Ná bac an áibhéil faoi Arlene agus an tAcht, is é an seanscéal céanna é agus meirg air

Má thacaíonn polaiteoirí ó dheas leis an éileamh ar acht teanga don Ghaeilge amháin, cén fáth go raibh siad ag moladh ceannaire an DUP as diúltú arís dona leithéid?

Ná bac an áibhéil faoi Arlene agus an tAcht, is é an seanscéal céanna é agus meirg air

Dúirt an tAire Gnóthaí Eachtracha Simon Coveney gurbh é an chéad uair riamh gur chuala sé ceannaire de chuid an DUP ag geallúint go dtabharfaí reachtaíocht isteach don Ghaeilge agus gurbh é an chéad uair riamh gur chuala sé ceannaire de chuid an pháirtí sin ag rá nár bhaol d’aontachtóirí an Ghaeilge.

Ní foláir nach bhfuil Coveney ag éisteacht go róchúramach leis an díospóireacht faoi cheist na Gaeilge ó thuaidh, díospóireacht atá go mór sa treis le nach mór bliain anuas.

Ar an gcéad dul síos, níor gheall ceannaire an DUP an tseachtain seo caite go dtabharfaí reachtaíocht isteach don Ghaeilge. Dúirt sí an rud céanna a dúirt sí mí Aibreáin nuair a mhol sí go bhféachfaí ar cheist an Achta Gaeilge “in the context of the whole cultural respect and affirmation of identity in Northern Ireland”.

Ba ‘sa chomhthéacs sin’ a chuimhneofaí ar reachtaíocht a thabhairt isteach, a dúirt sí cúig mhí ó shin, agus b’ionann ‘an margadh cultúrtha’ a thairg sí an tseachtain seo caite agus an t-acht cultúir a thairg an DUP le linn na gcainteanna ar theip orthu roimh an samhradh.

Má thacaíonn Coveney agus an Rialtas leis an éileamh ar acht teanga don Ghaeilge amháin, cad ina thaobh mar sin an moladh seo do thairiscint Foster?

Maidir le háiteamh an Aire go raibh rud éigin ‘stairiúil’ ag baint le maíomh Foster nár bhaol d’aontachtaithe an Ghaeilge, arís ní gá dul ag póirseáil ródhomhain i gcartlann na nuachta lena chruthú go raibh sé ag rith le brothall ábhairín sa chás sin chomh maith.

I ndiaidh di cuairt a thabhairt ar scoil lán-Ghaeilge ag deireadh mhí Aibreáin, dúirt Foster, ‘there’s nothing to fear from engaging with another culture, in fact, I think it’s a sign of strength…’.

Is fíor go ndúirt sí an tseachtain seo caite nár bhaol don ‘aontas’ an teanga, ach cad a bhí nua faoin ráiteas sin seachas gur thug sé léiriú iontach dúinn ar a áiféisí is atá an dearcadh gur baol don aontas an Ghaeilge sa chéad áit?

I gcead do Coveney, níor ghalar aon duine amháin é an fuadar seo chun cnocán a dhéanamh de chnapán i dtaobh ráitis Foster.

Dúirt iar-aire na Gaeltachta Éamon Ó Cuív gur díol trua é nár aithin Sinn Féin ‘a shuntasaí’ is a bhí caint cheannaire an DUP. Chuir Ó Cuív agus ceannaire a pháirtí Micheál Martin beirt i leith Shinn Féin go raibh ‘cluiche polaitiúil’ á dhéanamh acu de cheist na Gaeilge, agus iad dall ar íoróin an scéil go raibh a ladhar á cur i lathach acu féin ar mhaithe le Sinn Féin a leagadh.

Ach an oiread le Coveney, má thacaíonn Fianna Fáil leis an éileamh ar Acht Teanga don Ghaeilge amháin, cad ina thaobh go mbeidís ag moladh an DUP as diúltú arís dona leithéid?

Agus bíodh go raibh an friotal ábhairín níos séimhe aici an babhta seo, ná bíodh aon dul amú orainn ach gur thug Foster an t-eiteach athuair an tseachtain seo caite don éileamh ar Acht don Ghaeilge amháin.

Murab ionann agus go leor tuairiscí áibhéalacha eile faoi óráid cheannaire an DUP, chuaigh céad líne thuairisc an Guardian go croí an scéil:

Unionists will only accept legislation for the Irish language if it also includes protections for British culture and the Ulster Scots identity, Arlene Foster has said.’

Tá an rud céanna á rá ag ceannaire an DUP agus a páirtí le cúig mhí anuas.

Pé tuairim a bheadh ag duine faoi na cúiseanna éagsúla atá ag Sinn Féin maidir le cos a chur i bhfeac faoi cheist an Achta, chaithfeadh sé géilleadh go bhfuil an ceart acu faoin méid sin.