‘Is duine an-chúthail a bhí ionam, chuidigh na hamhráin ar an sean-nós leis sin’

Tá Féile Joe Éinniú ar siúl an deireadh seachtaine seo i gCarna agus comóradh á dhéanamh ar dhá scór bliain ó cailleadh an t-amhránaí iomráiteach. Labhair Tuairisc le Bríd Ní Mhaoilchiaráin, amhránaí agus garneacht le Joe Éinniú

‘Is duine an-chúthail a bhí ionam, chuidigh na hamhráin ar an sean-nós leis sin’

Rugadh Joe Éinniú sa mbliain 1919 i gCarna agus chaith sé an chuid is mó dá shaol fásta ag obair thar lear, i Londain i dtosach agus ina dhiaidh sin i Meiriceá.

Thaistil sé ar fud an domhain ag gabháil fhoinn. Sa mbliain 1981 fuair sé cuireadh ó staraí Astrálach, Warren Fahey, teacht go dtí an Astráil agus ceolchoirm amhránaíochta ar an sean-nós a chur ar bun ann. Líon sé an Sydney Opera House go doras.

Is ina ealaíontóir cónaitheach in Ollscoil Washington in Seattle a bhí Joe Éinniú nuair a bhásaigh sé sa mbliain 1984.  Beidh súil siar ar a shaol is ar a shaothar ina cuid lárnach d’fhéile na bliana seo agus comóradh á dhéanamh ar a chuid oibre.

Micheál Ó Cuaig agus Peadar Ó Ceannabháin a chuir tús le Féile Chomórtha Joe Éinniú sa mbliain 1986. Tá aithne i bhfad is i ngearr ar an mbeirt acu mar amhránaithe den chéad scoth i dtraidisiún na hamhránaíochta ar an sean-nós.  Lean Micheál Ó Cuaig ar aghaidh mar stiúrthóir ar an bhféile ar feadh 28 bliain ina dhiaidh sin.

Tá ardmholadh ag Bríd Ní Mhaoilchiaráin, cathaoirleach an choiste eagraithe, don obair a rinne siadsan chun an fhéile a chur ar bun.

“Bíonn chuile dhuine ag rá gur tháinig an oiread sin daoine go Carna an chéad bhliain sin. Dream a raibh aithne acu ar Joe agus go raibh an oiread scéalta á roinnt. Is cosúil go raibh sé thar barr. Thosaigh muintir Éinniú ag plé leis an bhféile sna blianta 2016/2017 agus le dhá bhliain anuas tá an coiste beag seo againne ag díriú isteach uirthi,” a deir Ní Mhaoilchiaráin.

Tógadh Bríd Ní Mhaoilchiaráin, atá ina cathaoirleach ar choiste eagraithe Fhéile Joe Éinniú,  i gCarna agus bhí an amhránaíocht ar an sean-nós ina cuid den saol mórthimpeall uirthi.

“Bhíodh mo mháthair [Béib, neacht le Joe Éinniú] ag gabháil fhoinn sa mbaile, is dóigh gurb é sin an chéad áit riamh ar chuala mé na hamhráin. Bhíodh na taifid de chuid Joe Éinniú á gcasadh sa teach i gcónaí.”

Ní sa mbaile ag an teaghlach amháin a chuala sí na hamhráin, áfach, mar go raibh mórphearsana aitheanta i dtraidisiún na hamhránaíochta ar an sean-nós ina gcónaí ar leic an dorais aici agus í ag fás aníos.

“Tá sé chomh maith dom a rá, muintir na háite uilig a thug na hamhráin dom. Abair, an taobh eile den doras dúinn bhí Michael Mháire a’Ghabha, Dara Bán, Josie Sheáin Jeaic. Níor leag mise suntas ar bith orthu mar ní raibh iontu ach na comharsana. Nuair a fuair duine níos sine, sin é an uair a thuig duine gur laochra a bhí iontu dháiríre. Mar, nuair a thagadh daoine go Féile Joe Éinniú na blianta sin, bhídís ag súil go mór leis na daoine sin a chloisteáil agus casadh leo ag an bhféile.”

Thug an fhéile léargas do Ní Mhaoilchiaráin ar an meas a bhí ar na hamhránaithe ar fhás sise aníos ag éisteacht leo is ag foghlaim uathu. Tá Corn Uí Riada buaite trí huaire anois aici ach is ag Féile Joe Éinniú agus í ocht nó naoi mbliana d’aois a chuir sí isteach ar chomórtas amhránaíochta den chéad uair.

“Is dóigh gur phioc mise suas na hamhráin i ngan fhios dom féin, ar bhealach, i dtús na haimsire. Bhí mé páirteach i bhFéile Joe Éinniú an chéad bhliain ar thosaigh sé. Sin é an chéad uair gur dhúirt mé amhrán go poiblí. Déarfaidh mé an fhírinne, sin é an uair gur thosaigh mé ag foghlaim na n-amhrán.”

Cuimhníonn sí i gcónaí ar an amhrán a chas sí don chomórtas an chéad bhliain sin.

