Deireadh á chur ag TG4 le ‘Seó Spóirt’ agus ré na gclár cainte thart

Tá cinneadh glactha ag TG4 go dtiocfaidh deireadh lena gclár iomráiteach spóirt i mí Aibreáin, tar éis 11 bliain ar an aer

Deireadh á chur ag TG4 le ‘Seó Spóirt’ agus ré na gclár cainte thart

Tiocfaidh deireadh leis an gclár Seó Spóirt ar TG4 i mí Aibreáin, tar éis 11 bliain ar an aer.

Thug lucht déanta Seó Spóirt ar TG4 le fios do Tuairisc.ie go bhfuil “díomá” orthu nach mbeidh séasúr eile den chlár á lorg ag TG4 i mí Aibreáin.

Dúirt Seán Ó Cualáin, a léiríonn an clár in éineacht lena dheartháir Éamonn Ó Cualáin, le Tuairisc.ie, áfach, go bhfuil an comhlacht, Sónta Teo, sásta gur mhair an tsraith, a chuireann Dara Ó Cinnéide i láthair, 11 bliain ar TG4.

Craoltar dhá shéasúr sa bhliain de Seó Spóirt ar TG4, ceann amháin le linn shraith CLG san earrach agus ceann eile le linn na gcraobhchomórtas.

Fágann an cinneadh faoi Seó Spóirt go bhfuil amhras mór anois faoina bhfuil i ndán do chláir eile ar nós Comhrá, Béaloideas Beo agus Róisín agus TG4 ag imeacht ar fad ó mhúnla ‘an chláir cainte’.

D’fhógair Ard-Stiúrthóir TG4, Alan Esslemont, struchtúr nua do TG4 ag cruinniú i nGaillimh an mhí seo caite. Mar thoradh ar an athstruchtúrú, cuirfear deireadh leis na cláir stiúideo a dhéantar i mBaile na hAbhann.

D’fhéadfadh gurb é an t-aon chlár stiúideo a thiocfaidh slán ó na hathruithe ná clár cúrsaí reatha amhail 7 Lá.

Tuigtear go raibh cainteanna ar bun idir TG4 agus RTÉ maidir le nasc a chruthú idir 7 Lá agus Nuacht TG4. Faoi láthair, tá Nuacht TG4 mar chuid den soláthar 365 uair an chloig d’ábhar a chuireann RTÉ ar fáil don stáisiún Gaeilge faoin Acht Craolacháin. D’fhéadfadh go mbeadh RTÉ ag cur lena soláthar cúrsaí reatha don stáisiún Gaeilge faoi shocrú a d’fhágfadh go mbeadh uair an chloig de chúrsaí reatha ann ag a seacht a chlog dhá oíche in aghaidh na seachtaine.

Dúirt Seán Ó Cualáin go raibh tuairim ag lucht Sónta go mbeadh deireadh ag teacht le Seó Spóirt i bhfianaise an méid a dúirt Esslemont ag cruinniú na míosa seo caite.

“Bhí muid ag ceapadh gurb in a bheadh romhainn, ceart go leor. Ní bheidh cláracha stiúideo á ndéanamh ag TG4, seachas cláracha faisnéise agus cluichí beo agus rudaí ar an gcaoi sin. Caithfidh muid glacadh leis, más sin an chaoi a bhfuil an margadh ag dul. Tá díomá orainn cinnte, ach caithfidh tú coinneáil ort agus a bheith ag athrú freisin.

“Tagann deireadh le chuile shraith agus tá muid sásta leis an aon bhliain déag atá faighte againn, agus ní tharlaíonn sé go minic go maireann sraith teilifíse chomh fada sin,” a dúirt sé.

Tá cláir faisnéise spóirt déanta cheana ag Sónta Teo, leithéidí GAA USA, a bhuaigh gradam MacNamee de chuid CLG anuraidh, Rás Tailteann agus an scannán nua faisnéise Crash and Byrne, faoin tiománaí Tommy Byrne.

Dúirt Ó Cualáin go bhfuil súil aige aghaidh a thabhairt ar a thuilleadh clár faisnéise spóirt amach anseo agus go bhfuil ag éirí go maith lena bhfuil déanta ag an gcomhlacht sa réimse sin go dtí seo.

