Éadach gan inscne – dearadh ceannródaíoch nó cleas margaíochta?

Tá ár gcomhfhreagraí in amhras faoin dearadh is deireanaí atá seolta ag Zara – Ungendered

Tá díospóireacht spreagtha ar na meáin shóisialta faoi bhailiúchán nua éadaí atá curtha ar an margadh ag an gcomhlacht idirnáisiúnta Zara faoin mbranda “Zara – Ungendered”. Go bunúsach, is é atá i gceist ná éadach a mhaíonn siad a d’oirfeadh d’fhir agus do mhná.

Níor aimsigh mé aon fhocal oifigiúil Gaeilge fós ar an gcoincheap a bhaineann le “ungendered” – b’fhéidir go mbeadh an focal “Ganinsceach” oiriúnach.

Ach an bhfuil aon rud úrnua nó réabhlóideach ag baint leis na héadaí is deireanaí seo nó an cleas margaíochta atá i gceist ag an gcomhlacht le poiblíocht agus aird a tharraingt orthu féin?

“Zara have started doing ‘ungendered’ clothes. I have never been so proud!” a mhaígh duine amháin ar Twitter.

Deir Zara féin gurbh iad an chéad mhiondíoltóir mórshráide a bhfuil aghaidh tugtha acu ar an éadach faiseanta céanna a dhearadh don dá inscne ach tá neart amhrais faoi seo ar na meáin shóisialta agus daoine ag rá nach bhfuil i gceist go bunúsach ach hoodies agus jíons mar a bhíonn á gcaitheamh go rialta againn ar fad.

That was my preferred costume in the sixties and seventies. It’s not BOLD – it’s O-L-D” a dúirt duine amháin ar Twitter. “I don’t think it’s the fact that it’s bold but more the fact that an international brand is taking a step in the right direction,” a dúirt duine eile.

Deir cuid acusan atá cáinteach faoin iarracht seo nach féidir a rá gur éadaí “gan inscne” atá deartha i ndáiríre ag Zara agus nach bhfuil iontu ach éadaí d’fhir gur féidir le mná iad a chaitheamh freisin.

Is cinnte nach bhfuil sciortaí ná gúnaí mar bhunús leo agus, mar a dúirt cuid de lucht a gcáinte ar Twitter, níl dathanna “banúla” nó patrúin le bláthanna i gceist sna héadaí nua seo. Ní ghéilltear don dearadh traidisiúnta a shamhlófaí le “éadach do mhná” ach tugtar tús áite do dhearadh éadaí na bhfear agus iad sa tóir ar éadach gan inscne. 

Ocht bpíosa ar fad atá sa mbailiúchán agus na dathanna liath, bán nó dúghorm is mó atá i gceist. Tá siad ar fáil i siopaí Zara agus ar líne ar chostas idir €9.95 agus €39.95 ar na baill éadaigh éagsúla.

Tá daoine áirithe sásta go ndearna Zara an iarracht seo mar go n-ardaíonn sé ceisteanna faoi steiréitíopáil inscne; deir siad go gcabhródh an plé sin linn dul i ngleic le claontacht inscne.

Beidh d’intinn féin agat faoi – an cur chuige ceannródaíoch agus dúshlánach atá i gceist anseo nó cleas margaíochta le do chuid airgid a mhealladh uait?

Fág freagra ar 'Éadach gan inscne – dearadh ceannródaíoch nó cleas margaíochta?'