Gael-Mheiriceánaigh ag giolcadh – cé as a dtagann an méid is mó giolcacha Gaeilge i SAM?

Tá a thuilleadh anailíse déanta ag Tuairsic.ie ar na staitisticí Gaeilge do Twitter a foilsíodh an mhí seo caite. Is as California agus Seattle a thagann an líon is mó giolcacha i SAM ach tá cathracha móra na nÉireannach, Boston agus New York, ar an liosta freisin

iphone5-in-hand

Is é California an stát as a dtagann an méid is mó gníomhaíochta i nGaeilge ar Twitter i SAM, dar leis an anailís a rinne Tuairisc.ie ar fhigiúirí an Ollaimh Kevin Scannell an mhí seo caite.

Tuairiscíodh cheana ar an suíomh seo gurb as Stáit Aontaithe Mheiriceá a thagann an méid is mó giolcacha Gaeilge nuair nach gcuirtear Éire san áireamh. Tá mionanailís anois déanta ag Tuairisc.ie ar fhigiúirí na tíre sin agus léargas le fáil ar dháileadh na ngiolcacha Gaeilge i gceann de na tíortha a bhfuil an líon is mó daoine a deir gur de shliocht na hÉireann iad.

Díol iontais é go bhfuil Massachusetts, ina bhfuil an chathair Boston, ag uimhir a seacht ar an liosta seo. Tá ceangal nach beag ag an gcathair, agus dá bharr sin an stát, le hÉirinn ach le Gaeltacht Chonamara ach go háirithe. In ainneoin an cheangail láidir sin bhí Washington, New York, Missouri (áit as a mbíonn an tOllamh Scannell féin ag giolcaireacht), agus New Hampshire níos airde ar an liosta ná mar a bhí Massachusetts.

Ar an iomlán, bhí 12 stát i Meiriceá le feiceáil ar liosta na 1,000 giolcaire is mó gnímh a d’eisigh Scannell an mhí seo caite. Bhí beagnach a leath acu sin i bhfíor-oirthuaisceart na tíre, ceantar atá luaite go stairiúil le Gael-Mheiriceánaigh.

Níl ach trí stát ar chósta an iarthair ach tá dá cheann acu sin ar, California agus Washington, ar bharr an liosta. Tá ceithre stát i lár na tíre ar an liosta freisin, Minnesota, Colorado, Missouri agus Illinois. Níl stát ar bith sa Deisceart ar an liosta.

Tá an t-eolas seo bunaithe ar an 1,500 giolc is deireanaí ón 1,000 giolcaire Gaeilge is gníomhaí ar Twitter ar an 1 Eanáir 2016. Tá taighde Kevin Scannell bunaithe ar chuntais phoiblí ar Twitter a bhfuil áit luaite leo.

Fág freagra ar 'Gael-Mheiriceánaigh ag giolcadh – cé as a dtagann an méid is mó giolcacha Gaeilge i SAM?'

  • Tuigim

    Bród ☺
    California abú.
    ♥ don teanga láidir anseo.

    • Brian Ó Sochlacháin

      Meas tú cén fáth California ar uimhir a haon @Tuigim? Hmm….

      • Tuigim

        Ha ;) Daoine le Gaeilge anseo.
        Níl mé i m’aonar.
        The West’s Awake & Gaelach.
        Téigh siar! Tá Gaeilge órga ann ☺

        • Brian Ó Sochlacháin

          Ní féidir liom dul níos siar, thitfeadh mé isteach san Atlantach! Maith sibh, tá mé an tógtha leis an Thiar SAM,, caithfidh mé a rá

  • Tuigim

    SoCal = Deisceart ;)

  • Séafra

    As an Deisceart mé (North Carolina) ach níl mé ar Twitter =)