Sciuird chuíosach ar chruinne aduain Rowling

LÉIRMHEAS SCANNÁIN: Ní fhéadfaí droim láimhe a thabhairt le ráchairt, cáil agus pinginí an tslaitín draíochta…

Sciuird chuíosach ar chruinne aduain Rowling

Fantastic Beasts and Where to Find Them
Stiúrthóir: David Yates
Cliar: Eddie Redmayne, Dan Fogler, Katherine Waterston, Colin Farrell, Samantha Morton, Alison Sudol. 

Feiniméan foilsitheoireachta agus scannánaíochta is ea Harry Potter. I gcaitheamh na mblianta tá lán an dá ghlac de churiarrachtaí gnóthaithe ag na leabhair agus scannáin araon. Tháinig an chéad saothar ó pheann J.K. Rowling i 1997 agus bhí tine ar chraiceann léitheoirí óga agus aosta as sin go 2007 mar a foilsíodh an gála deireanach.

Ní nach ionadh chuaigh na ceártaí scannánaíochta i mbun oibre a luaithe is a fuaireadar boladh an airgid.

Bhíodar féin ag sluaisteáil leo ó 2001 go 2011. ‘Ní thugann gach rud maith ach a sheal,’ áfach, agus ina dhiaidh sin b’éigean slán a fhágaint leis an draoi, nach raibh chomh hóg sin a thuilleadh.

Ní raibh buille Rowling tugtha, áfach. Ní raibh ná an diabhal é.

I ndóthair, ní fhéadfaí droim láimhe a thabhairt le ráchairt, cáil agus pinginí an tslaitín draíochta.

Dá bharr ceapadh an seachtháirge seo atá bunaithe ar théacsleabhar a bhíodh idir chamáin acu in Hogwarts, scoil Potter.

Do scríobh Rowling an leabhar in 2001 agus is í a sholáthraigh an scríbhinn don scannán seo. Tá sé lonnaithe sa chruinne chéanna le Potter ach blianta roimhe, saghas réamhscéal más maith leat.

Leis an leanúnachas sin a chinntiú tá David Yates, an té a bhí ar an stiúir don cheithre ghála deireanach de Potter ar chúl an cheamara. ’Sí an chomhghuaillíocht chéanna (Yates agus Rowling) a dhéanfaidh an ceithre ghála eile den chnuasach seo a sholáthar.

Is zó-eolaí neacha osnádúrtha é údar an leabhair úd, Newt Scamander (Redmayne) agus sa chéad radharc feicimid é ag teacht i dtír i Nua-Eabhrac. Tá lán a cháis do neacha osnádúrtha aige agus nuair a éalaíonn cuid acu cuirtear sraith eachtraí greannmhara, lán aicsin sa tsiúl. Tá corraíl pholaitiúil i ndomhan na draíochta agus lucht na slaitíní ag iarraidh maireachtaint faoi cheilt ós na ‘No Majs,’ leagan Mheiriceá na ‘Muggles.’ Gan amhras tá uisce fé thalamh agus daoine áirithe ag iarraidh cogadh a chur sa tsiúl.

Aisteoir fíorchumasach é Redmayne gur féidir leis clónna difriúla a chur air féin (The Theory of Everything agus The Danish Girl). Éiríonn leis carachtar caithiseach a sholáthar dúinn, fear atá saonta, cróga, cineálta agus ina éan corr.

’Sé an ‘No Maj’ agus báicéir,  Kowalski (Fogler) a dhéanann na míreanna grinn a sholáthar, go mórmhór ag an tús. Ar an drochuair bhí cuid de na míreanna céanna róshaothraithe agus seanchaite. Tá na deirfiúracha Tina (Waterston) agus Queenie (Sudol) sa mheitheal chomh maith. Bhíodar fágtha in áit na leathphingine, áfach.

Gan amhras tá an draíocht agus na maisiúcháin a leanann í mar mháithreacha leis an táirge agus déanadh radharcanna cuidsúlacha a sholáthar. Ina dhiaidh sin féin, táimid tar éis craos a chur orainn féin le slaitíní le blianta agus níl an leathadh súl céanna ag baint leo, dá réir.

Agus sinn ag tarraingt i dtreo cheann scríbe, thosaigh an t-aicsean fíochmhar ag imeacht sa bhfraoch orm agus gan aon oidhre ar an rud ar fad ach táirge de chuid Michael Bay.

’Sé an Baile Átha Cliathach Colin Farrell a earcaíodh mar bhithiúnach agus caitheann sé cuid mhaith den táirge ag gnúsachtach leis agus pus air.

Sciuird chuíosach ar chruinne aduain Rowling.

Fág freagra ar 'Sciuird chuíosach ar chruinne aduain Rowling'