LÉIRMHEAS: Amhrán na Mara: álainn, ceolmhar agus samhlaíoch

Cé go dtéann an scéal ar bhóiléagar beagáinín is saothar samhlaíoch atá in Amhrán na Mara, agus ní haon ghimic é físeán nua U2

Amhran na Mara

Stiúrthóir: Tom Moore

Foireann: Brendan Gleeson, Fionnuala Flanagan, Colm Ó Snodaigh, Lisa Hannigan, James Ó Floinn, Gráinne Bleasdale, Maurice O’Donoghue, Donncha Crowley, Niall McDonagh agus Tom O’Sullivan

Ghnóthaigh Song of the Sea ainmniúchán do dhuais Oscar i rannóg na beochana níos luaithe i mbliana – gaisce nach beag, go mórmhór nuair a chuimhníonn tú gur fágadh an fathach scannáin, The LEGO Movie, ar an trá fholamh. Is éard atá in Amhrán na Mara ná an leagan Gaeilge den scannán (an bheochan chéanna ann ach le guthanna Gaeilge) a deineadh le cómhaoiniú ó TG4. Bhí cuid de na haisteoirí céanna i gceist sa dá leagan, na piardaí móra Brendan Gleeson agus Fionnuala Flanagan san áireamh. Tá scéal an scannáin bunaithe ar an miotaseolaíocht a bhaineann leis an Selkie/Seilchidh, rónta go dtagann cruth daonna orthu nuair a bhíonn siad ar talamh.

Tugtar le fios ag tús an scannáin gur cailleadh máthair Shaoirse dá droim agus, cé go bhfuil sí sé bliana d’aois, ní labhrann sí focal. Tá sí ina cónaí ar oileán mara lena deartháir agus a hathair, atá i bhfeighil an tí solais. Tagann an tseanmháthair ar cuairt chucu go minic agus bíonn ag tathaint orthu i rith an ama an t-oileán a thréigean agus bualadh fúthu sa gcathair. Nuair atá an bheirt ógánach ar deoraíocht sa gcathair níos faide anonn sa scannán, éalaíonn siad leo agus tugann siad aghaidh ar a bhfód dúchais. Fan na slí bíonn eachtraíocht leis an slua sí, ulchabháin, Macha, Mac Lir agus go leor eile nach iad.

Dar liom go gcuaigh an scéal ar bhóiléagar beagáinín anseo agus ansiúd agus nach raibh sé chomh teann is a d’fhéadfadh sé a bheith. Taibhsíodh dom go raibh an scéal ag leanúint na beochana seachas an tslí eile timpeall. An t-ábhar díomá is mó a bhí agam, áfach, ná an easpa grinn, ceann de mháithreacha scannán san iomaire seo. Go deimhin, d’éirigh nithe duairc go maith ar uairibh.

Ar a shon sin is saothair thar a bheith físiúil, ceolmhar agus samhlaíoch é seo agus is léir i ngach radharc an dua a caitheadh leis an mbeochan shainiúil. Ceardaithe cumasacha faoi leith iad meitheal Cartoon Saloon agus is breá liom féin an táirge eile sin uathu Cúilín Dúlach. Ina theannta sin ar fad tá aisteoireacht ábalta (más in é an focal ceart) agus caighdeán maith Gaeilge ann leis.

Seo an dara scannán beochana as Gaeilge atá le feiceáil sna pictiúrlanna le bliain (tháinig SpongeBob an Scannán: Spúinse as Uisce os ár gcomhair i mí na Márta). Tá súil agam go leanfar leis an nós.

Anuraidh tugadh íde na muc agus na madraí do U2 as an gcinneadh a dheineadar i gcomhar le Apple go n-íoslódálfaí an t-albam is déanaí uathu go cnuasach iTunes gach úsáideora, cuma cé acu a theastaigh sé uathu nó nár theastaigh. Mhaígh Tim Cook, ceann feadhna Apple, gurbh é an seoladh ba mhó riamh é ach níorbh fhada gur aithníodh gurbh í an ghimic ba mheasa riamh é.

Níor chuir sin aon bhac orthu mar seo leo arís le cleas eile. An babhta seo tá gearrscannán snasta curtha acu leis an singil is déanaí uathu, ‘Song for Someone’. Is iad Woody Harrelson agus a iníon Zoe na príomhaisteoirí sa ghearrscannán drámatúil seo atá ag tarrac ar 9 nóiméad ar fad, rud a chiallaíonn go bhfuil sé ar na físeáin cheoil is faide dá bhfuil ann. Dar liom go mbaineann sé macallaí as an méid a bhíodh Michael Jackson ag déanamh nuair a bhí sé i mbarr a réime agus tá ábhar comparáide ann le ré an ‘Joshua Tree’: tá móitífeanna an fhásaigh agus seat de chrann aonraic ann leis. Díríonn an scéal ar choirpeach, Harrelson, atá á scaoileadh saor ó phríosúin i ndiaidh dó tréimhse fhada a chaitheamh i ngéibheann. Tá a iníon tagtha lena bhailiú agus, gan amhras, nílid ar a gcompord le chéile. Cé go bhfuil an léiriú snasta, ealaíonta agus an aisteoireacht chumasach ann, taibhsíodh dom gur radharc as saothar níos mó é seo, nach raibh sé iomlán ann féin. Is fada ó ghimic é, áfach.

Fág freagra ar 'LÉIRMHEAS: Amhrán na Mara: álainn, ceolmhar agus samhlaíoch'