Cumas ‘níos fearr’ sa Bhéarla ag na cainteoirí óga dúchais is fearr

TAIGHDE NUA: Géarghá le freastal ar riachtanais oideachais ar leith cainteoirí dúchais Gaeilge mar “ní rogha réadúil straitéise é an status quo” i gcás an oideachais Ghaeltachta

Iniúchadh ar an gCumas
Iniúchadh ar an gCumas Dátheangach – An sealbhú teanga i measc ghlúin óg na Gaeltachta, taighde nua atá maoinithe ag COGG

Is fearr an cumas atá sa Bhéarla ná sa Ghaeilge ag fiú cuid de na cainteoirí dúchais óga is fearr sa Ghaeltacht, de réir taighde nua a sheolfar amárach.

Léiríonn an taighde nua – Iniúchadh ar an gCumas Dátheangach – An sealbhú teanga i measc ghlúin óg na Gaeltachta – gurb é an Béarla an teanga is cumasaí agus is treise ag cainteoirí óga Gaeltachta a bhfuil Gaeilge amháin acu sa bhaile.

Mar chuid den taighde, cuireadh agallaimh ar 50 páiste idir 7 agus 12 bliain d’aois as ocht scoil agus rinneadh a gcumas teanga sa Ghaeilge agus sa Bhéarla a mheas.

Is cainteoirí dúchais Gaeilge ón nGaeltacht iad tuismitheoirí na leanaí seo ar fad agus is as ceantar Chois Fharraige agus Dheisceart Chonamara iad.

Roghnaíodh an ceantar sin mar gur ann a fhaightear an dlús cainteoirí is airde sa tír maidir le sealbhú na Gaeilge sa bhaile.

Deirtear sa tuarascáil go mbíonn drogall ar dhaoine i bpobail mhionteanga an fhírinne lom a aithint faoi chás a dteanga, agus moltar nár cheart a thuilleadh ama agus acmhainní a chur amú ag iarraidh fíricí faoi chruachás na Gaeilge sa Ghaeltacht a shéanadh agus a sheachaint.

Ionadaithe ó Ollscoil na hÉireann, Gaillimh agus Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath a rinne an taighde nua atá maoinithe ag an gComhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG).

Áitítear sa taighde gur mó an líofacht atá ag na daltaí Gaeltachta sa Ghaeilge ná sa Bhéarla, ach gur mó an cruinneas agus an cumas (‘acmhainneacht’) atá acu sa Bhéarla.

Léiríonn an taighde go bhfuil stór focal Béarla níos fairsinge ag cainteoirí dúchais óga na Gaeltachta agus gur fearr a gcruinneas gramadaí agus foghraíochta sa Bhéarla ná sa Ghaeilge.

Bhí a gcumas níos airde sa Bhéarla le tabhairt faoi deara freisin sa tslí ina gcuireann siad meascán den Ghaeilge agus den Bhéarla i bhfeidhm ina gcuid cainte.

Ba lú go mór cumas na bpáistí sa Ghaeilge ná an cumas a bheadh ag cainteoir aonteangach, a deirtear sa tuarascáil, agus tugtar ‘Gaeilge laghdaithe’ ar chineál Gaeilge na ndaltaí a taifeadadh.

Léirítear go bhfuil cumas ‘éagothrom’ ag formhór na ndaltaí dátheangacha agus gurb é an Béarla is cumasaí acu.

Dátheangachas ‘ceannasach’ a thugtar air seo sa tuarascáil.

Tá moltaí éagsúla ag údair an taighde, Tamás Péterváry, Brian Ó Curnáin, Conchúr Ó Giollagáin agus Jerome Sheahan, faoi conas dul i ngleic leis an dátheangachas ‘ceannasach’ seo atá i réim sa Ghaeltacht.

Áitítear sa tuarascáil go bhfuil riachtanais oideachais ar leith ag teastáil ó chainteoirí dúchais Gaeilge sa Ghaeltacht, murab ionann agus na riachtanais atá ag gnáthfhoghlaimeoirí Gaeilge sa chuid eile den tír.

Deirtear gur gá an córas oideachais a chur in oiriúint do na riachtanais ar leith atá ag cainteoirí dúchais agus gur cheart go mbunófaí ‘foras’ neamhspleách a bheadh freagrach as oideachas na Gaeltachta. Ní “rogha réadúil straitéise é an status quo” i gcás an oideachais Ghaeltachta, a deir údair na tuarascála.

Tá athbhreithniú á dhéanamh ag an Roinn Oideachais ar cheist oideachas na Gaeltachta faoi láthair.

Bíodh sé sa seomra ranga nó lasmuigh de, is gá tús áite a thabhairt don mhionteanga agus gasúr á thógáil, a deir an tuarascáil, agus ba chóir caitheamh leis an teanga amhail is dá mbeadh sí ina mórtheanga.

I bhfocail eile, moltar aghaidh a thabhairt ar shealbhú an Bhéarla i ndiaidh shealbhú na Gaeilge lena chinntiú go mbeidh cumas Gaeilge páiste ar comhchéim lena chumas Béarla.

Moltar freisin sa tuarascáil go mbeadh “tearmann éigin tíreolaíochta” ann do phobal na Gaeltachta i dtreo is gur féidir an “phráinn teanga” seo “a shárú”, ach maítear go bhfuil easpa ceannaireachta ann faoi láthair chun a leithéid a dhéanamh.

Deir údair an taighde go bhfuil cúiseanna éagsúla leis an dátheangachas ‘ceannasach’ seo a bheith i réim sa Ghaeltacht, ina measc:

  • uileláithreacht chultúr an Bhéarla;
  • rian an Bhéarla, dá réir, ar an gcineál Gaeilge a labhraítear ar na saolta seo;
  • athrú a theacht ar an gcaoi a bhfuil an teanga á cur ar aghaidh go dtí an chéad ghlúin eile agus ar an gcaoi a dtugann an ghlúin sin leo í (‘ionchur teanga’);
  • cúngú na teanga sa Ghaeltacht, fiú sna réimsí saoil traidisiúnta lena ngabhann sí go stairiúil;
  • dlús na gcainteoirí Gaeilge i gceantair thraidisiúnta a éirí tanaí agus an tionchar atá aige sin ar dheiseanna daoine óga dea-Ghaeilge a chloisteáil agus aithris a dhéanamh uirthi;
  • a laghad is féidir le heagraíochtaí pobail agus oideachais a dhéanamh chun dul i ngleic le himpleachtaí na n-athruithe seo;
  • an Béarla a bheith in uachtar agus an t-aos óg ag cur aithne ar a chéile agus ag déanamh comhluadair lena chéile

Mura dtabharfar aghaidh ar na dúshláin sin go léir, ní hí an Ghaeltacht amháin a bheidh thíos leis ach an tír ar fad, óir beidh deireadh leis an ‘náisiún Gaelach’ agus “leis an bhféiniúlacht Ghaelach bheo”, a scríobhtar sa tuarascáil.

“Mura n-athróidh an pobal agus an státchóras” a gcur chuige i leith na Gaeilge sa Ghaeltacht, ní shárófar na dúshláin atá roimh an teanga, a deirtear.

Seolfaidh Séan Ó Foghlú, Ard-Rúnaí na Roinne Oideachais agus Scileanna, Iniúchadh ar an gCumas Dátheangach: An sealbhú teanga i measc ghlúin óg na Gaeltachta in Óstán Wynn i mBaile Átha Cliath maidin amárach, Déardaoin an 20 Samhain.