Is beag nár maraíodh mé ceithre huaire nuair a leag tiománaithe de mo rothar mé

Más ag iarraidh líon na mbásanna a laghdú atá muid, is cóir an phríomhbhéim a leagan ar bhóithre a athdhearadh agus ar shábháilteacht rothaithe agus coisithe

Is beag nár maraíodh mé ceithre huaire nuair a leag tiománaithe de mo rothar mé

Chonaic mé bean óg is í ag fáil bháis ar an mbóthar in aice le mo thigh Dé Céadaoin seo caite.

Tháinig mé ar an láthair go luath tar éis na timpiste inar leag leoraí tógála an rothaí Greta Price-Martin, mac léinn 22 bliain d’aois in Institiúid Ealaíne, Deartha agus Teicneolaíochta Dhún Laoghaire.  Bhí paraimhíochaineoirí ag iarraidh a beatha a shábháil ach ba léir go raibh cúrsaí go dona.

Ní dhéanfaidh mé cur síos mion ar an radharc uafásach a bhí os mo chomhair ach ní raibh ionadh orm a chloisteáil go bhfuair sí bás de bharr na ngortuithe tamall ina dhiaidh in Ospidéal Naomh Uinsionn.

Is tragóid uafásach é, agus tragóid níos uafásaí fós é ó tharla go bhfuil cead pleanála faighte do phlean chun an crosbhóthar ag ar tharla an eachtra a athdhearadh ar shlí a dhéanfadh é i bhfad níos sábháilte do rothaithe a bhíonn ag casadh ar chlé, mar a bhí Greta.  Dar ndóigh tá fiosrúchán ar siúl faoi cad a tharla agus níl na sonraí ar fad ar eolas againn fós.

Leag tiománaithe mé de mo rothar ceithre huaire agus bhí an locht ar an tiománaí chuile uair acu sin.  Is iomaí timpiste eile ar éirigh liom a sheachaint a bhuíochas do mo chiall cheannaigh gan muinín a chur i dtiománaithe an rud ceart a dhéanamh.  Seo cur síos ar na timpistí:

  1. Maidin gheal, mé ag rothaíocht suas Ascaill Chnoc Mhuirfean.  Tagann gluaisteán amach as taobh-bhóthar, agus tiomáineann sé díreach isteach ionam ar nós nach raibh mé ann.  ‘Ní fhaca mé thú,’ arsa an tiománaí.
  2. Mé ag rothaíocht ar an mbóthar céanna ar ar maraíodh Grace.  Osclaíonn tiománaí i ngluaisteán páirceáilte a doras amach ar an mbóthar gan choinne.  Caitear den rothar mé agus titim ar an mbóthar.  Feicim gluaisteán ag teacht i dtreo mo chloiginn faoi luas agus cloisim gíoscán na gcoscán.  Éiríonn leis an tiománaí stopadh ar éigean sula rachadh sé i mo mhullach.  ‘Ní fhaca mé thú,’ arsa an tiománaí a d’oscail an doras.
  3. Táim ag rothaíocht ar sheachbhóthar na Carraige Duibhe. Tagann leoraí ar nós an chinn a leag Grace suas taobh liom.  Téann sé níos gaire agus níos gaire dom agus fágann sáinnithe mé idir an leoraí agus an cosán.  Scríobann roth an leoraí an craiceann de thaobh mo chos dheas.  Déanaim cinneadh titim ar chlé d’aon ghnó ionas nach rachaidh mé faoin leoraí.  Leanann an leoraí ar aghaidh gan stopadh.  Is dócha dá n-éireodh liom teacht ar an tiománaí go ndéarfadh sé: ‘Ní fhaca mé thú.’
  4. Táim ag teacht amach sean-phríomhgheata RTÉ ar Lána Nutley ag casadh ar dheis. Tá gluaisteán á thiomáint ag bean óg amach i mo dhiaidh. Tiomáineann sí isteach ionam.  An chéad rud eile gur cuimhin liom táim i mo sheasamh ar an mbóthar ag breathnú ar mo rothar ina smionagar faoin gcarr, agus can aon chuimhne agam cad a tharla.  Deir finné gur éirigh liom rolláil ón rothar ar bhoinéad an chairr, agus ansin rolláil ón mboinéad agus leaindeáil ar an mbóthar ar mo chosa, ar nós rud éigin a d’fheicfeá i scannán James Bond.  Mhínigh néarshíciatraí dom ar ball gur dócha gur bhain gortú comhtholgtha dom agus gurb é sin an chúis nach cuimhin liom m’éacht mór.  Dúirt an tiománaí: ‘Ní fhaca mé thú.’

Caithim seaicéad lonrach buí agus bíonn mála lonrach buí ar mo dhroim anois chun go mbeinn níos feiceálaí ach fós féin sábhálann mo chiall cheannaigh mé go rialta ó thiománaithe ar léir go bhfuil mé dofheicthe dóibh.   Tá feabhas ag teacht ar na bóithre agus níos mó lánaí rothair scartha amach á dtógáil i gcaitheamh an ama.

Ach measaim nach seachnófaí, de thoradh na n-athruithe sin, ach ceann amháin de na ceithre thimpiste inar leag tiománaithe mise den rothar.  Seans go sábhálfadh mo chiall cheannaigh mé an chuid eile, ach sin rud nach bhfuil ag rothaithe óga.  Tá a lán crosbhóthar fós i bhfad ródhainséarach agus gá le hathdhearadh a dhéanamh orthu.

Idir an dá linn tá feabhas simplí amháin a d’fhéadfaí a dhéanamh ar bheagán costais  – go mbeadh cead ag rothaithe crosbhóthar a thrasnú in éineacht le coisithe nuair a bhíonn an fear glas lasta.  Tá cead é seo a dhéanamh go hoifigiúil cheana féin ag roinnt soilse tráchta agus déanann a lán rothaithe é seo ar aon nós ag cinn eile cé nach bhfuil sé ceadaithe fós go hoifigiúil.

Déarfaidh daoine go ndéanann rothaithe rudaí dainséaracha agus go sáraíonn siad rialacha an bhóthair freisin agus is fíor sin.  Ach cé gur beag nár mharaigh tiománaithe mé ceithre huaire agus mé ag rothaíocht, agus cé gur iomaí uair eile ar chuir siad mo bheatha i mbaol, is féidir liom a rá go hionraic nár chuir rothaí mo bheatha riamh i mbaol agus mé i mo thiománaí.

Sa chaidreamh idir gluaisteáin agus rothair, tá a fhios againn ar fad cé acu an meaisín is marfaí go mór.  Leagann an tÚdarás Um Shábháilteacht Bóithre an chuid is mó den bhéim ar an bhfreagracht a chur ar rothaithe dá sábháilteacht féin ar na bóithre.  ‘Lean rialacha an bóthair!  Caith éadaí lonracha!’.  Tá sin ar fad go breá, ach más ag iarraidh líon na mbásanna a laghdú atá muid, is cóir an phríomhbhéim a leagan ar bhóithre a athdhearadh, béim a leagan ar shábháilteacht rothaithe agus coisithe, agus oideachas a chur ar thiománaithe a bheith san airdeall i gcónaí ar shábháilteacht rothaithe.

Fág freagra ar 'Is beag nár maraíodh mé ceithre huaire nuair a leag tiománaithe de mo rothar mé'

  • Mairéad Ní Nuadháin

    An ceart ar fad agat a Fhachtna. Chonaic mise ceann de na heachtraí thuas.