Iasc nua-aimsithe ainmnithe as amhránaí Gaeltachta

Ainmníodh Leporinus enyae as an amhránaí clúiteach Gaeltachta Enya, as Gaoth Dobhair, toisc gur in abhainn an Orinoco, teideal amhráin dá cuid, a fuarthas é

Iasc nua-aimsithe ainmnithe as amhránaí Gaeltachta

Ainmníodh speiceas nua éisc a d’aimsigh eolaithe in Ollscoil Stáit Oregon i Meiriceá as an amhránaí Gaeltachta Enya le deireanas.

Tháinig na heolaithe ar an “éiscín beag gleoite” Leporinus enyae in Abhainn Orinoco agus bheartaigh ainm an amhránaí as Gaoth Dobhair, a d’eisigh an t-amhrán Orinoco Flow sa bhliain 1988, a thabhairt air.

Dúirt Michael Burns, príomhúdar an pháipéir ina gcuirtear síos ar an speiceas nua, go mbíodh eolaí eile, Ben Frable, i gcónaí ag casadh amhrán Enya agus iad ag obair ar na héisc.

“Chuala mé an t-amhrán chomh minic sin gur greamaíodh i mo chloigeann é. Ansin thosaigh mé ag éisteacht leis d’aon turas nuair a bhí mé ag tomhas na n-iasc. Nuair a tháinig an t-am le hainm a thabhairt orthu, bhraith mé gur cheart an t-iasc álainn seo as an Orinoco a ainmniú as an gceoltóir a scríobh an t-amhrán álainn sin,” a dúirt údar eile an pháipéir, Marcus Chatfield.

Is cláirseoir Ceilteach é duine eile de na heolaithe a d’oibrigh ar an staidéar, Brian Sidlauskas, príomheolaí na n-iasc san Ollscoil, agus dúirt go bhfuil dúil mhór ag an bhfoireann i gceol bhean na Gaeltachta.

Tá Abhainn Orinoco i Veiniséala i Meiriceá Theas. Bhí na heolaithe i mbun staidéir ar na cineálacha éisc atá le fáil in aibhneacha éagsúla ar fud na Mór-Roinne, f0-aibhneacha de chuid na hAmasóine ina measc.

Tháinig siad ar dhá speiceas nua sa ghéineas Leporinus — an ceann a ainmníodh as Enya, agus an Leporinus villasboasorum a ainmníodh as Orlando, Cláudio agus Leonardo Villas-Bôas, a throid le cearta na mbundúchasach timpeall Abhainn Xingu a chosaint leathchéad bliain ó shin.

Tá tuairim is 90 speiceas éagsúla sa ghéineas Leporinus agus tá a bhformhór mór acu le fáil ar fud Mheiriceá Theas.

“Cheap muid go mbeadh sé éasca go leor breathnú ar líon na n-iasc atá cosúil lena chéile in abhantrach an Orinoco i Veiniséala, in Abhainn Essequibo sa Ghuáin, agus in abhainníní beaga a eascraíonn as an Amasóin sa Bhrasaíl go bhfeicfeadh muid an raibh gaol eatarthu. Mar a tharlaíonn sé, tá ar a laghad dhá speiceas iomlán nua ann, agus d’fhéadfadh i bhfad níos mó a bheith ann,” a dúirt Sidlauskas.

Tá an Leporinus enyae réasúnta beag, idir 20 agus 25 ceintiméadar ar fad, ach tá éisc sa ghéineas céanna a fhásann suas go 60 ceintiméadar. Ciallaíonn leporinus “giorria beag”, ag tagairt do na fiacla móra a ghobann amach óna mbéal, mar a bhíonn ar choiníní.

Eisíodh Orinoco Flow i 1988 mar phríomhamhrán ar an albam Watermark, an dara halbam a chuir Enya amach. Bhí sé ag barr na gcairteacha sa Bhreatain ar feadh trí seachtaine agus ainmníodh do dhá ghradam Grammy é.

Fág freagra ar 'Iasc nua-aimsithe ainmnithe as amhránaí Gaeltachta'