“‘Sé Fáth Mo Bhuartha’ a chas mé agus ‘Fill a Rún Ó’. Bhí dhá amhrán le rá cé go raibh mé istigh sa gcomórtas faoi naoi mbliana. Tá mé fós in ann cuimhneamh ar na hamhráin sin a fhoghlaim. Is tá mé in ann cuimhneamh gur as an leabhairín bheag sin Abair Amhrán a d’fhoghlaim mé iad.

“Bhíodh amhráin bheaga eile agam roimhe sin, cinn a mbeadh curfá leo, cosúil le ‘Sí do Mhamó Í’ agus ‘Bean Pháidín’, ‘Cúnla’ agus na cinn sin. Bheidís sin againn… Ach nuair a chuala mé, nó is dóigh nuair a chuala mo mhuintir go mbeadh comórtas ag Féile Joe Éinniú, is dóigh gurb in é an t-am gur dhúirt siad go raibh sé in am amhrán a fhoghlaim!”

Thug na hamhráin misneach do Bhríd agus measann sí gur chabhraigh siad léi misneach a bheith aici ina saol i gcoitinne go raibh sí in ann iad a rá ar an stáitse.

“Is duine an-chúthail a bhí ionam. Tá mé a cheapadh gur thug na hamhráin deis dom. Nuair a chuaigh tú ar stáitse ag rá amhrán, bhí sé ag tabhairt misneach duit ag an am céanna. Chuidigh sé sin liomsa i mo shaol. Bhí sé i bhfad níos éasca agam seasamh suas agus amhrán a rá ná mar a bheadh sé seasamh suas agus píosa cainte a dhéanamh. Cinnte chuidigh na hamhráin agus a ghabháil ar an stáitse leis sin.”

Is í an tsuim agus an meas a bhí aici ar na hamhráin a spreag í chun leanúint ar aghaidh leis an amhránaíocht ar an sean-nós agus a bheith bainteach leis an bhféile.

“Bhí suim agam i gcónaí a bheith ag foghlaim na n-amhrán. Bhínn i gcónaí ag iarraidh amhrán nua a bheith agam le haghaidh comórtais. Thaithnigh sé sin liom.”

An taithí luath sin a thug misneach di féin, ceann de na fáthanna móra go bhfuil Ní Mhaoilchiaráin den tuairim gur mór an chabhair iad na comórtais amhránaíochta ar an sean-nós do dhaoine óga. Is, cé go bhfuil daoine idir dhá chomhairle go minic faoi na comórtais, creideann sí go bhfuil tábhacht leo chun an traidisiún a thabhairt ar aghaidh go dtí an chéad ghlúin eile.

“Tugann sé sprioc duit an comórtas a bheith agat. Tugann sé sprioc do dhaoine óga agus amhráin nua á bhfoghlaim acu don chéad chomórtas eile.”

Cé nár casadh a seanuncail Joe Éinniú ar Bhríd Ní Mhaoilchiaráin riamh, airíonn sí go bhfuil aithne aici air ó na scéalta atá cloiste aici ó dhaoine eile agus ón ábhar atá le fáil sa gcartlann. Léiríonn an chartlann, dar léi, an tábhacht atá leis an ábhar seo a chaomhnú agus é a roinnt leis an bpobal.

“Ní fhaca mise Joe Éinniú riamh. Sin é an fáth go dtuigim go bhfuil an chartlann atá againn a thug Micheál Ó Cuaig abhaile as Seattle chomh tábhachtach sin. Is tríd sin a chuir mise aithne ar Joe Éinniú agus, ar ndóigh, ó bheith ag éisteacht le scéalta ó mo mháthair faoi. Airím go raibh aithne agam air ó bheith ag éisteacht leis na taifid agus na físeáin atá sa gcartlann. Agus an méid ábhar atá sa gcartlann, tá sé thar barr.”

Tá ábhar ón gcartlann ar fáil ar an suíomh idirlín Cartlanna Sheosaimh Uí Éanaí (joeheaney.org), comhfhiontar idir Ollscoil na Gaillimhe (Roinn na Gaeilge), Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge agus Ollscoil Washington.

Tá súil ag Bríd Ní Mhaoilchiaráin agus ag coiste na féile an traidisiún a cheiliúradh agus lasair na hamhránaíochta ar an sean-nós a chaomhnú is a láidriú.

“Sin é atá i gceist againn leis an bhféile, oidhreacht Joe Éinniú a cheiliúradh agus é a roinnt leis an bpobal agus é a choinneáil beo i measc an phobail. Agus iarracht a dhéanamh an dream óg a mhealladh agus an traidisiún a thabhairt ar aghaidh dóibh.”

Beidh Féile Joe Éinniú ar bun i gCarna ón Aoine beag seo, an 3 Bealtaine, go dtí Dé Domhnaigh, an 5 Bealtaine.

Tá clár na féile ar fáil anseo.

Fág freagra ar '‘Is duine an-chúthail a bhí ionam, chuidigh na hamhráin ar an sean-nós leis sin’'

  • Carraig

    Bheadh Joe mórálach aisti, deirimse leat é.

  • Niall Gòrdan (Niall na Naoi bPionta)

    Iontach ar fad 7 idir fios 7 amhránaíocht ar siúl! :-)