhá/trí bhabhta.

  • Déan iarracht an méid a chloiseann tú a scríobh síos. (Mura bhfuil tú in ann abairtí iomlána a scríobh is leor eochairfhocail agus frásaí).   

  • Déan an méid atá scríofa agat a roinnt/a phlé leis an duine in aice leat. An bhfuil sibh in ann teacht ar an gcur síos iomlán?

  • Éist leis an gcur síos arís.

Gníomhaíocht 2 – líon na bearnaí

  • Féach ar bhoscaí 2 agus 3 san fhíseán.
  • Thíos tá cur síos ar bhoscaí 2 agus 3. Déan iarracht na bearnaí a líonadh.

  • Déan do chuid freagraí a roinnt/a phlé leis an duine in aice leat.
  • Éist arís leis an gcur síos ar bhoscaí 2 agus 3. An raibh an ceart agat?

Gníomhaíocht 3 – cuir in ord

Thíos tá cur síos ar bhoscaí 4 agus 5 ón bhfíseán, ach níl na habairtí san ord ceart. An féidir leat iad a chur san ord ceart?

  • Déan do fhreagra a roinnt/a phlé leis an duine in aice leat.
  • Éist leis an gcur síos ar bhoscaí 4 agus 5. An raibh an ceart agat?

Gníomhaíocht 4- bí ag scríobh agus ag caint

  • Déan iarracht cúig líne a scríobh ag déanamh cur síos ar bhosca 6 san fhíseán.
  • Tá roinnt focal/nathanna sa liosta thíos le cabhrú leat.
  • Déan iarracht focail/nathanna/briathra eile a aimsiú ar www.focloir.ie nó www.teanglann.ie.

Gníomhaíocht 5 – bí ag léamh

Léigh an cur síos thíos ar an tSraith Pictiúr.

Gníomhaíocht 6 – bí ag éisteacht

  • Éist leis an gcur síos iomlán ar an tSraith Pictiúr.
  • Ag an am céanna, más maith leat, breathnaigh ar théacs an fhíseáin, atá ag bun an leathanaigh seo.

Gníomhaíocht 7 – ciorcal comhrá

  • Ag úsáid na nótaí (ach gan a bheith á léamh), déan cur síos ar thrí cinn de na boscaí don duine in aice leat. Ansin déanfaidh sé sin cur síos ar na trí bhosca eile. Is féidir seo a dhéanamh cúpla uair le páirtnéirí difriúla.

  • Cuir roinnt de na ceisteanna, atá ag bun an leathanaigh seo, faoi ‘Ceisteanna don Idirghníomhaíocht’, ar a chéile.

  • Déan iarracht ceisteanna nua a chumadh.

Gníomhaíocht 8 – deis taifeadta

  • Déan tú féin a thaifeadadh ag déanamh cur síos ar an tSraith Pictiúr.
  • Éist leis an taifeadadh atá déanta ag daoine eile.

Gníomhaíocht 9 – nathanna cainte: bí ag caint agus ag scríobh

  • Tá go leor nathanna cainte/focail úsáideacha sa téacs thíos. Déan iarracht cuid acu a chur in abairt ó bhéal leis an duine in aice leat.

  • Déan iarracht cuid eile acu a chur in abairt scríofa.

  • Mura dtuigeann tú céard is brí le nath cainte, cuardaigh é ar www.focloir.ie agus www.teanglann.ie.

Gníomhaíocht 10 – céard fút féin?

  • Scríobh cúpla pointe faoi uair éigin gur cheannaigh tú rud éigin agus nach raibh tú sásta leis.

  • Déan iarracht cuid de na nathanna sa téacs thíos a úsáid.

  • Déan focail agus briathra nua a chuardach ar www.focloir.ie agus www.teanglann.ie.

  • Nodanna/Feidhmeanna Teanga: Déan tuairimí a nochtadh agus a lorg, léirigh suim nó easpa suime, tabhair moladh/déan cáineadh.

  • Déan an méid atá scríofa agat a roinnt leis an duine in aice leat.

  • Arís is féidir tú féin a thaifeadh.

 


Fadhbanna ar Saoire

(Téacs an fhíseáin)

 

1) Shuigh Muintir Uí Shé ag an mbord lena laethanta saoire a phlé.

Bhí cinneadh déanta ag na tuismitheoirí gabháil ar saoire thar lear.

Ní dheachaigh siad ar laethanta saoire an bhliain roimhe agus ní raibh said le gabháil an bhliain dár gcionn mar go raibh an ardteist á déanamh ag Seán.

Rinne na tuismitheoirí taighde ar an idirlíon agus chuaigh chun cainte le gníomhaire taistil ag an deireadh seachtaine.

2) Rinne siad cinneadh gabháil go Malaga.

Chuaigh siad chun cainte leis an ngníomhaire taistil agus bhí sí an-chabhrach.

Dúirt sí go raibh ionadaí ag an ngníomhaireacht i Malaga agus go raibh rogha leathan óstán ar fáil dóibh.

Sa deireadh thiar thall, roghnaigh siad óstán a bhí in áit mhaith agus go raibh áiseanna maithe ann.

3) Coicís ina dhiaidh sin, d’ardaigh siad a seolta leo go Malaga.

Thóg sé cúpla uair an chloig orthu ceann scríbe a bhaint amach.

Nuair a thuirling an t-eitleán, chuir ionadaí na gníomhaireachta fáilte ghroíúil rompu.

Bhí an ghrian ag scalladh anuas orthu.

4) Nuair a shroich siad an t-óstán, ba bheag nár thit siad i laige.

Bhí na seomraí ina gcíor thuathail.

Bhí fearg an domhain ar an athair agus thug sé íde béil do bhainisteoir an óstáin.

Ghlaoigh an bhean ar an ionadaí agus d’éiligh sí óstán eile.

5) Ghabh an t-ionadaí leithscéal le Muintir Uí Shé.

Mhínigh sé gur stailc san óstán ba chúis leis an áit a bheith ina praiseach.

Thairg sé óstán nua dóibh.

Thug sé uasghrádú dóibh mar chúiteamh.

Gheall sé dóibh gur óstán den chéad scoth a bheadh ann.

6) Bhí muintir Uí Shé an-sásta san óstán nua.

“Is olc an ghaoth nach séideann maitheas do dhuine éigin” a dúirt an t-athair leis féin agus é sínte ar fhleasc a dhroma ag sú na gréine.

Bhí óstán den scoth agus aimsir bhreá acu.

Bhí siad ar mhuin na muice.

Ceisteanna:

  1. Cé mhéad duine atá sa teaghlach?
  2. Cá bhfuil an teaghlach i mbosca 2?
  3. Cé atá ag caint leis an teaghlach i mbosca 3?
  4. Cá ndeachaigh an teaghlach ar saoire?
  5. Cad is ainm don óstán i mbosca 4?

Fág freagra ar 'SRAITH PICTIÚR: Fadhbanna ar Saoire'