RG Lurgan seolta ar líne agus leagan aipe ar fáil

Tá súil ag bainisteoir Choláiste Lurgan go ndéanfar “na mílte” íoslódáil ar an aip nua a bhfuil na céadta amhrán popcheoil Gaeilge le cloisteáil air

RG Lurgan seolta ar líne agus leagan aipe ar fáil

Tá an stáisiún digiteach popcheoil, RG Lurgan, ag craoladh anois ar líne agus fáil ar an stáisiún ar aip nua atá san App Store agus sa Play Store.

Is é Coláiste Lurgan, an coláiste iomráiteach Gaeilge i gCois Fharraige, a d’fhorbair an stáisiún agus an aip nua agus tá súil ag Mícheál Ó Foighil, bainisteoir an choláiste, go mbeidh an aip íoslódáilte ag na mílte duine faoi dheireadh an tsamhraidh.

Beidh cláir á gcur i láthair ar feadh dhá uair an chloig in aghaidh an lae as seo go deireadh Sheachtain na Gaeilge ag daoine mór le rá ó shaol na Gaeilge, ina measc Stiofán Ó Fearail, iardhalta Choláiste Lurgan agus príomhamhránaí Seo Linn, agus Máirín de Buitléir, aisteoir ó Ros na Rún.

Cuirfear podchraoltaí de na cláir sin ar fáil, ar an aip agus ar líne, i ndiaidh a gcraolta agus tá súil ag lucht Choláiste Lurgan gur áis a bheidh iontu do mhúinteoirí scoile agus do dhaoine eile ar spéis leo an Ghaeilge.

Murab ionann agus stáisiúin Gaeilge eile, is Gaeilge amháin a bheidh á casadh ar RG Lurgan. Tá cartlann mhór cheoil curtha le chéile ag Coláiste Lurgan ó thosaigh an coláiste ag taifeadadh leaganacha Gaeilge d’amhráin mhóra Bhéarla beagnach deich mbliana ó shin. Tá na céadta amhrán sa chartlann sin agus beidh siad go léir á gcasadh ar an stáisiún nua, chomh maith le popamhráin Ghaeilge eile a thaifead grúpaí eile.

Is “píosa craic” atá in RG Lurgan, dar le Ó Foighil agus súil aige “nach dtiocfaidh sé ‘den aer’ go brách”.

“Tá an t-ardán ann, tá na tiúineanna againn, níl ann ach iad a chraoladh. Bíonn daoine ag rá linn albam a chur amach, ach níl an t-airgead againn len é sin a dhéanamh. Tá an-obair déanta anois le RG Lurgan, agus beidh sé ‘ar an aer’ go brách.

“Tá roinnt cláracha déanta, agus tá na stings agus na jingles againn. D’éirigh go maith leis agus tá go leor ábhar ann le bheith ag éisteacht leis. Ní haon rud ródháiríre atá ann, má tá daoine ag iarraidh a bheith ag éisteacht le popcheol Gaeilge, féadfaidh siad an aip a íoslódáil,” a dúirt sé.

Tá “os cionn céad” duine tar éis an aip a íoslódáil ó fógraíodh é maidin inné agus súil ag Ó Foighil go mbeidh na mílte tar éis é a fháil faoi dheireadh an tsamhraidh.

Is dírithe ar dhaltaí an choláiste Gaeilge agus lucht éisteachta níos faide i gcéin atá RG Lurgan agus beidh an stáisiún á chraoladh sa choláiste féin in Indreabhán ag am sosa agus lóin i gcaitheamh an tsamhraidh.

Beidh deis, freisin, ag na daltaí a fhreastalóidh ar Choláiste Lurgan scileanna raidió a fhoghlaim agus cúpla clár a chur i láthair, a dúirt Ó Foighil.

Tá cúnamh á thabhairt ag Emma Ní Chearúil, bainisteoir an stáisiúin Raidió na dTreabh, atá lonnaithe i gcathair na Gaillimhe, do Choláiste Lurgan agus an stáisiún nua idirlín á bhunú acu, agus tá cónascadh ann idir an dá stáisiún. Tá fáil anois ag Raidió na dTreabh ar na céadta amhrán atá ag RG Lurgan.

Tá beagnach 80,000 leantóir ag TG Lurgan, cainéal YouTube Choláiste Lurgan, agus tá 25 milliún radharc ag an gcainéal ó cláraíodh é seacht mbliana ó shin. Tá idir amhráin nuachumtha agus leaganacha Gaeilge d’amhráin mhóra Bhéarla ar an gcainéal.

Is é Seo Linn an banna ceoil is mó rath a tháinig ó Choláiste Lurgan, ach tá ceoltóirí agus bannaí nua ag teacht chun cinn anois i ndiaidh dóibh amhráin a thaifeadadh le TG Lurgan — leithéidí Clann Snyder, Daire McBride, Matt Ó Baoill agus Laoise.

D’eisigh RG Lurgan “físeán focal” inné mar chuid den seoladh agus tá bailiúchán de na hamhráin is mó atá déanta ag TG Lurgan go dtí seo le feiceáil ann.

Tá RG Lurgan le cloisteáil ar líne ar shuíomh an stáisiúin, chomh maith le suíomh Choláiste Lurgan, Tunein.com, agus ar an aip. Tá an stáisiún le cloisteáil ó Luan go hAoine agus bíonn na cláir á gcraoladh idir 11-12 agus 1-2 gach lá.

Fág freagra ar 'RG Lurgan seolta ar líne agus leagan aipe ar fáil'

  • TG-Lurgan

    Go raibh maith agaibh as an alt. https://bit.ly/rglurgan an nasc don leagan web. Is faoi RG Lurgan atá an aip san PlayStore / AppStore.