IMEACHTAÍ: Cad é atá ar siúl agat an deireadh seachtaine seo?

Caitheann Tuairisc.ie súil chun cinn ar a bhfuil ag tarlú i saol na Gaeilge agus na Gaeltachta as seo go ceann seachtaine

Maura O'Connell agus Karen Casey (1)


Timpeall na Tíre


Maura O’Connell agus Karan Casey, ar chamchuairt timpeall na tíre, 16-22 Eanáir. Aithnítear iad seo ar an chuid is fearr d’amhránaithe na tíre; chan Maura O’Connell le Dé Danann agus The Chieftans agus bhí Karen Casey ina príomhamhránaí ar Solas sna 90í. Tá siad tagtha le chéile chun sraith ceolchoirmeacha a chur ar siúl, ó cheann ceann na tíre, in éineacht le Martin Tourish, a sheinn le Altan, agus an giotáraí aitheanta Ed Boyd. Meascán de cheol traidisiúnta agus ceol tuaithe Mheiriceá a bheidh le chloisteáil. Deis den scoth na sáramhránaithe seo a fheiceáil ar aon ardán amháin. Tuilleadh eolais: https://www.musicnetwork.ie/

GRÉASÁN CIORCAIL CHOMHRÁ: ‘Is leor beirt’ maidin, tráthnóna agus oíche in ionaid éagsúla ar fud na tíre agus níos faide i gcéin. An chéad mhórghréasán de ‘Chiorcail Chomhrá’ faoi theideal an fheachtais ‘Is leor beirt’. Tá ciorcail chomhrá ar fáil do gach leibhéal, cibé acu foghlaimeoir nó cainteoir líofa thú. Cuireann Conradh na Gaeilge fáilte romhat ‘Ciorcail Chomhrá’ a thosú i do cheantar féin. Níl le déanamh ach am, áit agus sonraí teagmhála a chur chuig isleorbeirt@cnag.ie nó is féidir scairt a chur ar Chonradh na Gaeilge +353 (0)91 567824 le haghaidh tuilleadh eolais, tabhair cuairt ar cnag.ie.


Cúige Mumhan


C Mumhan Simon Ó Faoláin - An LAB

SEOLADH: ‘Fé Sholas Luaineach’ le Simon Ó Faoláin, Dé Sathairn, 17 Eanáir, 3in, An Lab, An Daingean. Seolfaidh Paddy Bushe agus an ceoltóir Mark Crickard cnuasach nua filíochta le Simon Ó Faoláin. Seo an tríú cnuasach ó pheann an Fhaolánaigh foilsithe ag Coiscéim, agus an chéad phéidhre tar éis an-mholadh go deo a fháil ó léirmheastóirí. Tá scata duaiseanna buaite ag a chuid filíochta, ina measc Duais Fhoras na Gaeilge i 2013 agus i 2014. Tuilleadh eolais: https://anlab.ie/

C MUMHAN SweeneysMenCEOLCHOIRM: ‘Sweeney’s Men’, Dé Sathairn 17 Eanáir, ag a 8.30in, The Armada Hotel, An Rinn Spáinneach, Co. an Chláir. Grúpa iad seo a tháinig chun cinn in aimsir na hathbheochana le hollghrúpaí na seascaidí, The Clancy Brothers agus The Dubliners. Ní minic an deis na laochra ceoil Jonny Moynihan, Andy Irvine agus Terry Woods a fheiceáil in éineacht, ceoltóirí a d’imir an-tionchar ar shaol an cheoil in Éirinn. Tuigtear gurb é Moynihan féin a thug an bazouki isteach sa cheol traidisiúnta. Ina dteannta, beidh Jacky Daly, Matt Crannich ó Shliabh Luachra agus Bríd Ó Donoghue agus a muintir. Tá an ceolchoirm seo á reáchtáil ag Oidhreacht an Chláir. Cead isteach: €20 Tuilleadh eolais: www.oac.ie/065 7085785


Cúige Laighean


Notes and Narratives

LÉACHT AGUS CEOL: Notes and Narratives, ‘James Whiteside and the Music of Sliabh Beagh’ le Seán McElwaine, Dé hAoine 16 Eanáir, ag a 8.30in, Na Píobairí Uilleann, Sráid Henrietta, Baile Átha Cliath. Sraith léachtaí bunaithe ar cheol beo a dhíríonn ar cheol traidisiúnta, amhráin agus damhsa, curtha i láthair ag ceoltóirí, ealaíontóirí agus rinceoirí aitheanta. Cead isteach: €10/€5 Mura féidir a bheith i láthair, caith súil ar an sruthú beo ar https://pipers.ie/npu-tv/

