‘Díomá’ faoi ‘mhionlach beag’ atá ag cur in aghaidh bhunú na chéad bhunscoile lán-Ghaeilge in oirthear Bhéal Feirste

Deir Aodán Mac Séafraigh, Cathaoirleach Choiste Scoil na Seolta, go raibh iarracht ar siúl ‘brú’ á chur ar lucht bunaithe na scoile, ach nach mbeadh aon athrú ar an phlean í a oscailt san fhómhar

‘Díomá’ faoi ‘mhionlach beag’ atá ag cur in aghaidh bhunú na chéad bhunscoile lán-Ghaeilge in oirthear Bhéal Feirste

Deir bunaitheoirí na chéad bhunscoile lán-Ghaeilge in oirthear Bhéal Feirste go bhfuil “díomá” orthu faoi “mhionlach beag” atá ag cur ina n-aghaidh, ach nach bhfuil siad chun géilleadh d’aon dream atá ag iarraidh “brú” a chur orthu.

Tuairiscíodh ar an suíomh seo i inné go bhfuil coiste pobail i gceantar aontachtach, atá buailte le láthair na scoile nua, ag maíomh gur ‘gan comhairliúchán agus gan rannpháirtíocht’ an phobail áitiúil a roghnaíodh láthair na scoile.

I ráiteas a scaipeadh ar na meáin shóisialta, léirigh Coiste Pobail Chluain Daimh a míshástacht faoin scoil lán-Ghaeilge nua, Scoil na Seolta, a bheith á lonnú sa cheantar. “Ní dúinne aon rud nach bhfuil muid páirteach ann [Nothing without us is for us],” a dúradh.

Ach deir Linda Irvine, ón eagraíocht Turas, an eagraíocht atá i mbun na scoile a bhunú, nach bhfuil “bunús” leis an mhéid atá ráite ag an ghrúpa.

“Tá go leor mífhaisnéise i ráiteas an ghrúpa seo, a théann in aghaidh an chomhairliúcháin ar fad atá ar bun againn faoin scoil nua agus an dea-aischothú atá faighte againn faoin scoil a lonnú sa cheantar.

“Is grúpa é seo nár chuala mé trácht riamh orthu agus atá ag cur mífhaisnéis ar na meáin shóisialta.”

“Gach uair a chuireann dream inár gcoinne, bíonn díomá orainn. Cé go mbíonn muid leath ag súil leis, bíonn sé deacair agus bíonn díomá orainn,” a dúirt Irvine.

In 2021 bhí ar Naíscoil na Seolta, an chéad naíonra lán-Ghaeilge in oirthear Bhéal Feirste, láthair nua a aimsiú mar gheall ar fheachtas fuatha a reáchtáladh in aghaidh bhunú na naíscoile.

Tháinig an bhagairt ó Choiste Chluain Daimh sna sála ar chinneadh Choiste Pleanála Chomhairle Cathrach Bhéal Feirste cead pleanála a thabhairt don chéad bhunscoil lán-Ghaeilge, Scoil na Seolta, i gceantar na Creagaí in oirthear Bhéal Feirste.

Ghlac an Chomhairle le hiarratas don fhorbairt ina mbeidh naíonra, bunscoil agus áit spraoi ar shuíomh a bhfuil cuid de in aice le 44 Bóthar Montgomery agus cuid de taobh thoir de.

Dúirt Irvine gurb é fírinne an scéil go mbíonn an chuid is mó do dhaoine “réasúnta, ciallmhar agus tuisceanach” ach go mbíonn “mionlach beag ann a éiríonn iontach tógtha faoi rudaí”.

“An rud is deacra, nuair a bhíonn daoine ag déanamh mí-léiriú ar an mhéid a tharla agus a dúirt tú ar líne, tá sé an-deacair tú féin a chosaint mar go mbeidh tú ag cur fáilte roimh dhrochíde ach téann an mhífhaisnéis sin i bhfeidhm ar dhaoine eile, agus tá sin deacair.

“Is cuid den bhaisteadh é,” a dúirt sí.

Scaip Coiste Scoil na Seolta 17,000 bileog eolais faoin chéad scoil imeasctha lán-Ghaeilge atá le bunú in oirthear na cathrach agus tá 200 léiriú spéise faighte ó thuismitheoirí páistí de gach aois, ó pháistí nuabheirthe go dtí páistí in aois scoile.

Táthar ag súil go mbeidh trí scór páiste ag fáil oideachais lán-Ghaeilge sa bhunscoil nua agus sa naíonra in oirthear Bhéal Feirste nuair a chuirfear tús leis sa scoilbhliain úr.

Ina ráiteas d’iarr Coiste Pobail Clonduff ar Linda Ervine teacht chuig oíche eolais le hionadaithe agus lucht cónaithe an cheantair chun an scéal a phlé.

Dúirt Irvine go raibh sí i ndiaidh teagmháil a dhéanamh leis an ghrúpa agus go raibh sí sásta bualadh leo le labhairt faoin scoil.

Dúirt Aodán Mac Séafraigh, Cathaoirleach Choiste Scoil na Seolta go raibh “brú” á chur orthu faoina n-iarrachtaí an scoil a bhunú ach nach mbeadh aon athrú ag teacht ar an phlean Scoil na Seolta a oscailt san fhómhar.

“Tá brú á chur orainn ach tá muid tiomanta do bhunú na scoile agus beidh muid ag dul ar aghaidh leis na pleananna. Seans go mbeidh cur inár gcoinne agus ní maith sin ach beidh muid ag leanúint linn.

“Tá muid ag tarraingt ar an 12 Iúil, am achrannach i mBéal Feirste agus in áiteanna sa tuaisceart mar sin níl an t-atmaisféar iontach le bheith ag bunú Gaelscoile in oirthear Bhéal Feirste ach socróidh rudaí síos.”

Dúirt Mac Séafraigh nach léiriú é dearcadh diúltach an ghrúpa i leith na scoile ar na tuairimí atá ag an-chuid de na daoine in oirthear Bhéal Feirste, atá “fáilteach” roimh an chéad scoil imeasctha lán-Ghaeilge a bhunú sa cheantar.

“Fuair muid an-tacaíocht ó Chomhairle Cathrach Bhéal Feirste agus tá an léas sínithe agus tá muid ag súil go mór le tús a chur leis an fhorbairt,” a dúirt sé.

Fág freagra ar '‘Díomá’ faoi ‘mhionlach beag’ atá ag cur in aghaidh bhunú na chéad bhunscoile lán-Ghaeilge in oirthear Bhéal Feirste'