‘I think it probably makes you feel sick to the core’ – Ian Paisley Jr ar dhearcadh an DUP i leith na Gaeilge

Labhair an Feisire Parlaiminte de chuid an DUP faoi chás na Gaeilge ó thuaidh ag Scoil Samhraidh Kennedy i Ros Mhic Thriúin i Loch Garman ag an deireadh seachtaine

‘I think it probably makes you feel sick to the core’ – Ian Paisley Jr ar dhearcadh an DUP i leith na Gaeilge

Tá ráite ag an bhFeisire Parlaiminte de chuid an DUP Ian Paisley Jr gur dócha go gcuireann ráitis dhiúltacha an DUP faoin nGaeilge samhnas ar dhaoine ar mór acu an teanga.

Cuireadh ceist ar an bpolaiteoir sinsearach de chuid an DUP ag Scoil Samhraidh Kennedy conas is dóigh leis a bhraitheann lucht páirte na Gaeilge faoin scigaithris a rinne Gregory Campbell i Stormont ar an abairt ‘Go raibh maith agat, a Cheann Comhairle’.

“I think it probably makes you feel sick to the core,” a dúirt Paisley agus é faoi agallamh ag an iriseoir agus údar Noel Whelan a d’fhiafraigh de, “How do you think the likes of Gregory Campbell saying curry my yoghurt a can coca cola makes us feel?”.

Dúirt Paisley chomh maith gurb é a bhí i gceist le ráiteas Campbell ná léiriú ar an imní a chuireann aontachtaithe in iúl do pholaiteoirí faoin nGaeilge a bheith á húsáid mar “political weapon” ina gcoinne.

Dúirt Paisley gur míniú ar leithéidí ráitis Campbell a bhí sa mhéid sin seachas leithscéal, agus thug sé le fios gur labhair sé leis an teachta tionóil faoin scigaithris a rinne sé ar an nGaeilge.

Maidir leis an ráiteas ‘Curry my yoghurt’ agus an ráiteas a rinne Arlene Foster faoin éileamh ar Acht Teanga agus ‘crogaill’, dúirt Paisley gur léiriú ar fhearg an phobail aontachtaigh a bhí i ráitis mar sin.

Dúirt sé go gcaithfeadh polaiteoirí an DUP dul i bhfeidhm ar a vótóirí féin agus ‘labhairt leo’.

Ní ann don vótálaí aistreach ó thuaidh atá báúil don Ghaeilge agus ní mór do pholaiteoirí ó thuaidh labhairt lena “lucht éisteachta” féin dá bharr.

Dúirt Paisley Jr go raibh súil aige go gcruthófaí amach anseo dóthain “spáis” chun go bhféadfadh daoine tuiscint a bheith acu dá chéile agus do chultúir a chéile agus thagair sé don ról lárnach a bhí ag Protastúnaigh in athbheochan na Gaeilge.

Tuairiscíodh ar an Daily Telegraph an tseachtain seo caite gur ghlac Paisley Jr le luach £100,000 de laethanta saoire ó rialtas Sri Lanka, líomhaintí atá séanta go láidir aige. Dhiúltaigh sé dintiúir an scéil a phlé le linn an agallaimh phoiblí ag Scoil Samhraidh Kennedy i Ros Mhic Thriúin i Loch Garman ag an deireadh seachtaine.