C Laighean BECKETT 'Men Like Us'DRÁMA: ‘ Men Like Us’, á léiriú ag Mouth on Fire Theatre Company, 16- 17 Eanáir, Scoil na mBuachaillí, Scabhat Smock, Baile Átha Cliath. An bhfaca tú Beckett as Gaeilge riamh? Seo do sheans! ‘Matalang’, ‘The End’ agus ‘Rough for Theatre’ a bheas á dtaispeáint sa léiriú trí mhír seo, iad fite fuaite lena chéile agus á dtionlacan le ceol ó Kim V Porcelli ar an dordveidhil. Beidh fotheideal ag gabháil le léiriú ‘Matalang’, leagan Gaeilge den ghearrdhráma ‘Catastrophe’ le Beckett, aistrithe ag Gabriel Rosenstock. Amanna: Dé hAoine 16 Eanáir ag a 8in, Dé Sathairn 17 Eanáir 3in agus 8in. Cead isteach: €15/€12 Tuilleadh eolais: www.smockalley.com

SEÓ AONAIR agus Ceol: ‘Idir dhá cheann na hImní’ le Noel Ó Gallchóir – saol agus saothar Sheosaimh Mhic Grianna agus amhránaithe Thír Chonaill, Déardaoin agus Dé hAoine 22- 23 Eanáir, ag a 7.30, Club na Múinteoirí, Cearnóg Parnell Thiar, Baile Átha Cliath. Dráma aon fhir bunaithe ar shaol agus ar shaothar Sheosaimh Mhic Ghrianna (1900-1990), an t-údar mór le rá as Rann na Feirste a scríobh An Druma Mór, An Grá agus an Ghruaim, Mo Bhealach Féin agus go leor eile.  Dráma é seo a scríobh Noel Ó Gallchóir. Is é a chuireann i láthair é fosta. Leanfar le hoíche cheoil le hamhránaithe aitheanta ó Thír Chonaill, ina measc, Máire Ní Choilm, Maria McCool, Brian Danny Minnie agus fonnadóirí eile. Ócáid bhríomhar thaitneamhach a bheas ann le ceiliúradh a dhéanamh ar shaibhreas cultúrtha agus liteartha Thír Chonaill. Cead isteach: €10.00

CEOLCHOIRM: ‘Sea Road Sessions’, Dé hAoine 16 Eanáir, 8in, sa Riverbank, Droichead Nua, Cill Dara. Oíche cheoil ó bhuíon úrnua a nascann scoth an cheoil thraidisiúnta ón tSualainn, ó Albain agus ó Éirinn. Teacht le chéile na ndíséad atá sa cheolchoirm seo. Tá an seisear ceoltóirí aitheanta ar an chuid is fearr de cheoltóirí traidisiúnta ina dtíortha féin.

Aon seans a fhaigheann tú deis Steph Geremia a chluinstin, tapaigh í. In éineacht léi, beidh Kris Drever, Alan Kelly, Ian Carr, Éamonn Coyne, Steph Geremia, Staffan Lindors. Tá an ceolchoirm á reáchtáil i gcomhpháirt le féile ‘Out to Lunch’. Tuillleadh eolais: https://www.androichead.com/

TAISPEÁNTAS: ‘Lár Tíre’, taispeántas Ilmheánach leis an ealaíontóir Pamela de Brí, 9 Eanáir – 24 Bealtaine, 2015, Cartlann Náisiúnta Ghrianghrafadóireachta, Cearnóg Theach an Tionóil, Baile Átha Cliath. Sa bhliain 1987, chaith Ann Mustoe a post múinteoireachta san aer agus thug sí faoi thuras timpeall na cruinne ar rothar. Seo an tríú taispeántas den tionscadal ‘Lár Tíre’, a d’eascair as turas rothaíochta a rinne an t-ealaíontóir, Pamela de Brí, spreagtha ag Ann Mustoe, a thug í ar bhealach an tsean-iarnróid Midland Great Western (MGWR) mar a bhí. Is taispeántas dátheangach, ilmheánach de ghriangraif, de leabhair nótaí, léarscáileanna, gearrthóga fuaime, healbhóireacht agus físeán é Midland. Tuilleadh eolais: www.cucuart.com


