‘If People were Pandas’ bheadh slacht ar an N59 i gConamara

Ceannlíne shoiléir go leor atá curtha ag an gcomhlacht pobail, Connemara Programme, ar chás an N59, an príomhbhóthar as Gaillimh chun an Chlocháin

‘If People were Pandas’ bheadh slacht ar an N59 i gConamara

Dá mba phandaí iad muintir Chonamara bheadh dromchla, dearadh agus leithead curtha ar an N59 nó Bóthar an Rí, mar a baisteadh air san aimsir a caitheadh. Bheadh Bóthar an Rí chomh mín le cóta bán fionnaidh an phanda.  Ceannlíne shoiléir go leor atá curtha ag an gcomhlacht pobail, Connemara Programme, ar chás an N59, an príomhbhóthar as Gaillimh chun an Chlocháin agus as sin amach go dtí an Líonán agus iarthar Mhaigh Eo – ‘If People were Pandas’. Sa  gClochán atá an comhlacht seo lonnaithe.

Bunaíodh é in 2012 le súil agus go mbeidís in ann smaointe, tuairimí agus moltaí a chur chun cinn a chuideodh le hathbheochan a dhéanamh ar chúrsaí gnó agus pobail i gConamara.

Beirt de mhuintir Sheoige atá ar an stiúir ann – Colm agus Pádraic (P.K. mar is fearr aithne air).  Tá mianach shloinne na Seoigeach fite, fuaite i stair agus i gcultúr Chonamara ach tá siad dá dtanú amach le blianta. Díreach mar atá mianach an chine dhaonna ag lagan leo i gConamara, arsa na Seoige seo sa gClochán. 

Go deimhin, a dúradar, tá an cine daonna ar an mianach is mó atá gafa chun deiridh i gConamara agus a bhunáiteanna i mbaol go mór anois.

De réir an staidéir atá déanta ag na Seoige agus ag Connemara Programme ar an saol, níl fanta den chine daonna i gConamara anois ach níos lú ná 10% den daonra a bhí ann 150 bliain ó shin.  Chuir an Daonáireamh is deireanaí tairne eile sa gcónra, taispeánadh go raibh 18% de laghdú ar an daonra timpeall an Chlocháin féin, an baile is láidre i gConamara, in imeacht na gcúig bliana ó 2011 go 2016.

Teastaíonn bóthar maith, leathan, láidir ar mhaithe leis an bpór seo ar a dtugtar “homo sapiens”, an cine daonna, a deir na Seoige. Dá uireasa sin, imeoidh siad ar nós na nduilliúr i mí na Samhna, feoite, traochta agus séidte le gaoth. 

Má bhaintear mórán eile as an 10% atá fanta thart, is fánach orthu.

Tá filíocht sa ráiteas is deireanaí sin ón Connemara Programme ach is imní atá ar na húdair agus tá siad corraithe.  Cheal infreastruchtúr ceart, titfidh an t-anam as pobail tuaithe, a deir na Seoige.

Níl an scríobh chomh fileata céanna sa Chuntas Buiséid 2017 a cuireadh ar fáil an tseachtain seo.  Figiúirí, fíricí agus fealsúnacht Chomhairle Chontae na Gaillimhe atá ann. 

Tá an Buiséad atá molta do 2017 tugtha agus tá súil caite chun cinn acu ar na chéad trí bliana eile.  Tá Bóthar an Rí luaite ann, an N59.  Tar éis a léite, déarfadh an dream atá ag taisteal ar an mbóthar corrach seo go gcaithfear fios a chur ar na pandaí.  Ní chuirfear láí i dtalamh ann, a deirtear go ceann bliain agus ráithe, ar a laghad. 

De réir na cáipéise seo, ní thosófar ag obair ar an bplean cuimsitheach forbartha idir Uachtar Ard agus an Teach Dóite go dtí 2018 agus beidh sé sin féin ag brath ar chead ó Oifig na bPáirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra (a phléann le ceisteanna timpeallachta), sin agus an t-airgead a bheith ar fáil an uair sin. 

Idir an dá linn, táthar ag plé le ceannach na talún atá ag teastáil ar dhá thaobh an bhóthair.  Sin 15 ciliméadar bóthair.

Ansin, tá tuairim is 34 ciliméadar eile idir an Teach Dóite agus an Clochán, áit ar dhiúltaigh an Bord Pleanála d’iarratas ar fhorbairt an bhóthair ansin níos túisce i mbliana.  Tugtar gealltanas i gcáipéis na seachtaine seo ón gComhairle Contae go gcuirfear iarratas nua ar an bpíosa seo faoi bhráid an Bhoird Pleanála in 2017.  Níor dearnadh aon tagairt eile don stráice sin bóthair ach beidh am agus aimsir ag baint leis sin.  Ina dhiaidh sin uilig, tá cúpla rud nua i gcáipéis na Comhairle Contae maidir leis an N59.

Tugtar le fios go réiteofar dearadh don N59 “taobh thiar de Leitir Fraic” in 2017.  Tá an chuid sin den bhóthar tuairim is ocht míle ó thuaidh den Chlochán agus tú ag dul i dtreo Mhaigh Eo.  Táthar ag súil go mbeifear ag cuardach conraitheoirí in 2018 agus go dtosófar an obair ansin in 2019.  Níl aon mhioneolas tugtha faoin achar bóthair atá i gceist. 

Díol suntais eile sa gcáipéis seo ón gComhairle Contae ná gur cosúil go bhfuil an cuarbhóthar timpeall ar shráidbhaile Mhaigh Cuilinn, cuid den N59 freisin, curtha ar an méar fhada.  Tugtar le fios gurb é an plean atá acu anois ná a ghabháil ag iarraidh conraitheoirí le haghaidh na hoibre sin in 2018 agus an cuarbhóthar a thosú i Maigh Cuilinn in 2020. 

An bhféadfá a bheith cinnte de sin uilig?  Is iomaí duine a déarfadh gurbh fhiú níos mó airde a thabhairt ar an ráiteas atá curtha amach ag an Connemara Programme, agus fiú ar na pandaí atá ag dul i léig sa tSín, ná ba chóir a thabhairt ar réamhbhreithiúnas Chomhairle Chontae na Gaillimhe faoi bhóithre Chonamara.

Ach de réir na scéalta atá le cloisteáil ‘ar an talamh’, tá an bóthar giorraithe ag lucht Feachtas Gnímh an N59. 

“Tá cor bainte acu as údaráis na mbóithre agus as Seirbhís na bPáirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra,” a deir polaiteoir amháin  ar an gcúlráid an tseachtain seo. 

Cor de chineál eile a bheidh ann san oíche Aoine seo amach romhainn, nuair a bheas daoine ag teacht aneas agus aduaidh, a deirtear, chuig damhsa mór atá á eagrú ag Feachtas Gnímh an N59 Tí Pheacock ar an Teach Dóite.