Duais nua le bronnadh ag Glór na nGael ar an gcoiste Gaeilge is mó ‘a neartóidh an pobal Críostaí’

Is í an iris An Timire, an iris Ghaeilge is sine in Éirinn, atá ag déanamh urraíochta ar an duais

Duais nua le bronnadh ag Glór na nGael ar an gcoiste Gaeilge is mó ‘a neartóidh an pobal Críostaí’

Bronnfar duais €750 ar an gcoiste Gaeilge is mó a ‘neartóidh an pobal Críostaí’ agus a chuirfidh cúrsaí spioradáltachta chun cinn trí Ghaeilge ag Gradaim Ghlór na nGael an bhliain seo chugainn.

Tá dhá dhuais nua fógartha ag Glór na nGael i mbliana, Duais an Timire, a bhronnfar ar an gcoiste is fearr a dhéanann obair ar son na spioradáltachta agus na Críostaíochta, agus Duais an Oireachtais, a bhronnfar ar an gcoiste is fearr a dhéanann ‘Greásán Úsáidte Gaeilge’ a fhorbairt — cumann leabhar, grúpa siúlóide, club peile nó a leithéid.

Is í an iris An Timire, an iris Ghaeilge is sine in Éirinn, atá ag déanamh urraíochta ar an duais spioradáltachta. Bunaíodh an iris sa bhliain 1911 agus foilsítear ceithre huaire sa bhliain í. Is é an tÍosánach Frainc Mac Brádaigh atá ina eagarthóir ar an iris faoi láthair. Pléitear cúrsaí creidimh, cúrsaí cultúrtha agus cúrsaí sóisialta inti.

Is é Oireachtas na Gaeilge atá ag déanamh urraíochta ar an duais eile don Ghréasán Úsáidte Gaeilge is fearr. Tá cúram ar an Oireachtas gréasáin shóisialta Ghaeilge a fhorbairt ar fud na tíre.

Idir an dá linn, tá tús curtha ag moltóirí Ghlór na nGael lena gcamchuairt timpeall na hÉireann agus moltóireacht á déanamh acu ar 50 coiste pobail ó cheann ceann na tíre do Ghradaim Ghlór na nGael.

Beidh na coistí éagsúla ag casadh le moltóirí Ghlór na nGael sna míonna amach romhainn. Bronnfar Gradaim Ghlór na nGael ag ócáid a reáchtálfar in Óstán Glasson i gContae na hIarmhí mí an Mhárta 2018.

Tá duaischiste de bhreis agus €80,000 ag Glór na nGael don bhliain seo.

Fág freagra ar 'Duais nua le bronnadh ag Glór na nGael ar an gcoiste Gaeilge is mó ‘a neartóidh an pobal Críostaí’'

  • Cordelia Nic Fhearraigh

    Bíonn duais ag Údarás na Gaeltachta i gComórtas na mBailte Slachtmhara achan bhliain ach níl baint ar bith aige le ‘forbairt’ ná ‘neartú’ na Gaeilge sa Ghaeltacht. Bheirtear an t-airgead don bhaile Gaeltachta leis na marcanna is mó sa chomórtas don bhliain sin. Níl critéir ar bith i gceist ó thaobh cuir chun cinn na Gaeilge de…

    Ceap magaidh agus cuir amú airgid i mo thuairimse.

  • Tarlach

    Tá sé seo scanallach-coinnigh an Ghaeilge scartha ón chreideamh. Ní eagraíocht chriostúil í Glór na nGael- an dtabharfaí tacaíocht don bhaile is mó forbartha an mhoslamachais? Cad chuige nach dtabharfaí? Céim siar é seo. Mór bhur náire.

  • Lorcán

    Níl scanall ar bith anseo, Airigid ó eagraíocht chríostúil á tabhairt do Ghlór na nGael chun críostaithe na gaeltachta a spreageadh chun Gaeilge a úsáid. Más mian le grúpa moslamach a leithéad a dhéanamh beidh fáilte rompu ó pobal moslanach na Gaeltachta a Tharlach, Creid nó ná creid tá críostaí sa ghaeltacht fós…. Coinnnigh an Ghaeilge scartha ón aindiachas iorghalach freisin!!!