Saormhaithiúnas do shaighdiúirí na Breataine? Réalaíoch nó a mhalairt?

Tá pardún ginearálta do pharaimíleataigh agus fórsaí stáit molta beag beann ar mhianta na n-íobartach

Saormhaithiúnas do shaighdiúirí na Breataine? Réalaíoch nó a mhalairt?

Bhí sceitimíní ar na mílte le déanaí nuair a chuala siad go raibh an grúpa ceoil Bananarama ar ais le chéile. Tá an triúr ban ag dul ar camchuairt le ceol nua, tríocha bliain tar éis dóibh briseadh suas. Faraor ní hé an ceol a meabhraíodh dá lán i mBéal Feirste ach eachtra uafáis a tharla do ródaí an bhanna sa chathair, lá breá samhraidh i 1983.

Bhí Thomas ‘Kidso’ Reilly, ródaí Bananarama as Lóiste na Móna sa bhaile ar saoire; bhí sé féin agus cairde amuigh faoin ngréin nuair a lámhach saighdiúir as Arm na Breataine é sa droim. Mhaígh an saighdiúir go raibh an t-ógánach armtha ach ba léir nach raibh sin fíor mar ní raibh á chaitheamh aige ach bríste gairid agus é gan léine. Cúisíodh agus ciontaíodh an saighdiúir singil Ian Richard Thain as an dúnmharú agus gearradh príosún saoil air.

Díol suntais ab ea é ag an am gur ciontaíodh Thain ó ba é an chéad shaighdiúir é a daoradh as an dlí a shárú le linn na dTrioblóidí. Baineadh siar as daoine, áfach, nuair a fuarthas amach níos deireanaí gur saoradh ó phríosún é tar éis dhá bhliain agus go raibh sé ar ais san Arm.

Eisceachtaí iad na saighdiúirí a cuireadh i bpríosún, dornán díobh astu siúd a bhí freagrach as timpeall 300 a mharú. Ar ndóigh, bhí paraimíleataigh freagrach as i bhfad níos mó dúnmharuithe, Sealadaigh an IRA go háirithe. Ach ní chealaíonn sé sin iompar mídhleathach ó éinne eile, fórsaí an stáit ina measc. Sáraíodh rialacha an Airm agus an dlí i gcuid de na heachtraí marfacha a raibh an tArm freagrach astu, ach bhí drogall ar an stát é sin a aithint nó a admháil. Tá an cur chuige oifigiúil sin follasach i ráiteas a rinne Státrúnaí Thuaisceart Éireann, James Brokenshire, tamall ó shin agus athdhearbhaíodh an cur chuige i dtuarascáil ó Roghchoiste Cosanta Westminster, a foilsíodh Dé Máirt seo caite.

Bhí feachtas i measc na dTóraithe agus an DUP i Westminster le tamall ag éileamh faoiseamh ó fhiosrú agus ó chúiseamh do shaighdiúirí i dtaca le hoidhreacht na dTrioblóidí. Mhaígh siad go raibh an córas claonta in aghaidh fhórsaí an stáit agus gan an oiread céanna tóir aige ar pharaimíleataigh. D’eisigh an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí agus an Príomh-Bhreitheamh figiúirí chun an maíomh sin a bhréagnú, figiúirí a léirigh gur cúisíodh líon níos mó dílseoirí agus poblachtánaithe. Rinneadh neamhshuim díobh, áfach.

Is mar gheall ar an gcur chuige oifigiúil sin a diúltaíodh an maoiniú (a gealladh) a chur ar fáil do bhreis is caoga ionchoisne faoi mharú.

Is sa gcomhthéacs sin a chuir an Roghchoiste Cosanta ceann lena scrúdú dar teideal Investigations into fatalities in Northern Ireland involving British military personnel.

