Praiseach ó thús deireadh atá i bpolasaí inimirce an rialtais

Ní raibh aon phleanáil déanta maidir le cén chaoi le déileáil leis an líon daoine a tháinig thar tír isteach, nó cén chaoi le cabhrú le hinimircigh

Praiseach ó thús deireadh atá i bpolasaí inimirce an rialtais

Is léir go bhfuil praiseach déanta ón tús ag an rialtas den pholasaí i leith inimirce is lucht iarrtha dídine. Ní raibh aon phleanáil déanta maidir le cén chaoi le déileáil leis an líon daoine a tháinig, nó cén chaoi le cabhrú le hinimircigh imeascadh leis an bpobal anseo rompu.

Bhí tuairim ann, is cosúil, go mbeadh gach rud ceart toisc gur pobal muid a chuireann fáilte roimh eachtrannaigh. Ach, mar tá feicthe againn i mBaile an Chinnéidigh agus in áiteacha eile, ní bhíonn an fháilte sin rófhial i gcás eachtrannaigh áirithe.

Tá os cionn 100,000 daoine tagtha isteach sa tír le blianta beaga anuas. Daoine a bhí ag teitheadh ón gcogadh san Úcráin an chuid is mó díobh. Cuireadh fáilte mhór oifigiúil rompu seo, is bhí coinníollacha níos fearr ar fáil dóibhsean ná mar a bhí ar fáil i dtír ar bith eile.

Rinneadh idirdhealú ón tús freisin idir na coinníollacha a bhí ar fáil do mhuintir na hÚcráine agus a bhí ar fáil do dhaoine ó thíortha eile, ar nós na Siria nó na hAfganastáine, cé go bhfuil cogaí millteanacha ar siúl sna tíortha sin freisin.

Tháinig goimh isteach sa scéal freisin toisc gur cheap daoine nach raibh an spéis chéanna á léiriú ag an rialtas sna hÉireannaigh atá fágtha gan dídean, mar gheall ar dhíshealbhú, cíos ard agus teip an pholasaí tithíochta.

Ceapaim gur theastaigh ón rialtas seasamh na péacóige a ghlacadh ar an stáitse idirnáisiúnta, go mbeadh sé le feiceáil ag an saol mór cé chomh fáilteach is a bhíonn muid.

Ach níor dhein an rialtas aon mhachnamh faoin bhfadtéarma.

Anois, scéal gránna atá ann. Ionsaithe ar eachtrannaigh, fuath ciníoch á scaipeadh go forleathan, a bheag déanta d’fhadhbanna dáiríre sa gcaoi is go gcuirtear lucht an fhuatha agus daoine réasúnta san aon champa amháin.

Anois freisin, tá cor nua sa scéal ó d’fhógair an tAire Dlí is Cirt, Helen McEntee, go bhfuil 80% den lucht iarrtha dídine tagtha isteach ón Tuaisceart.

Dúirt an Tánaiste, Micheál Martin, ámh, nach raibh aon fhigiúr cruinn ann, agus mar fhreagra, mhéadaigh McEntee an figiúr go dtí 90%.

Cén fáth ar cuir sí an éiginnteacht seo isteach sa scéal? B’fhéidir gur ag iarraidh an milleán a chur ar na Sasanaigh a bhí sí.

Ach tá a gcuid deacrachtaí féin ag rialtas Shasana maidir le hinimirce. Tá olltoghchán ar na bacáin am éigin go luath is tá Rishi Sunak, príomhaire na tíre sin, ag déanamh a mhíle dícheall polasaí a sheolfaidh inimircigh go Ruanda a thabhairt isteach mar réiteach ar an bhfadhb.

Ní nach ionadh, thapaigh sé an deis láithreach le leas a bhaint as cás na hÉireann chun é féin a chosaint. Agus má chreideann éinne nach n-aimseoidh sé an deis sin toisc go bhfuil socrú ann idir Éirinn agus Sasana maidir leis an gcomhlimistéar taistil, ní thuigeann sé nó sí réadúlacht na polaitíochta sa tír sin.

Céard is féidir linn a dhéanamh anois, má dhiúltaíonn Sasana glacadh le teifigh a chuireann muid ar ais? Is cinnte go ndiúltóidh siad, ar a laghad go dtí go mbeidh an toghchán thart. Go fírinneach níl a fhios agam, agus táim cinnte nach bhfuil tuairim dá laghad ach an oiread ag an rialtas.

Ní féidir teorainn a chur i bhfeidhm idir an Tuaisceart agus an Deisceart, agus ní fiú cúpla céad Garda a bheith ag déanamh seiceáil fhánach anseo is ansiúd. Agus anois go bhfuil scéal mór déanta ag an Aire Dlí is Cirt den scéal, beidh tuilleadh ag teacht.

Tá na pubaill bainte anuas ar Sráid an Mhóta, taobh le hoifig na seirbhíse d’iarrthóirí dídine, ach baineadh anuas pubaill ansin cheana is tháinig na daoine ar ais. Agus cá háit a gcuirfear iad, nuair a éiríonn le faisistigh foréigean a chothú nuair a dhéantar iarracht iad a lonnú i mbailte beaga?

Cuireadh daoine ó Shráid an Mhóta go Cnoc Slinne roimhe seo, is rinneadh iarracht an t-áitreabh a chur trí thine. Tarlóidh sé sin arís mura ndéanfar gach gné den phlean a mhíniú go cruinn, is mura dtugtar aghaidh ar an míthuiscint atá cothaithe ag an eite dheis i bhfad amach.

Go bunúsach tá muid ag íoc anois as an gcúpla bliain leisce is easpa pleanála, ach ní haon sásamh é sin ná ní haon réiteach é.

Ní féidir an scéal a leigheas ach an oiread trí neamhaird a dhéanamh ar an bpobal dúchais atá gan dídean, nó trí leas a bhaint as áiseanna ar nós óstáin i mbailte tuaithe.

Ag deireadh thiar an bhfuil réiteach ar bith i ndán? Níl dóigh liom go bhfuil.

Fág freagra ar 'Praiseach ó thús deireadh atá i bpolasaí inimirce an rialtais'

  • Déaglán

    Cad é pointe an ailt seo?