‘Dea-scéal’ iad chéad fhigiúirí léitheoireachta Tuairisc.ie

Ábhar mór 'dóchais' agus 'misnigh' é gur thug beagnach 28,000 duine cuairt ar Tuairisc.ie ó seoladh an nuachtshuíomh.

infographic Tuairisc

Beagnach 28,000 duine a thug cuairt ar Tuairisc.ie ó seoladh í sé seachtaine ó shin agus d’amharc na daoine sin ar nach mór 250,000 leathanach san iomlán.

Ábhar mór dóchais agus misnigh iad na figiúirí seo d’fhoireann an nuachtshuímh, dar le heagarthóir Tuairisc.ie, Seán Tadhg Ó Gairbhí.

Ba í an tseachtain seo caite an tseachtain is rathúla a bhí ag an tseirbhís nuachta fós, tráth a tháinig 8,199 duine ar leith ar 14,333 cuairt ar an suíomh. Féachadh ar 40,524 leathanach le linn na seachtaine amháin seo.

Dúirt Seán Tadhg Ó Gairbhí, Eagarthóir Tuairisc.ie, go bhfuil an fhoireann “an-shásta” leis an “dea-scéal” sna figiúirí ó Google Analytics.

“Cruthaíonn sé dúinn go bhfuilimid ar an mbóthar ceart agus go bhfuil ag éirí linn dul i bhfeidhm ar an bpobal. Tugann sé bunchloch láidir dúinn le tógáint uirthi sna blianta amach romhainn,” a dúirt Seán Tadhg Ó Gairbhí.

Dúirt an t-eagarthóir gurb iontach an tógáil croí don bhfoireann é gurb í an tseachtain seo caite an tseachtain is rathúla a bhí ag an nuachtsheirbhís go dtí seo.

“Nuair a thosnaíomar amach sé seachtaine ó shin, ní rabhamar cinnte cén glacadh a bheadh ag pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta linn, go háirithe mar nach raibh a leithéid de nuachtshuíomh cheana ann, ach is mór an tógáil croí dúinn go raibh an oiread sin éilimh ar Tuairisc.ie go nuige seo.”

Dúirt an t-eagarthóir go bhfuil múnla leagtha ag Tuairisc.ie a bheadh á fhorbairt in imeacht na mblianta seo romhainn.

“Is é nádúr na nuachta, agus an nuacht ar líne go háirithe, nach féidir na maidí a ligean le sruth.”

“Ach gan sinn ach sé seachtaine ar an saol is spreagadh mór iad na figiúrí seo d’fhoireann bheag Tuairisc.ie. Táimid an-bhuíoch do na hiriseoirí eile ar fad a bhíonn ag soláthar ábhair ar ardchaighdeán dúinn gach lá agus gan amhras don uile dhuine a thagann ar cuairt chuig Tuairisc.ie.”

Tá na figiúirí maidir le líon na ndaoine a bhaineann úsáid as Tuairisc.ie atá foilsithe inniu bunaithe ar Google Analytics, an uirlis is mó a mbaintear leas as chun trácht ar shuíomhanna idirlín a mheas.

Foilseoidh Tuairisc.ie figiúirí anailíse ó am go chéile le linn na bliana le léargas a thabhairt ar phatrúin úsáide an nuachtshuímh.

 

 

 

 

Fág freagra ar '‘Dea-scéal’ iad chéad fhigiúirí léitheoireachta Tuairisc.ie'

  • Seán Míchaél Ó Donnchadha

    Comhghairdeas a Sheáin Thaidhg agus d` fhoireann as tosach maith “leath na hoibre”.Aontaoim leat gan na maidí a ligean le sruth anois.Tá an suiomh Gaeilge nua in RTE ag déanamh go maith freisean ó thaobh an nuacht fiche ceathair uaire a chloig a thabhairt duinn.

    Mar a dúirt mé le Kevin thíos ag an tOireachtas i gCill Áirne tá riachtanas mór sna laethanta seo le hainilís grin nuachta.Tá alán rudaí tabhachtachta taréis titim amach sa tír le déanaí leis an gearchéim eachnamaíochta, titim amach ó thaillí uisce, comóradh céad bhlian 1916 , fás rabhach SFagus seans anois go bhfuil muintir na hÉireann taréis dúiseacht as an suan ro-fhada a bhí orthu.Ba mhaith liom go mbeadh ról láirneach ag Tuairisc san ré nua seo don iriseoireacht agus chun iarracht le poblach nua a chrúthu a bheidh mar oidhreacht cheart do na laochra a sheas an fód i 1916 in ionad a bheith ag sodari ndiaidh na n-uaisle ag na maithe agus na móruaisle a bhí ag troid ar son na hÍmpireachta.
    Tá sé tabhachtach dearcadh radacach a bheith ag an eagarthóireacht, a bheith radacach nó iomarcach mar a déir Míchaél MacDuabhail tráth.

    Comhghairdeachas leis an tosach maith agus gach ráth faoin todhchaí.

    • Bradhar

      An bhfeadar éinne cad a bhí ag Gaelport?

  • Séamas Mac Coitir

    Ardaíonn sé mo chroi go hard na bhflaitheas na tuairimí éagsúla a bhíonn á bplé agaibh ó sheachtain go seachtain! Má bhíonn an t-ábhar chomh spéisiúil agus a bhí sé go dtí seo, is cinnte go dtiocfaidh méadú ar líon na léitheoirí amach anseo, le cúnamh Dé! Guím sonas oraibh, agus rath Dé ar an obair fhónta atá ar siúl agaibh! S.Mac Coitir.

  • @seancomheas

    Comhghairdeas libh. Is breá an rud è tràcht ar scèalta comhaimseartha an lae inár dteanga fèin. Tà obair na gcapall ar bun ag RnG agus TG4 (beag beann acu ar an laghad tacaíochta stàit). Is breà an rud scèalta an lae à bheith à gcíoradh ag Tuairisc.ie agus gan muid ag brath ar The Irish Times nó go bhfóire Dia orainn an Indo úafàsach sin.