Scéalta ón gCibearspás

Colún le Maitiú Ó Coimín faoi iontais agus neamhiontais an tsaoil ar líne

Scéalta ón gCibearspás

Scéalta-ón-gCibearspás-2

Gaelghiolcaire na Seachtaine

Screen Shot 2015-05-08 at 16.11.52Ainm?

@geabstaire (Nuala Ní Chonghaile)

Cé hí féin?

Iriseoir le Nuacht Raidió RTÉ. Is í Nuala a chuireann deireadh leis an lá nuachta ar sheirbhísí Gaeilge RTÉ lena feasachán ar RTÉ Radio One ag 21.50. In iarthar na hÉireann atá Nuala lonnaithe ach súil ghéar aici ar chúrsaí reatha an domhain mhóir.

Céard faoi a mbíonn sí ag giolcaireacht?

An Nuacht! Tá Nuala ar dhuine na hiriseoirí Gaeilge is fearr ó thaobh úsáid Twitter de; bíonn sí ag scaipeadh scéalta, ag roinnt scéalta a thagann chuici ó iriseoirí eile agus bíonn tuairimí éirimiúla á nochtadh aici le linn plé ar ábhair nuachta.

Taobh amuigh de chúrsaí nuachta agus oibre, tá an-spéis ag Nuala sa nádúr agus sa gharraíodóireacht. Bíonn pictiúir dheasa á gcrochadh agus á roinnt aici go minic; picitiúir d’ainmhithe, de phlandaí, den tírdhreach agus eile.

Cén fáth a leanfainn í?

Cé is moite dá cuid giolcacha, tá an-saibhreas cainte ag Nuala agus ba chóir d’éinne atá ag iarraidh feabhas a chur ar a chuid cainte cluas (nó súil!) a thabhairt dá bhfuil á rá aici.
Bíonn giolcacha lán eolais ar an iliomad ábhar agus chuirfidís go mór le hamlíne duine ar bith ar spéis leis cúrsaí reatha in Éirinn chomh maith leis an saol in iarthar na tíre.

Ragham amú tamall eile…

Feicfear anseo liosta beag de chuntais a bhíonn ag giolcaireacht i nGáidhlig. Nuair a chuirtear an luchóg os cionn na bhfocal Gáidhlig, preabann an focal Gaeilge aníos.

Seo í an uirlis is deireanaí atá tugtha ag an Ollamh Kevin Scannell ó Ollscoil Missouri don Ghaeltacht Digiteach. Cúpla seachtain ó shin, d’fhoilsigh an tOllamh a fhoclóir Gáidhlig – Gaeilge. D’eascair an foilseachán sin as obair atá déanta ag an Ollamh ar chóras aistriúcháin uathoibríoch Gáidhlig – Gaeilge.

Is táirge den togra céanna é seo, a dúirt sé le Scéalta ón gCibearspás.

“Is éard atá ann ná aistritheoir uathoibríoch Gáidhlig – Gaeilge atá bunaithe ar chorpas mór dátheangach, timpeall is milliún focal ar gach taobh. Baineann an córas úsáid as staitisticí chun an Ghaeilge is fearr a chur ar abairtí Gáidhlig. ‘Google Translate na nGael’, gan na botúin uafásach!” a mhínigh an tOllamh Scannell.

An aidhm atá ag an suíomh ná níos mó cumarsáide idir an dá phobal a spreagadh, trí uirlisí léitheoireachta a chur ar fáil.

Faoi láthair tá 24 cuntas ar an liosta ag an Ollamh Scannell ach deir sé gur féidir suas le 500 cuntas a chur ar an liosta. Dúirt sé go gcuirfeadh sé fáilte roimh mholtaí ach teagmháil a dhéanamh leis ar Twitter ag @kscanne

An chaint sa tsráidbhaile ar líne…

Toghchán. Toghchán. Toghchán. Bhí Gaeil thuaidh theas thoir thiar ag caint faoi Olltoghchán na Breataine agus Thuaisceart Éireann ar feadh na seachtaine agus, ar ndóigh, tháinig an crú ar an tairne aréir nuair a thosaigh an comhaireamh sna toghcheantair éagsúla.

Bhí Tuairisc.ie ag coinneáil súile ar thoghchán Thuaisceart Éireann chomh maith le hiriseoirí de chuid TG4 agus RTÉ.

Theastaigh neart caffeine ó Ailbhe Ó Monacháin sular bháigh sé é féin i scéal na dtoghchán i mBéal Feirste.

Bhí idir shúgradh agus dáiríre ar Twitter óna giolcairí Gaelacha a bhí ag féachaint ar shlad an SNP in Albain.  

Bhí ruainne beag Gáidhlig le feiceáil anois is arís i measc na ngiolcacha uilig faoin haischlig #GE2015

Ach is ag Áine Ní Bhreisleáin a bhí an ceart ar fad nuair a sheol sí an giolc seo ag leathuair tar éis a seacht ar maidin!  

Fág freagra ar 'Scéalta ón gCibearspás'

  • Tuigim

    Fós ag úsáid Giolc, Giolcaireacht, agus Giolcairí?
    Tweet abú!
    Ná bíodh faitíos ort dul go ‘Tweet.’
    Tá sé éasca.
    Ní thuigfidh daoine thú má fhanann tú le focal nach bhfuil ar Twitter.
    Tabhair faoi.
    Ní thitfidh an domhan as a chéile.

  • Galt

    >Giolc, Giolcaireacht, agus Giolcairí
    Is maith liom féin iad.