Cúige Uladh


CEOLCHOIRM: ‘Sea Road Sessions’, Dé Sathairn 17 Eanáir, 2in, sa Black Box, i mBéal Feirste. Oíche cheoil ó bhuíon úrnua a nascann scoth an cheoil thraidisiúnta ón tSualainn, ó Albain agus ó Éirinn. Teacht le chéile na ndíséad atá sa cheolchoirm seo. Tá an seisear ceoltóirí aitheanta ar an chuid is fearr de cheoltóirí traidisiúnta ina dtíortha féin. Aon seans a fhaigheann tú deis Steph Geremia a chluinstin, tapaigh í. In éineacht léi, beidh Kris Drever, Alan Kelly, Ian Carr, Éamonn Coyne, Steph Geremia, Staffan Lindors. Tá an ceolchoirm á reáchtáil i gcomhpháirt le féile ‘Out to Lunch’. Tuilleadh eolais: https://www.androichead.com/

CLUB FOLK: ‘Jane Cassidy agus Maurice Leyden’ sa Sunflower Folk Club, Déardaoin 22 Eanáir, 8.00in, Sráid an Bhardais, Béal Feirste. Bailitheoir amhráin agus amhránaí aitheanta é Maurice Leyden, a bheas i gcomhluadar a mhná chéile Jane Cassidy, amhránaí a bhí páirteach i saol an cheoil thraidisiúnta in Ulaidh ó na 80í amach. Is féidir talamh slán a dhéanmh de go mbeidh amhrán nó dhó i stór Leyden nach raibh cloiste agat le fada. Ba mhinic iad beirt i mbun ceoil sa sean-Sunflower agus is iontach go bhfuil siad ar ais. Tuilleadh eolais: Cuardaigh ‘Sunflower Folk Club’ ar Facebook.

Ceili míosúil C Uladh

CÉILí: ‘Céilí na Míosa’, Dé Domhnaigh 18 Eanáir, óna 8-11.30i.n, i gCultúrlann Mac Adam Ó Fiach, Béal Feirste. Tá an céilí fóirsteanach do dhamhsóirí déanta agus dóibh siúd ar bheagán taithí araon. Tugtar treoir do thosaitheoirí agus casann an banna céilí ceol beo den scoth. Is féidir leat do scíth a ligean agus sult a bhaint as suipéar éadrom le linn an tsosa. Cead isteach £6.00, suipéar san áireamh. Tuilleadh eolais: www.culturlann.ie

CEARDLANN AMHRÁNAÍOCHTA: ‘Ceardlanna amhránaíochta ar an sean-nós’, faoi stiúir Claire Nic Ruairí, Dé Sathairn 17 Eanáir, 11.30rn -1.30in sa tSeanbheiric, An Fhál Charrach, Co. Dún na nGall. Sraith de cheardlanna amhránaíochta do dhaoine fásta fóirsteanach do gach leibhéal. Bíonn amhránaithe aitheanta éagsúla ó Dhún na nGall/Cúige Uladh ag teagasc na ranganna. Tuilleadh eolais agus clárú: https://www.falcarraghvisitorcentre.com/nó 074 9180655 Táille: €6 an rang nó €30 don chúrsa iomlán.

CEARDLANN SEÁN NÓS: ‘Ceardlann amhránaíochta’ le Dominic Mac Giolla Bhríde, Dé hAoine 16 Eanáir, 6-7in, Páirc na Mara in Áth na Long, Co. an Dúin. Beidh an ceoltóir clúiteach as Gaoth Dobhair, Doiminic Mac Giolla Bhríde ag cur ranganna ar fáil go seachtainiúil i gCo. an Dúin. Beidh seisiún cóir i nDún Éigse, Caisleán Uidhilín ar siúl idir 7.30-9.00in as seo amach gach Aoine. Tá tuilleadh eolais ar fail ó Sara Ní Chuireáin arboircheiochtar@gmail.com nó ar +4475 0042 8600.


Cúige Chonnacht


OÍCHE CHEOIL: ‘O2’ le DJ Slick Normal, Áras na nGael, Sráid Doiminic, Gaillimh. Tá dea-chlú bainte amach ag an gclub anois mar cheann de na hoícheanta is fearr i nGaillimh faoi láthair. Bíonn DJ Tí Oa2, Will Softly agus a chuid aíonna ag casadh togha an cheoil ó funk, hip-hop agus buillí domhanda.

SEISIÚN: ‘Murphen Kobold agus cairde’, Dé Sathairn 17 Eanáir, Áras na nGael, Sráid Doiminic, Gaillimh. Seisiún ceoil breá, tine mhór agus atmaisféar den scoth. Beár oscailte ar a 8.30in. Seisiún ar siúl ón 9.30in.