Cnuasach béaloideasa a bhí as cló le níos mó ná 80 bliain ó Thír Eoghain seolta

Ba é an tOllamh Éamonn Ó Tuathail ó Choláiste na Tríonóide a bhailigh Scéalta Muintir Luinigh idir 1929 agus 1932

IMG_1045

Oíche Shathairn seo caite, seoladh eagrán nua de chnuasach béaloideasa Gaeilge a bailíodh i Speiríní Thír Eoghain.

Ba é an tOllamh Éamonn Ó Tuathail ó Choláiste na Tríonóide a bhailigh Scéalta Muintir Luinigh idir 1929 agus 1932. Bhí an leabhar as cló le níos mó ná 80 bliain. Seoladh an t-eagrán nua ag Lár-Ionad an Chreagáin, ar imeall na Speiríní, idir an Ómaigh agus An Chorr Chríochach.

I measc an 200 a bhí i láthair, bhí daoine muinteartha le cuid acu siúd a thug ábhar don Tuathaileach – agus le cuid acu siúd a chuidigh leis.

Dúirt Seosamh Watson, Iar-Ollamh le Gaeilge i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath, go raibh Scéalta Muintir Luinigh ar na leabhair ‘a thug isteach’ sa Ghaeilge é.

Chuimhnigh sé ar an uair a tháinig sé ar an leabhar nuair a bhí sé ina fhoghlaimeoir óg Gaeilge i mBéal Feirste.

“Chuaigh mé isteach sa tsiopa leabhar Gaeilge ag bun Bhóthair na bhFál – ba dhúiche coimhthíoch domsa ag an am é – agus chonaic mé leabhar ar an seilf,  ‘Scéalta Muintir Luinigh’.”

Fuair sé amach níos déanaí nach raibh an meas céanna ag An Roinn Airgeadais ar an saothar. Bhí an Roinn “den bharúil go raibh an iomarca Béarla sa leabhar agus bhagair siad an deontas a tharraingt siar”.

Ba é Seosamh a chuir leagan Béarla den téacs ar fáil san eagrán nua, lámh leis an Ghaeilge.

Cluineadh Gaeilge Thír Eoghain ag deireadh na coda oifigiúla den oíche, nuair a cheol Peadar Mac Gabhann dhá amhrán Ghaeilge as an cheantar, ‘Briseadh Eachroim’ agus ‘Séarlas Óg’.

Meastar go bhfuair na cainteoirí deireanacha Gaeilge sa chontae bás sna 1970idí.

Fágann ‘Scéalta Muintir Luinigh’ go bhfuil taifead de Ghaeilge Thír Eoghain ann.

Is iad Comhairle Bhéaloideas Éireann agus An Cumann le Béaloideas Éireann a d’fhoilsigh an saothar, ar €20. Thug Comhairle Fhear Manach agus na hÓmaí tacaíocht don seoladh.

Fág freagra ar 'Cnuasach béaloideasa a bhí as cló le níos mó ná 80 bliain ó Thír Eoghain seolta'