Taispeánadh Crash and Burn i bpictiúrlanna agus craolfar ar theilifís náisiúnta na hÉireann agus na Breataine sna seachtainí amach romhainn é.

Is é iarchaptaen Chiarraí, Dara Ó Cinnéide, a chuireann Seó Spóirt i láthair agus bíonn aíonna aitheanta ar an gclár gach seachtain le plé a dhéanamh ar imeachtaí móra CLG na seachtaine.

Fág freagra ar 'Deireadh á chur ag TG4 le ‘Seó Spóirt’ agus ré na gclár cainte thart'

  • Cluain Sceach

    Trua san, bhí an clár bríomhar i gcónaí.

  • Éamonn Mac Niallais

    Bhí Seó Spóirt go maith. Ní raibh aon clár ar aon chainéal eile cosúil leis ó thaobh plé ar cúrsaí CLG go seachtainiúil. Sé’n cheist nó caide a bhéas ina áit nó an mbeidh aon rud?

  • Feardorcha

    Mo náire TG4.
    Tá eagla orthu go labharfaí Gaeilge ar an stáisiún.
    Ba chuma leat ach go raibh an-tóir ag daoine ar an gclár áirithe seo.

  • Pól Ó Maolmhichil

    Is mór an trua nach mbeidh Seó Spóirt le fáil a thuilleadh… bhí sé go híontach. Tá margadh ann do chlár mar seo… nach bhfuil?

  • Traolach

    Tá díomá orm go bhfuil deireadh leis an “Seó Spóirt”.
    Is deas liom an clár agus an mionainilís ar chluichí CLG.

  • Sceird Umpainn

    Nach bocht an scéala é muna gcuirtear na cláracha seo ar ais ar an aer i bfhromat de shórt éigin , más déanta nó coimisiúnaithe go seachtrach féin a bhéas siad. Beidh obair acu sceideal iomlán a líonadh go gasta sin, agus caidé faoin lucht leannta dílis atá ag Comhrá agus Máirtín Tom Sheáinín ?! Ní shamhlóinn costas ollmhór le Béaloideas Beo srl ó thaobh dearadh seit nó taifeadadh inmheánach i Tg4. Seans go gcuirfí Alan Esslemont iontas orainn go fóill, tá diospóireacht tosaithe aige cibé.

  • Dáithí

    Caithfidh mé a rá go bhfuil díoma orm faoin nuacht seo. Is é Seó Spóirt ceann de na cláracha is fearr ar TG4 i mo thuairimse.

  • Maire de Roiste

    Tá an diomá go deo orainn mar lanúin go bhfuil caint ar deireadh a chur le cláracha cainte.Bíonn analís iontach a dhéanamh ar chursaí sport ag an bpanēil seó spóirt.Tá analís
    Níos fearr na aon clár eile den tsaghas seo/Cláracha analíse.
    Cláracha cainte/Comhrá—–tugtar aitheantas ceart do dhaoine,an suim ag daoine I saolta
    ndaoine eile,an léargas ar threimshí eile.
    Tá na cláracha cainte thar a bheith tabhachtach is speisiúil, amanta nios oiriunai a thabhairt dóibh m.s.7 .00 do Seó Sport.

  • Treasa Ní Mhaonaigh

    Impím ar TG4 gan deireadh a chur leis an Seó Spóirt! Bímid ag súil leis gach tseachtain. Is clár taitneamhach é don phobal Gaeilge agus dóibh siúd a bhfuil suim acu sna cluichí Gaelacha.

  • Jackie

    Céard a dhéanfas muid feasta gan caint? Tá cláracha mar seó spóirt agus cláracha comhrá agus cainte ar chuile theilifís sa domhan.
    Caithfear anois an cnaipe éalaithe ó TG4 a bhrú níos minicí agus dhul i dtreó an bhéarla má tá caint uainn. Bhí ógánaigh ag brath go mór ar chláracha gaeilge mar iad seo. Ach níor dúnadh doras riamh ar an ngaeilge nach raibh doras an bhéarla oscailte cheana fhéin ag fanacht agus ag failtiú romhainn.
    Tá an tSúil Eile dúnta.