Cuardach mór á bheartú don bheirt de chriú an R116 atá fós ar iarraidh ó Acaill go Gleann Cholm Cille

Níor thángthas fós ar Paul Ormsby ná Ciarán Smith, beirt bhall de chriú an héileacaptair de chuid an Gharda Cósta a chuaigh i bhfarraige amach ó chósta Mhaigh Eo ar an 14 Márta

Cuardach mór á bheartú don bheirt de chriú an R116 atá fós ar iarraidh ó Acaill go Gleann Cholm Cille

Tá báid iascaigh i nGaeltacht na Gaillimhe, Mhaigh Eo agus Thír Chonaill ag ullmhú le tabhairt faoi chuardach mór ar chósta thiar an chontae mar chuid den mhórchuardach don bheirt fhear atá ar iarraidh ó thit an héileacaptar  R116 i bhfarraige an mhí seo caite.

Níor thángthas fós ar Paul Ormsby ná Ciarán Smith, beirt bhall de chriú an héileacaptair de chuid an Gharda Cósta a thit i bhfarraige amach ó chósta Mhaigh Eo ar an 14 Márta.

Cruinneoidh báid ó chontaetha an iarthair agus an iarthuaiscirt ag an Tor, an t-oileán beag in aice leis an áit ar thit an t-ingearán i bhfarraige, Dé Sathairn agus déanfar an cuardach ó thuaidh ó Acaill go Tír Chonaill agus ó dheas go contae na Gaillimhe.

Tá súil ag lucht cuardaigh smionagar an R116 a aimsiú a thabharfadh leid faoin áit a bhfuil coirp na beirte.

Aimsíodh cuid de smionagar an héileacaptair chomh fada ó thuaidh leis an bPort Nua i nGaeltacht dheisceart Thír Chonaill ag deireadh na míosa seo caite — beagnach coicís i ndiaidh dó titim.

Tháinig iascairí ar smionagar eile ón héileacaptar agus iad ar an mbealach ar ais chuig na Cealla Beaga i ndeisceart Dhún na nGall. Tá an smionagar uilig a fuarthas i nDún na nGall á iniúchadh ag an Aonad um Imscrúdú Aerthionóiscí.

Tógadh an captaen Dara Fitzpatrick as an uisce an lá ar thit an héileacaptar i bhfarraige, coicís ó shin, ach bhásaigh sí go luath ina dhiaidh sin san ospidéal.

Tugadh corp an chaptaein Mark Duffy, as Contae Lú, i dtír ar an 26 Márta i ndiaidh do lucht cuardaigh teacht air agus ar chabhail an héileacaptair 200m amach ón Tor Dé Céadaoin. Aimsíodh a bhfuil fágtha den héileacaptar le róbat fothoinn a chuir long de chuid Choimisinéirí Shoilse na hÉireann, an Granuaile, san uisce.

Tá an smionagar uilig a fuarthas go dtí seo á iniúchadh ag an Aonad um Imscrúdú Aerthionóiscí ag an ionad atá ag an eagraíocht sin i gContae na Mí.

Léiríodh in anailís a rinneadh ar bhosca dubh an ingearáin nach raibh aon fhadhb theicniúil ná mheicniúil ag an ingearán sna nóiméid sular bhuail sí an Tor agus gur thit i bhfarraige.

Táthar ag súil le réamhthuarascáil faoin timpiste an tseachtain seo chugainn. Creidtear faoi láthair gur bhuail an héileacaptar carraigeacha ar an taobh thiar den oileán agus í ag déanamh a bealaigh aniar chuig an bhFód Dubh i ndiaidh cúnamh a thabhairt in eachtra tarrthála amach ó chósta Iorrais.

Ba é an teachtaireacht dheiridh a chraol an criú sular imigh an t-ingearán gan tásc gan tuairisc ná “shortly landing at Blacksod [an Fód Dubh]”.

Fág freagra ar 'Cuardach mór á bheartú don bheirt de chriú an R116 atá fós ar iarraidh ó Acaill go Gleann Cholm Cille'