‘Ná bíodh sé le cloisteáil i gCois Fharraige in 2023 go bhfuil sé ‘too easy to speak English’

Tá moltaí déanta sa phlean teanga nua do Chois Fharraige chun go bhfoghlaimeodh níos mó tuismitheoirí a thagann chun cónaithe sa cheantar Gaeltachta an Ghaeilge agus chun go labhródh daoine de bhunadh na Gaeltachta níos mó Gaeilge leo

‘Ná bíodh sé le cloisteáil i gCois Fharraige in 2023 go bhfuil sé ‘too easy to speak English’

‘Ná bíodh sé le cloisteáil i gCois Fharraige in 2023 go bhfuil sé ‘too easy to speak English’

Sin é mian an phlean teanga nua do Chois Fharraige a chuireann roimhe go mbeidh Gaeilge líofa ag a dhá oiread de na tuismitheoirí a thagann chun cónaithe sa cheantar Gaeltachta ach nach de bhunadh na Gaeltachta iad.

De réir taighde a rinneadh don phlean nua, ní de bhunadh na Gaeltachta 40% de thuismitheoirí́ ghasúir Chois Fharraige atá 19 mbliana déag nó níos óige agus níor éirigh ach le 20% de na tuismitheoirí sin an Ghaeilge a fhoghlaim. Déantar moltaí sa phlean chun an céatadán sin a ardú go dtí 40%.

Deirtear sa phlean go bhfuil nós “seanbhunaithe agus coitianta ann” iompú ar an mBéarla “ar mhaithe le bheith ‘béasach’ leis an duine nach bhfuil ach Béarla aige”

“De réir mar a mhéadóidh líon na mBéarlóirí sa bpobal, laghdóidh na deiseanna a bheidh ann an Ghaeilge a labhairt.

Bíonn tionchar ag gasúir nach bhfuil an Ghaeilge sa mbaile acu ar an dream atá á dtógáil le Gaeilge. Ó thaobh na teanga de, is tionchar diúltach é seo. Ar leibhéal áitiúil, imríonn na daoine nua isteach, nach bhfuil an Ghaeilge acu, tionchar ar an saol sóisialta agus ar iompar teanga san ionad oibre. Ciallaíonn an t-eolas seo ar fad go bhfuil laghdú ar úsáid na teanga, agus dá bhrí sin, ar an bhfeidhm atá aici sa bpobal,” a deirtear i bplean teanga nuafhoilsithe Chois Fharraige.

Chun cur le líon na dtuismitheoirí isteach a fhoghlaimíonn an Ghaeilge, moltar “teagmháil, ar bhealach tacúil, a dhéanamh le daoine nua isteach a luaithe agus is féidir agus ‘pacáiste’ a thairiscint dóibh a chabhródh leo an Ghaeilge a fhoghlaim dá mba mhian leo sin”. Moltar freisin ranganna, ciorcail chomhrá ghairmiúla, grúpaí sóisialta, grúpaí tuismitheoirí agus grúpaí leanaí a eagrú agus “iad a phoibliú go héifeachtach” .

Moltar sa phlean seacht mbliana an chuid sin den phobal atá líofa “a spreagadh le bheith ag Gaeilgeoireacht le foghlaimeoirí́ atá ag iarraidh í a labhairt”, ionas nach mbeidh sé “le cloisteáil in 2023 go bhfuil sé ‘too easy to speak English’”.

Chuige sin deirtear gur cheart feachtas eolais a dhíriú “ar an bpobal líofa” ag iarraidh orthu Gaeilge a labhairt le foghlaimeoirí agus “a bheith foighdeach leo”.

Moltar sa phlean freisin “éirí as an nós atá ann ag cruinnithe etc. iompú ar an mBéarla mura bhfuil labhairt na Gaeilge ag cách”.

“Má thuigeann daoine Gaeilge, níl aon chall a bheith ag iompú ar an mBéarla,” a deirtear.

Caithfear, a mhaítear, “nós a bhunú an Ghaeilge a labhairt leosan a labhraíonn Béarla ach a thugann le fios go dtuigeann siad Gaeilge”.