Scríbhneoireacht Chruthaitheach 06 – ‘Bród’

Scríbhneoireacht Chruthaitheach 06 - Déan na gníomhaíochtaí agus ansin léigh an saothar

Scríbhneoireacht Chruthaitheach 06 – ‘Bród’

 Gníomhaíocht 1: 

An teideal: Bród

  • Tarraing ciorcal i lár an leathanaigh agus cuir an teideal isteach ann.
  • Déan gach smaoineamh atá agat a chur ar an leathanach. Is cuma cé chomh haisteach is atá siad.
  • Déan na smaointe sin a roinnt le do pháirtnéir.
  • Déan iad a phlé/roinnt leis an rang.

 Gníomhaíocht 2: 

  • Déan smaoineamh/topaic amháin a roghnú.
  • Anois caithfidh tú slacht a chur ar an smaoineamh sin.
  • Struchtúr Scéil:
  1.  Cruthaigh an comhthéacs
  2. Tarlaíonn eachtra tábhachtach
  3. An chríoch/an réiteach

Smaoinigh ar na ceisteanna seo thíos agus tú ag pleanáil an scéil.

a) Cé hé/hí an príomhcharachtar?
b) Cén sórt duine é/í?
c) Cad atá uaidh/uaithi?
d) Céard atá ag cur as dó/di?
e) Céard iad na heachtraí tábhachtacha a tharlaíonn?
f) Cén chaoi a dtarlaíonn siad?
g) Cén uair?
h) Cén áit?
i) Cén chaoi a mothaíonn sé/sí?
j) Cad deir sé/sí?
k) Cad deirtear leis/léi?
l) Cén chaoi a gcaitheann daoine leis/léi?
m) Cén chaoi a ndéileálann sé/sí leis na heachtraí?
n) Cad a athraíonn?
o) Cén chaoi a mbíonn rudaí ag an deireadh?

 Gníomhaíocht 3: 

Déan iarracht teacht ar stór focal cuí. Cuimhnigh ar chruinneas agus saibhreas na Gaeilge. Úsáid www.focloir.ie, www.tearma.ie, www.teanglann.ie. Seo cúpla focal/nath:

  1. crith cos agus lámh
  2. fad a mhairfidh mé
  3. ag tuar
  4. ag tnúth
  5. rás rite
  6. ‘Is minic a bádh long láimh le cuan’
  7. bródúil
  8. sracfhéachaint
  9. lámh chúnta
  10. stairiúil

Tosaigh ag scríobh

 Gníomhaíocht 4: 

Déan an méid atá scríofa agat a roinnt leis an duine in aice leat.

 Gníomhaíocht 5: 

Seo an chéad alt as aiste shamplach. An bhfuil tú in ann na bearnaí a líonadh?

 Gníomhaíocht 6: 

Ag obair leis an duine in aice leat déan iarracht a thuar cad a tharlaíonn inadhiaidh seo.

Déan deich bpointe/n-abairt a scríobh.

 Gníomhaíocht 7: 

Seo cuid den alt deireanach, an bhfuil tú in ann é a chur in ord.

 Gníomhaíocht 8: 

Sula léann tú an saothar is féidir leis an múinteoir é a phriontáil agus a ghearradh suas de réir na n-alt difriúil. Déanfaidh tusa agus do pháirtnéir iarracht an scéal a chur in ord.

Bród

“An seanphort céanna,’ a dúirt mé liom féin. “Buafar arís orainn.” Bhí muid tar éis an cluiche leathcheannais a shroicheadh den chéad uair le cuimhne na ndaoine. Roimh an gcluiche bhí gach duine ag tuar agus ag tnúth, go mbainfeadh muid an cluiche ceannais amach. I láthair na huaire bhí muid dhá chúilín chun deiridh agus an cluiche ag tarraingt ar cheann scríbe. Bhí mé cinnte go raibh ár rás rite. Ní mar a shíltear a bhítear, áfach. I bpreabadh na súl bhí cúl faighte ag ár laoch Liam Ó Sé. Bhí na cosa tugtha linn againn. “Is minc a bádh long láimh le cuan,” a dúirt m’athair liom an oíche sin.

Sna seachtainí roimh an gcluiche ceannais bhí an pobal ar fad ar bís. Bhí said muiníneach go bhfaighimis an lámh in uachtar ar ár gcéilithe comhraic sa chluiche ceannais. Bhí brait an chlub ar foluain ar fud an pharóiste. Bhí gach mac máthar ag iarraidh lámh chúnta a thabhairt don fhoireann ar bhealach éigin. Bhí bród le sonrú go láidir. Bheadh muid ar mhuin na muice ceart nuair a bhuafadh muid an chraobh.

D’éirigh mé ag breacadh an lae maidin an chluiche. Bhí mé an-neirbhíseach. Mhothaigh mé go raibh bua stairiúil ar leac an dorais againn. Bhuail mé le mo chomhghleacaithe ag meán lae, mar a bhí socraithe againn. Nuair a shroich muid an pháirc tháinig crith cos agus lámh orm. Bhris fuarallas tríom amach. “Caithfidh mé guaim a choinneáil orm féin,” a dúirt mé liom féin. Tháinig misneach dom agus thug mé faoin seomra feistis. B’fhada liom go dtosódh an cluiche.

Ní dóigh liom go rabhas riamh chomh bródúil nuair a chríochnaigh Amhrán na bhFiann agus gur chuala na gártha ón slua. Bhí sé ag tarraingt ar a ceathrú tar éis a trí nuair a caitheadh an liathróid san aer. Dar liom gur thosaigh rudaí ag gluaiseacht im thimpeall ar luas lasrach. Bhí an cluiche faoi lán seoil nuair a rugas greim ar an liathróid den chéad uair. Thugas faoi phointe, ach faraor, d’imigh sé ar seachrán. Thit an lug ar an lag orm agus níor leagas barr méire ar an liathróid arís sa chéad leath. Ag leath ama bhí an cluiche fós idir dhá cheann na meá.

Bhí ceathrú huaire den dara leath caite nuair a fuair ár gcéilithe comhraic cúl cinniúnach. Chuir sin gaoth ina seolta. D’aimsigh siad cúpla cúilín ina dhiaidh sin agus bhí an chuma ar an scéal go raibh a gcótaí bána déanta. “Níor chaill fear an mhisnigh riamh é,” a dúirt mé nuair a chonaic mé Liam Ó Sé ag ardú sna scamaill chun breith ar chic amach. Rug sé greim an duine bháite ar an liathróid agus rith i dtreo an chúil ar luas lasrach. Ar iompú boise, áfach, bhí buille faighte aige. Bhí sé sínte ar fhleasc a dhroma. Thugas sracfhéachaint ina threo agus bhí a fhios agam go raibh sé gan aithne, gan urlabhra. Bhí a fhios agam go raibh muid in umar na haimléise ansin. 

D’iarr an bainisteoir orm an cic éirice a thógáil. Níor theastaigh uaim é a thógáil ach mhothaíos nach raibh an dara rogha agam. Thugas lascadh chomh crua agus a d’fhéadfainn don liathróid agus dhúnas mo shúile. Ba é béiceadh an lucht leanúna a thug le fios dom go raibh cúl scóráilte agam. Níorbh fhada ina dhiaidh sin gur séideadh an fheadóg dheireanach. Ba dhóbair gur thiteas i laige. Bhí mo cheann ina roithleán le mothúcháin le seachtainí; eagla, imní, sceitimíní agus frustrachas. Anois ní raibh ach mothúchán amháin fágtha; bród.