Nuair a bhí mé óg ba é mian mo chroí a bheith i m’easpag

Bhí mistéir éigin ag baint leis an gcumhacht a bhíodh ag an easpag, ach tá sé sin ag athrú

Nuair a bhí mé óg ba é mian mo chroí a bheith i m’easpag

Nuair a bhí mise óg ba é mian mo chroí a bheith i m’easpag nuair a d’fhásfainn suas.

Is dócha nach raibh an oiread sin ‘influencers’ eile thart ag an am agus sa gcomhthéacs ceanna, bhí deis mhaith ann d’éinne a raibh suim acu ‘gléasadh suas’ in éadaí deasa, ornáideacha.

Is cuimhin liom go ndéanadh dhá naprún cistine an chúis – ceann chun tosaigh agus ceann ar gcúl, chun éide an easpaig a shamhlú orm féin.

Bhí tábhacht nach beag ag baint leis an bpearsa áirithe seo. Cé gur ‘Easpag Dheoise Achadh Conaire’ an teideal ceart a bhí ar an bhfear s’againne, bhí cónaí air in aice le Bealach a’Doirín agus is ar an mbaile sin atá an ardeaglais suite. Eaglais Theachtaireacht an Aingil go Muire agus Naomh Naithí m’iarracht ar an teideal a aistriú go Gaeilge. Tugadh Ardeaglais Naithí uirthi go coitianta ar aon nós, an t -ainm céanna leis an gcoláiste dara leibhéal ansin.

Ach athraíonn gach rud le himeacht ama. Anois, deirtear linn go bhfuil an t-easpag le himeacht agus go bhfuil deoise Achadh Conaire le teacht faoi stiúir an easpaig in Ail Finn – agus an rud céanna ag tarlú i ndeoise eile, Cill Ala.

Ar ndóigh is deoisí Caitliceacha atá i gceist anseo – rinne Eaglais na hÉireann athruithe den chineál seo tamall ó shin. Cé go mbreathnaíonn sé ar an gcéad amharc go bhfuil rud éigin réabhlóideach ag tarlú, ní inné ná inniu a tosaíodh ar na céimeanna a bhaineas leis.

Ag cuimhneamh siar dom, bhí mistéir éigin ag baint i gcónaí leis an easpag. Bhí cumhacht ar leith aige cé nach bhféadfainn inseacht duit cén chumhacht í sin. Sílim go raibh peacaí áirithe nach bhféadfadh ach an t-easpag a mhaitheamh duit. Ach tá na fíricí a bhaineann leis sin imithe as an gcuimhne.

Ní fhéadfadh an gnáthdhuine daonna labhairt leis, sin cinnte.  Scanraigh sé lucht na scoile aon uair a dtáinig sé ar cuairt roimh an gCóineartú. Bíodh an freagra ceart ag gach éinne, nó bheadh sé ina scannal mór náisiúnta.

Bhí Gaeilge ar a thoil ag an Dr Mac Fhearghusa, an t-easpag a bhí ann nuair a bhí mise ag fás aníos. Léadh sé aifreann i nGaeilge ag a deich gach Domhnach ‘do na páistí’ agus bhí dhá aifreann eile ann do na Béarlóirí, ceann ag a hocht agus ceann ag a dó dhéag meán lae.

Ach anois, nuair a chuimhním i gceart air, ní fhéadfadh sé aifreann a léamh i nGaeilge toisc gur sa Laidin a bhíodh na searmanais eaglasta go dtí tar éis an Dara Comhairle Vatacánach. An ‘Ár nAthair,’ b’fhéidir?

D’fhreastail an tEaspag Mac Fhearghusa ar an gComhairle – ba gheall le duine ag dul ón mbaile le páirt a ghlacadh sa chomórtas Eoraifíse a bhí ann. Chuir sé sin go mór lena stádas agus lena chumhacht – nár athraigh sé an altóir thart agus nár dhíbir sé an Laidin ó na paidreacha nuair a d’fhill sé ar an mbaile?

Fad agus a bhí seisean agus an t-easpag a tháinig ina dhiaidh i gceannas ar an deoise, bhí cónaí orthu i ‘bPálás an Easpaig,’ i mBaile Éamoinn, cúpla ciliméadar as Bealach a’Doirín ar an mbóthar go Sligeach.