Sa tuarascáil mhol siad do rialtas na Breataine a dhul i ngleic le cruachás na n-iarshaighdiúirí i ndiaidh an toghcháin sa Mheitheamh. Bhí sé do-chosanta, ar bhonn moráltachta, na saighdiúirí a fhágáil san fhaopach agus iad i mbaol fiosraithe, a dúradar. “The Government in the next Parliament must bring forward legislative proposals—as a matter of urgency—to remedy the situation.”

Sa chuid eile den tuarascáil, thug an Coiste sonraí maidir le roghanna éagsúla le déileáil leis an gceist – Ceithre rogha a bhí i gceist:

  • Forálacha Chomhaontú Theach Stormont a rinneadh in 2015 ach nár cuireadh i bhfeidhm de bharr easaontais faoi chinneadh rialtas na Breataine go gceilfí eolas áirithe ar mhaithe le slándáil náisiúnta
  • Comhaontú Theach Stormont agus uasteorainn dhá bhliain ar théarmaí príosúin mar a cuireadh i bhfeidhm i 1998 do pharaimíleataigh sa chás go gciontófaí níos deireanaí iad as coireanna stairiúla. Níor bhain an fhoráil sin le fórsaí stáit.
  • Éirí as fiosruithe scun scan
  • An rogha ab fhearr leo – go gcuirfí Reacht na dTréimhsí i bhfeidhm

Mhol siad go rithfí reacht na dtréimhsí i dtaca le gach eachtra a raibh baint ag iarchomhaltaí de chuid na bhFórsaí Armtha léi i rith na dTrioblóidí go dtí Comhaontú Aoine an Chéasta i 1998. Mura gcuirfí stad leis na cásanna (míleata), bheifí ag streachailt leo ar feadh na mblianta, a dúradar. Mar chosaint ar an moladh go rithfí reacht na dtréimhsí chun faoiseamh agus maithiúnas a sholáthar d’iarshaighdiúirí, luaigh siad an reachtaíocht i 1998 a chinntigh nach mbeadh ar pharaimíleataigh ach dhá bhliain príosúin a chur isteach. I bhfianaise na reachtaíochta sin, leatrom agus ceilt ceartais a bheadh ann iarshaighdiúirí a fhiosrú agus a chúiseamh, ar siad. Mhol siad go mbunófaí próiseas chun an fhírinne a aimsiú ar mhaithe le híobartaigh agus iad den bharúil go mbeadh sé níos éasca eolas a fháil mura mbeadh baol cúisimh ann.

Cé nach raibh sé sna téarmaí tagartha s’acu, mhol siad don chéad rialtas eile sa Bhreatain iarchomhaltaí den RUC agus de sheirbhísí slándála/faisnéise eile a chosaint faoi reacht na dtréimhsí chomh maith. Pas saor d’fheidhmeannaigh uilig an stáit a bhí uathu, go bunúsach, agus gan ach eolas, b’fhéidir, le fáil ag íobartaigh.

Mar fhocal scoir, agus gan mórán plé, dúirt an Roghchoiste gur faoin gcéad rialtas eile a bheadh sé, tar éis comhairliúcháin, cinneadh a dhéanamh ar cheart reacht na dtréimhsí a rith i dtaca le gach eachtra sna Trioblóidí.

Ní nach ionadh, chuir moltaí an choiste fearg ar dhaoine atá ag iarraidh go gcúiseofaí saighdiúirí. Chothaigh siad imní freisin faoina thuilleadh easaontais a chothú i Stormont, áit a bhfuil sos eile ó na cainteanna idirpháirtí. Mar chéim aontaobhach, bheadh na moltaí do-ghlactha. Ach, ós deacair a chreidiúint go n-inseoidh an stát nó na paraimíleataigh an fhírinne ghlan faoin gcoimhlint bhrocach, b’fhéidir go bhfuil moltaí an choiste níos réalaíche ná na geallúintí a bhfuil íobartaigh ag éisteacht leo le blianta. Easnamhach gan dabht ach réalaíoch, seans.