Scríbhneoireacht Chruthaitheach 12 – Aiste – An Ghaeilge sa lá atá inniu ann

Scríbhneoireacht Chruthaitheach 12 - Déan na gníomhaíochtaí agus ansin léigh an saothar

Scríbhneoireacht Chruthaitheach 12 – Aiste – An Ghaeilge sa lá atá inniu ann

 Gníomhaíocht 1: 

  • An teideal: An Ghaeilge sa lá atá inniu ann
  • Tarraing ciorcal i lár an leathanaigh agus cuir an teideal isteach ann.
  • Déan gach smaoineamh atá agat a chur ar an leathanach. Is cuma cé chomh aisteach is atá siad.
  • Déan na smaointe sin a roinnt le do pháirtnéir.
  • Déan iad a phlé/roinnt leis an rang.

 Gníomhaíocht 2: 

  • Déan na smaointe/topaicí is fearr a roghnú.
  • Anois caithfidh tú slacht a chur orthu.
  • Struchtúr Ginearálta Aiste:
  •      1. Tabhair comhthéacs/réamhrá
         2. Labhair faoi ghnéithe difriúla den teideal (alt do gach ceann).
         3. Conclúid
  • Smaoinigh ar na nithe thíos agus tú ag pleanáil na haiste.
  1. Cúlra/stair
  2. Cad is cúis leis?
  3. Cad deir daoine faoi?
  4. Na tuairimí atá agat féin faoi
  5. Eispéiris phearsanta
  6. Buntáistí/míbhuntáistí
  7. Réiteach/Moltaí – céard a cheart a dhéanamh?
  8. Dúshláin/fadhbanna
  9. Tréithe atá ag rud
  10. Céard a tharlóidh amach anseo?
  11. An bhfuil rudaí go maith/go dona nó sásúil/míshásúil?

 Gníomhaíocht 3: 

Déan iarracht teacht ar stór focal cuí. Cuimhnigh ar chruinneas agus saibhreas na Gaeilge. Úsáid www.focloir.ie, www.tearma.ie, www.teanglann.ie. Seo cúpla focal/nath:

  1. ábhar dóchais/éadóchais
  2. stádas
  3. idir dhá cheann na meá
  4. laigeachtaí
  5. mionlach
  6. díograiseach
  7. ábhar éigeantach
  8. lagmhisneach
  9. nua-aimseartha
  10. todhchaí

Tosaigh ag scríobh

 Gníomhaíocht 4: 

Déan an méid atá scríofa agat a roinnt leis an duine in aice leat.

 Gníomhaíocht 5: 

 Gníomhaíocht 6: 

Ag obair leis an duine in aice leat déan iarracht a thuar cad a tharlaíonn ina dhiaidh seo.

Déan deich bpointe/n-abairt a scríobh.

 Gníomhaíocht 7: 

Seo cuid den alt deireanach, an bhfuil tú in ann é a chur in ord?

 Gníomhaíocht 8: 

Sula léann tú an saothar is féidir leis an múinteoir é a phriontáil agus a ghearradh suas de réir na n-alt difriúil. Déanfaidh tusa agus do pháirtnéir iarracht an scéal a chur in ord.

An Ghaeilge sa lá atá inniu ann

De réir fhigiúirí Dhaonáireamh 2016 a foilsíodh le déanaí  tá tuairim is 73,000 duine a labhraíonn Gaeilge go laethúil (taobh amuigh den chóras oideachais). Tá beagán sa bhreis ar 20,000 acu sin ina gcónaí sa Ghaeltacht oifigiúil. Níl ansin ach céatadán an-bheag de dhaonra na tíre agus dearbhú eile, má bhí a leithéid ag teastáil go bhfuil an Ghaeilge i ngalar na gcás, sa Ghaeltacht agus taobh amuigh di. Is teanga mionlaigh í gan aon agó, teanga a bhfuil a bás á fhógairt leis na cianta. Tá daoine áirithe ann gur fada leo go rachaidh sí ar shlí na fírinne agus daoine eile ag saothrú go díograiseach len í a chaomhnú.

Port amháin a chloistear go minic ná go mba cheart fáil réidh leis an nGaeilge mar ábhar éigeantach. Sé sin go mba cheart gur ábhar roghnach a bheadh sa Ghaeilge, go mór mhór tar éis an Teastas Shóisearaigh. Tuigim cad atá ag éirí thiar as an tuairim sin, sé sin nár cheart iachall a chur ar dhaoine staidéar a dhéanamh ar theanga nach bhfuil spéis acu ann. Ach nach bhféadfaí an rud céanna a rá faoin Mata agus Béarla? I ndeireadh na dála measaim go gcaillfeadh scoláirí ar fud na tíre deis iontach staidéar a dhéanamh ar an nGaeilge. Dá mbeadh an Ghaeilge i measc na n–ábhar roghnach bheadh sé ag comhrac leis an ealaín, ceol, tíreolas srl le háit a fháil ar an amchlár. Níor mhaith liom go dtarlódh sé sin.

Ábhar éadóchais eile ná an Ghaeilge sa státchóras. Le déanaí thagair an Coimisinéir Teanga, Rónán Ó Domhnaill do na laigeachtaí chóras earcaíochta an státchórais ó thaobh na Gaeilge. Tá sé an-deacair ar fad do ghnó a dhéanamh trí Ghaeilge leis an stát agus cuireann seo lagmhisneach ar lucht na teanga. Cén teachtaireacht a thugann sé seo don phobal ó thaobh stádas na teanga?

Tá ábhar dóchais ann chomh maith, gan amhras. Tá breis agus 370 scoil (bunscoileanna agus iarbhunscoileanna) lánGhaeilge ar oileán na hÉireann. Sí gluaiseacht na nGaelscoileanna is cúis leis an bhfás mór atá tagtha ar na scoileanna lánGhaeilge. Tugann siad seo deis iontach do leanaí óga an Ghaeilge a fhoghlaim agus a úsáid go nádúrtha. Má tá an Ghaeilge le teacht slán beidh ról tábhachtach ag an earnáil seo. 

Tá TG4 ar an bhfód le bliain is fiche agus tá dul chun cinn iontach déanta ag an stáisiún beag Gaeilge ó shin. Bíonn cláir faisnéise iontacha acu, clúdach cuimsitheach ar spórt agus cláir do dhaoine óga. Chomh maith leis sin tá go leor daoine gafa leis an sobaldráma, Ros na Rún agus tá clár snasta nuachta acu gach oíche. D’éirigh le TG4 íomhá nua-aimseartha a thabhairt don teanga agus tá go leor daoine ar fud na tíre, daoine óga ach go háirithe, meallta chun na teanga acu.

Níl aon dabht ná go bhfuil todhchaí na teanga idir dhá cheann na meá, sa Ghaeltacht ach go háirithe. Ní fios an mbeidh an Ghaeilge beo mar theanga labhartha i gceann fiche, tríocha nó daichead bliain. Tá ábhar dóchais agus éadóchais againn araon. Má theastaíonn uainn go mbláthódh an teanga caithfimid ar fad, saoránaigh agus stát tabhair faoi le fonn agus le flosc.