Mícheál agus Peig 68 bliain pósta faoi shíocháin agus iad fós ag glanadh na trá i gCorca Dhuibhne

Tá Mícheál Feirtéar agus Peig Ní Shíthigh, lánúin atá ag cur fúthu in Ard na Caithne i gCorca Dhuibhne ag ceiliúradh a bpósta 68 bliain ó shin. Labhair siad le Tuairisc.ie…

Mícheál agus Peig 68 bliain pósta faoi shíocháin agus iad fós ag glanadh na trá i gCorca Dhuibhne

Tá Mícheál Feirtéar agus Peig Ní Shíthigh, lánúin atá ag cur fúthu in Ard na Caithne, agus gur ón gCúilín sa Daingean don mbeirt acu, ag ceiliúradh a bpósta 68 bliain ó shin. Tá. Cheiliúir Peig a lá breithe nócha bliain d’aois an tseachtain seo caite. Lé déanaí bhí Mícheál seacht agus nócha bliain. Tá a n-ainm anairde mar le blianta bíonn an bheirt acu ag bailiú dramhaíola go mór mhór ar Thrá Bhéal Bán. Is mó duine atá buíoch díobh.

Tá Mícheál chomh maith ina intinn is a bhí sé riamh agus téann sé féin agus Peig ag siúl gach lá má cheadaíonn an aimsir san agus go dinnéar na seanóirí ar an mBuailtín gach re Déardaoin.

Bhí Mícheál ar fhoireann peile Scoil na mBráthar sa Daingean a bhuaigh an chéad Chorn Frewen, corn atá teoranta do mheánscoileanna na Mumhan fé aois sé mbliana déag go leith. “Bhí an-fhoireann againn,” arsa Mícheál “le himreoirí mar Paidí ‘Bán’ Ó Brosnacháin, Liam Ó Cathasaigh agus Seán Ó Brosnacháin.” Imreoirí eile a bhí ina ngaiscígh ag scoil na mBráthar ná Tomás ‘Gega’ Ó Conchúir, Timinín ‘Deas’ Ó Brosnacháin, agus Bill Dillon, arsa an Feirtéarach.

B’eo le Mícheál go Londain Shasana agus é i mbláth a óige. Chuir sé fé i Chelsea ach “ní mar a bhfuil lucht an airgid”. Ní fada gur bhuail sé lena ghrá geal Peig Ní Shíthigh a bhí ag obair i Londain agus ina comharsa sa Daingean aige. Blianta beaga ina dhiaidh phósadar, ar Aoine an 13ú lá. “Dúradh linn go leanfadh mí-ádh sinn,” arsa Peig. “Ní hamhlaidh a bhí ach a mhalairt,” ar sí.

Bhí beirt chlainne, buachaillí, orthu, atá ‘ar scor anois’.

Chaith Mícheál agus Peig tríocha a trí bliain i Chelsea. Théadh Mícheál go dtí cuid des na cluichí sacair i Stamford Bridge agus bhí aithne aige ar an gcéad bheirt imreoirí a bhí ag tuilleamh céad punt sa tseachtain ag imirt sacair – Gerry Hynes ó Chelsea agus Tommy Trinder a bhí ar fhoireann Fulham. Bhí Trinder ina fhear grinn gairmiúil tar éis a laethanta sacair.

“Bíonn Mícheál ag cur síos coitianta ar laethanta a óige,” arsa Peig “ach ní haon díobháil é sin.”

“Táim lánsásta i ndea-shláinte agus dea-chomharsana anseo in Ard na Caithne,” arsa Mícheál. “Bhaineas taitneamh as mo shaol go dtí seo,” ar sé.

Cad fé Éire lena linn? Ba thrua mar a caitheadh leis an Dr Noel Browne, a deir sé, agus cuireann sé an-mhilleán ar de Valera de bharr thoradh an Chogaidh Eacnamaíoch in Éirinn.

“Ach tá seasca a hocht bliain caite againn fé shíocháin,” arsa Mícheál agus é ag caitheamh an tsúil mhealltach ar Pheig.

Fág freagra ar 'Mícheál agus Peig 68 bliain pósta faoi shíocháin agus iad fós ag glanadh na trá i gCorca Dhuibhne'

  • Aoife Granville

    Beirt iontach iad seo! Go mairfidh siad an chéad! Ach ó Shráid Eoin is ea Micheál ó dhúchas (ní Cúilín) agus bhí sé mar Chaptaen ar Dhreoilín Shráid Eoin sula n’imigh sé go Sasana!! Ana scéalta acu beirt mar gheall ar bhaile Dhaingean Uí Chúis! Comhgháirdeachas leo!