Teach mór ársa a bhí ann – ní pálás a bhí ann ar aon bhealach ach thugtaí an teideal sin ar an áit chónaithe a bhí ag easpag ar bith. Oifigeach Airm, an Capt Costello a thóg é i lár an 19ú haois, le dul i gcion ar a bhean chéile, arbh aisteoir a bhí inti. Níor oibrigh an cleas agus ghlan sí léi. Ba ina dhiaidh sin a cheannaigh an deoise an teach mór.

Ní thugadh daoine cuairteanna fánacha ar an bpálás céanna. Chaithfeadh cúis mhaith a bheith agat le dul suas an bóithrín casta, faoi scáth na gcrann síorghlas agus isteach sa bhfoirgneamh ard, dorcha. Ní raibh cuma rófháilteach air, in mo chuimhne-se.

Nuair a thug mé cuairt air an samhradh seo caite, tháinig an seanfhaitíos ar ais chugam agus mé ag tiomáint suas an bóithrín.

Ach ansin chonaic mé na burlaí móra tuí á gcaitheamh anuas den tarracóir, na suíocháin don oíche dhrámaíochta a bhí le bheith ann an tráthnóna céanna. Bhí fear an tí ag dul thart ina chuid ‘wellingtons’ ag tabhairt orduithe agus ag socrú an troscáin taobh amuigh den teach stairiúil.

Dlíodóir é David Ewings agus is cantóir opera í a bhean chéile Chloe. Eagraíonn siad oícheanta drámaíochta Shakespeare agus taispeántais eile cheoil, ina gcuid am saor. Fáiltíonn siad roimh chuairteoirí sa ‘phálás’ agus ligeann siad seomraí amach ar AirBnB.

Nuair a thug mise cuairt orthu anuraidh bhíodar ag ullmhú don léiriú de Midsummer Night’s Dream le Shakespeare agus bhí Chloe freisin ag ullmhú don oíche cheoil ‘opera’ agus ceoil clasaiceach a bhí le bheith ar siúl san ardeaglais le linn na Féile Ealaíne.

Agus bhí an tEaspag Paul Dempsey ansin sa lucht féachana ag baint an-taitneamh as an gceol clasaiceach san ardeaglais. Bhí an sagart paróiste ann an oíche roimhe nuair a bhí an áit lán go doras, don choirm cheoil le ‘Lúnasa’ agus an fliúiteadóir áitiúil Matt Molloy.

Bhí an t-easpag agus an chléir an-sásta gur thugadar cead don Fhéile imeachtaí ceolmhara a reáchtáil san ardeaglais. Agus bhí chuile dhuine ag súil go bhfeicfeadh muid iad ag bualadh na gcos ar na tíleanna arís ag an gceolchoirm an samhradh seo chugainn. Ach faoin am sin beidh an tEaspag Dempsey ag obair mar easpag cúnta in ard-deoise Átha Cliath, áit a mbeidh pobal i bhfad níos mó aige ná mar a bhí in Achadh Conaire.

De réir an chuntais is deireanaí tá 37,000 Caitliceach i ndeoise Achadh Conaire anois agus 30 sagart sna paróistí agus scoileanna ann.

De réir Patsy McGarry ón Irish Times (agus ón mbaile), ba ag Sionód Ráth Breasail sa mbliain 1111 a d’athraigh an córas ó na mainistreacha go dtí na deoisí agus is beag athrú a tharla ó sin. Bhí Sionód eile i gCeanannas sa mbliain 1152 a leag síos go mbeadh 36 deoise ann agus go dtí le gairid bhí 26 acu ann.

Déanann Patsy comparáid leis an Ard-Deoise i Los Angeles Mheiriceá mar a bhfuil ceithre mhilliún Caitliceach agus Ard-Easpag amháin agus seisear easpag cúnta aige.

Is fada go sroichfimid an pointe sin, cinnte.

Ach níl aon amhras anois nach mbeidh easpag ná pálás agus gach a mbaineann leis sin, i ngach deoise bheag tuaithe in Éirinn.

Fág freagra ar 'Nuair a bhí mé óg ba é mian mo chroí a bheith i m’easpag'

  • JP

    Ní dearnadh easpag díot ach tá grásta Dé go barr bachaille leat.

  • An tSr Fillis

    A Mhairéad, Ní raibh fios agam go raibh dúil agat bheith id’chléireach, gan trácht ar bheith id’Easbog! ! Mo chroí thú! Fillis.