Scríbhneoireacht Chruthaitheach 11 – Aiste – ‘Brexit – Scéal mór an lae inniu’

Scríbhneoireacht Chruthaitheach 11 - Déan na gníomhaíochtaí agus ansin léigh an saothar

Scríbhneoireacht Chruthaitheach 11 – Aiste – ‘Brexit – Scéal mór an lae inniu’

 Gníomhaíocht 1: 

  • An teideal: ‘Brexit – Scéal mór an lae inniu’
  • Tarraing ciorcal i lár an leathanaigh agus cuir an teideal isteach ann.
  • Déan gach smaoineamh atá agat a chur ar an leathanach. Is cuma cé chomh haisteach is atá siad.
  • Déan na smaointe sin a roinnt le do pháirtnéir.
  • Déan iad a phlé/roinnt leis an rang.

 Gníomhaíocht 2: 

  • Déan na smaointe/topaicí is fearr a roghnú.
  • Anois caithfidh tú slacht a chur orthu.
  • Struchtúr Ginearálta Aiste:
  • 1. Tabhair comhthéacs/réamhrá

    2. Labhair faoi ghnéithe difriúla den teideal (alt do gach ceann).

    3. Conclúid

  • Smaoinigh ar na nithe thíos agus tú ag pleanáil na haiste.
  • a) Cúlra/stair

    b) Cad is cúis leis?

    c) Cad deir daoine faoi?

    d) Na tuairimí atá agat féin faoi

    e) Eispéiris phearsanta

    f) Buntáistí/míbhuntáistí

    g) Réiteach/Moltaí – céard a cheart a dhéanamh?

    h) Dúshláin/fadhbanna

    i) Tréithe atá ag rud

    j) Céard a tharlóidh amach anseo?

    k) An bhfuil rudaí go maith/go dona nó sásúil/míshásúil?

 Gníomhaíocht 3: 

  1. feachtasaíocht
  2. suntasach
  3. talamh slán
  4. tromchúiseach
  5. saorthrádáil
  6. madraí an bhaile
  7. comhréiteach
  8. idirbheartaíocht
  9. rátaí malairte
  10. infheistíocht dhíreach eachtrach
  • Tosaigh ag scríobh

 Gníomhaíocht 4: 

  • Déan an mhéid atá scríofa agat a roinnt leis an duine in aice leat.

 Gníomhaíocht 5: 

 Gníomhaíocht 6: 

  • Ag obair leis an duine in aice leat déan iarracht a thuar cad a tharlaíonn ina dhiaidh seo.
  • Déan deich bpointe/n-abairt a scríobh.

 Gníomhaíocht 7: 

Seo cuid den alt deireanach, an bhfuil tú in ann é a chur in ord?

 Gníomhaíocht 8: 

Sula léann tú an saothar is féidir leis an múinteoir é a phriontáil agus a ghearradh suas de réir na n-alt difriúil. Déanfaidh tusa agus do pháirtnéir iarracht an scéal a chur in ord.

 

Brexit – Scéal mór an lae inniu

Táimid bodhraithe ag scéalta faoi Brexit, nó an Breatimeacht, ó fógraíodh torthaí an reifrinn mí an Mheithimh seo caite. Baineadh geit uafásach as an mbunaíocht, sa pholaitíocht agus sna meáin ar lá an chomhairimh. Ó thús na feachtasaíochta dhein sciar shuntasach díobh talamh slán den toradh. Bhíodar lánchinnte nach raibh aon bhealach faoin spéir go vótálfadh tromlach an phobail i bhfabhar an nasc láidir leis an Eoraip a chur de dhroim seoil. Ní mar a síltear a bítear. Anois, dar le mórán, táimid ar imeall na haimléise.

Sí Éire an t-aon tír a bhfuil teorainn talún acu leis an Ríocht Aontaithe agus dá bharr beidh ciallachais thromchúiseacha ag an mBreatimeacht do na Sé Contaetha, na contaetha teorainn agus an tír ar fad. Níl a fhios ag Dia ná duine ag an bpointe seo cén sórt teorainn a bheidh ann, nó go deimhin cén uair go dtiocfar ar chomhaontú faoi. I ndeireadh na dála, áfach is deacair gan teorainn chrua de shaghas éigin a fheiceáil, rud a chuirfidh as go mór do shaorthaisteal agus saorthrádáil.

Tá a fhios ag madraí an bhaile gurb é margadh an Ríocht Aontaithe an margadh easpórtála is tábhachtaí do gheilleagar na hÉireann. Braitheann an earnáil talmhaíochta air go mór. Nuair a thiocfar ar chomhréiteach sa deireadh, cén tionchar a bheidh aige ar easpórtálacha na hÉireann? Níl sé de chead ag Éire teacht ar chomhaontú trádála leis an RA; caithfear an comhaontú a dhéanamh idir an RA agus an tAontas Eorpach. Ní bheidh cás na hÉireann mar an chloch is mó ar phaidrín na hEorpa agus sé is dóichí ná  mhalairt ná go bhfuil an chloch sa mhuinchille ag na Eorpaigh dos na Sasanaigh. Idir an dá linn beidh an  éiginnteacht i réim gan trácht ar cheist chigilteach na rátaí malairte.

Tá daoine ann a mhaíonn go bhféadfadh Éire buntáiste a bhaint as an athrú ollmhór seo. Tá a fhios ag an saol agus a mháthair cé chomh tábhachtach is atá an infheistíocht dhíreach eachtrach don tír seo, ó Mheiriceá ach go háirithe. Tá an tír lán go gad le comhlachtaí ilnáisiúnta: Google, Facebook, Apple agus a thuilleadh eile nach iad. Tagann na comhlachtaí anseo ar an iliomad cúiseanna, an cháin chorparáide íseal agus lucht saothair oilte ina measc. Ach ina dteannta siúd tá ballraíocht san Aontas Eorpach agus Béarla. Fágann sin go raibh na Sé Contaetha, Albain, An Bhreatain Bheag agus Sasana mar chéilithe comhraic againn riamh agus sinn ag iarraidh na comhlachtaí ilnáisiúnta a mhealladh. Nuair a imeoidh na limistéir seo ón Aontas an imeoidh an iomaíocht? Chomh maith leis sin tá daoine ag maíomh go bhféadfadh sé tarlú go mbogfadh comhlachtaí áirithe anseo ón RA nó go gcuirfidh siad fochomhlachtaí ar bun anseo.

Tá obair na gcapall le déanamh ag an lucht idirbheartaíochta as seo go ceann scríbe. Deirtear go dtógfaidh sé dhá bhliain ar a laghad chun teacht ar chomhréiteach maidir leis na gnéithe casta ar fad a bhainfidh leis an mBreatimeacht. An rud is measa faoi sin ná an éiginnteacht agus míshuaimhneas. Táimid in amhras go mbeimid thíos leis an athrú, slí amháin nó slí eile, ach ní féidir linn a bheith cinnte faoi nó aon phleanáil chuimsitheach a dhéanamh. ‘Is maith an scéalaí an aimsir.’ Ba dhóigh leat gur cumadh an seanfhocal sin le cur síos ar an mBreatimeacht.