Scrúdú Gaeilge do cháilíocht TEG san Astráil den chéad uair

Thaistil daoine ó áiteanna éagsúla san Astráil go Sydney le tabhairt faoin scrúdú cainte agus scríbhneoireachta.

TEG i Sydney

Rinne 33 duine an scrúdú bonnleibhéil don Teastas Eorpach Gaeilge (TEG) i Sydney na hAstráile ag deireadh na seachtaine seo caite, an chéad uair riamh gur tionóladh na scrúduithe sin an taobh sin den domhan.

Bhí Éireannaigh agus Astrálaigh ó dhúchas ina measc sin a thug faoin scrúdú agus thaistil siad ó chúinní éagsúla den Astráil go Sydney don scrúdú a d’eagraigh Ollscoil na hÉireann, Maigh Nuad. Rinneadh tástáil ar chumas scríbhneoireachta agus ar chumas cainte na ndaoine a thug faoin scrúdú.

Dúirt Artúr de Bastábla, duine acusan a rinne an scrúdú gur “ócáid fhíorstairiúil” a bhí ann dóibh. “Tháinig beirt scrúdaitheoirí as Ollscoil Mhá Nuad chun é a reáchtáil go hoifigiúil” a dúirt sé. Bhí sé den bharúil go raibh seans maith ann go rachfaí chun cinn chuig an chéad leibhéal eile de TEG an bhliain seo chugainn.

Agus iad ag beartú tabhairt faoi scrúdaithe TEG moltar d’fhoghlaimeoirí méid áirithe ama a chaitheamh i mbun staidéir agus cleachtaidh ar an teanga roimh thabhairt faoi scrúdú faoi leith agus oiread teagmhála agus is féidir a bheith acu leis an teanga trí ranganna, staidéar pearsanta rialta, ciorcail chomhrá agus deiseanna úsáide eile nach iad.

Ag cúig leibhéal éagsúla a chuirtear scrúduithe TEG ar fáil do dhaoine fásta faoi láthair.

Fág freagra ar 'Scrúdú Gaeilge do cháilíocht TEG san Astráil den chéad uair'