Léirmheas Teilifíse: ‘Deoch an Dorais’ – clár suimiúil, greannmhar, truamhéalach

Déanann ‘Deoch an Dorais’ sinn a stiúradh tríd an scéal le cabhair ó mhíreanna athchruthaithe slachtmhara agus Anthony Molloy, an Connallach a chroch Sam Maguire in 1992

MALLOY

Clár faisnéise greannmhar agus truamhéalach in éineacht é an saothar seo. Ar shlí is dhá chlár dhifriúla atá ann is iad cniotáilte le chéile. Toise amháin den chlár ná cuntas ar shaol an eisimircigh agus an bhodaigh sráide Mike Malloy, nó Durable Mike Malloy agus Rasputin of the Bronx faoi mar a baisteadh air nuair nach bhféadfaí é a chur de dhroim seoil in ainneoin gur deineadh breis agus fiche iarracht.

Toise eile ná léargas truamhéalach ar shaol uaigneach an eisimircigh agus ar thionchar an óil. Le sinn a stiúradh tríd na téamaí seo tá Anthony Molloy, an Conallach a chroch Sam Maguire in 1992, agus fear a chuaigh ar imirce é féin tráth mar aon le bheith ag comhrac leis an ól.

Chinntigh an Spealadh Mór agus an cosc ar dheoch mheisciúil gurbh áit dhainséarach é Nua-Eabhrac i 1932, leis na hÉireannaigh ina lár istigh. Léiríonn seatanna léanmhara d’eisimircigh Éireannacha go raibh an t-ól mar shlí éalaithe agus crann taca acu. Duine acu seo ba ea Mike Malloy.

I ndeireadh na bliana sin, chinn buíon bithiúnach ar chamscéim árachas saoil a chur i gcrích. Ba é Tony Marino úinéir an tsíbín ina mbíodh Mike bocht ag diúgadh ar a shuaimhneas a cheap an seift. D’earcaigh sé an t-adhlacóir Frank Pasqua, an grósaeir Daniel Kreisberg, mar aon le fear an bheáir Joe ‘Red’ Murphy leis an tseift a thabhairt chun críche. Nuair a bhí na cáipéisí sínithe agus dochtúirí is dlíodóirí réidh le lámh chúnta a thabhairt, ní raibh le déanamh ach an tÉireannach meisciúil a chur de dhroim seoil. An t-aon fhadhb ná go gcaithfeadh sé bás nádúrtha a fháil.

Ar dtúis, dheineadar iarracht an iomarca dí a thabhairt dó agus nuair nár dhein sé sin an bheart, deineadh frithreo a thabhairt dó. D’ól sé an oiread de sin is a thabharfaidís dó, á rá gurbh é an rud is fearr a bhí aige riamh. Ina dhiaidh sin, cuireadh nimh ina chuid bídh: sairdíní lofa, oisrí báite i bhformaildéad agus  ceapairí le gloine, miotal agus tairní iontu.

Anthony Molloy

I mí Eanáir bhí mo dhuine fós ina sheasamh. Oíche agus é gan aithne gan urlabhra leis an ndeoch, d’fhágadar amuigh faoin bhfuacht é, leathnocht agus báite le huisce fuar is iad ag súil go ndéanfadh sin an cúram. Bhí sé chucu isteach arís an lá ina dhiaidh ag rá go raibh “wee chill,” aige. Agus an mhífhoighne ag fáil an ceann is fearr orthu fuaireadar fear tacsaí chun é a bhualadh lena chairt.  Ar deireadh thiar, d’éirigh leo an t-aicsean a dhéanamh le haonocsaíd charbóin.

Is furasta a bheith ag gáirí faoi iarrachtaí na liúdramán an fear bocht neamhurchóideach seo a mharú agus baintear gáire as cuid mhaith de chloigne cainte ag pointe éigin, ach is léiriú tochtmhar é ar dhrochstaid na n-eisimirceach ag an am, rud a thuigeann Anthony go maith agus a chuirtear abhaile orainn go minic. 

Tá bá ag Anthony leis an scéal óir is den chine agus den chontae céanna an bheirt acu agus féidir leis ionannú go pointe le heispéireas an eisimircigh agus an alcólaigh.

Déanann na cloigne cainte, cuid mhaith acu ag labhairt i nGaeilge, sinn a stiúradh tríd an scéal le cabhair ó mhíreanna athchruthaithe slachtmhara. Ag deireadh an chláir, tugtar turas ar phríosún ardslándála Sing Sing mar cuireadh an ceathrar bithiúnach chun báis nuair a beireadh orthu sa deireadh.

Clár suimiúil, greannmhar, truamhéalach.