Ceist na Gaeilge agus tástálacha anála gan réiteach agus tuilleadh cásanna maidir le tiomáint faoi thionchar an óil curtha ar athló

Dhiúltaigh Breitheamh inné d’iarratas go gcaithfí amach cás duine a cúisíodh as tiomáint faoi thionchar an óil ar an mbonn gur theastaigh uaidh fanacht ar bhreith na Cúirte Uachtaraí faoi cheist chonspóideach na Gaeilge i dtorthaí tástála anála

Ceist na Gaeilge agus tástálacha anála gan réiteach agus tuilleadh cásanna maidir le tiomáint faoi thionchar an óil curtha ar athló

Diúltaíodh inné d’iarratas go gcaithfí amach cás duine a cúisíodh as tiomáint faoi thionchar an óil ar an mbonn gur theastaigh ó Bhreitheamh na cúirte fanacht ar bhreith na Cúirte Uachtaraí faoi bhailíocht torthaí tástálacha anála a tugadh i mBéarla amháin.

Dúirt an Breitheamh Kelly i gcúirt dúiche Leitir Ceanainn i dTír Chonaill inné gurbh fhearr leis fanacht leis an mbreithiúnas a thabharfar sa Chúirt Uachtarach faoi chás fear as an Rómáin agus ceist na Gaeilge i dtorthaí tástála anála.

Ina dhiaidh sin, chuir an Breitheamh Kelly ar athló tuairim is 45 cás dá leithéid a bhí os comhair na Cúirte Dúiche i Leitir Ceanainn inné.

D’iarr an dlíodóir Ciarán Mac Lochlainn go gcaithfí amach an chéad cheann de na cásanna sin maidin inné agus luaigh sé gur caitheadh 30 cás dá leithéid amach i gcúirt dúiche Dhún Garbhán i bPort Láirge an tseachtain seo caite. D’iarr Mac Lochlainn go gcaithfí amach an cás de bhrí gur bhain sé le tréimhse i bhfad sular tháinig ceist na dtástálacha agus an Ghaeilge os comhair na gcúirteanna.

Cuireadh ar ceal sa Chúirt Achomhairc i mBealtaine 2016 rialú a rinneadh san Ardchúirt go raibh torthaí tástála anála, a rinneadh ar thiománaithe, neamhbhailí toisc nár chuir na Gardaí cáipéis i nGaeilge agus i mBéarla araon ar fáil do na tiománaithe a bhí i gceist.

Dúirt saineolaithe dlí agus gníomhaithe teanga gur údar imní é breith sin na Cúirte Achomhairc fad is a bhaineann sé le seasamh na Gaeilge sa dlí.

Dúirt an t-aturnae Antain Delap, mar shampla, go raibh an chosúlacht ar bhreith na cúirte faoi na torthaí tástála anála go bhfuiltear ag rá “gur leor an Béarla mar go bhfuil Béarla ag achan duine”.

In ainneoin bhreith na Cúirte Achomhairc tá cásanna fós á gcur siar mar gheall ar cheist na Gaeilge sna torthaí tástála anála toisc go bhfuil dúshlán na breithe sin á thabhairt ag Mihai Avadenei, as an Rómáin, sa Chúirt Uachtarach.

Stop na Gardaí Mihai Avadenei ar an mbóthar in 2014 toisc gur cheap siad go raibh sé ag tiomáint faoi thionchar an óil. I mBéarla amháin a eisíodh torthaí na tástála anála a rinneadh ar Avadenei i stáisiún Shráid an Stórais i mBaile Átha Cliath. Thug abhcóidí Avadenei dúshlán dlí de bharr nár cuireadh leagan Gaeilge de na torthaí ar fáil, faoi mar atá sonraithe san Acht Tráchta.

Dúirt an Breitheamh Séamus Noonan nach seasfadh na torthaí mar fhianaise sa chúirt agus nárbh fhéidir glacadh leo. Caitheadh amach an cás dá bharr.

I ndiaidh an bhreithiúnais sin, thug aire iompair na linne, Paschal Donohoe, reachtaíocht éigeandála isteach a fhágann gur féidir torthaí tástáil anála a eisiúint i nGaeilge nó i mBéarla.

Rinne an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí achomharc ar rialú na hArdchúirte agus rialaigh an Chúirt Achomhairc anuraidh nach gcuirfeadh na doiciméid i nGaeilge le substaint na fianaise.

Tá achomharc chuig an Chúirt Uachtarach déanta ag Avadanaei i leith an chinnidh sin .

Dúradh inniu i gcúirt dúiche Leitir Ceanainn i dTír Chonaill nár cheart na cásanna a bhain le tiomáint faoi thionchar an óil a éisteacht de bhrí go raibh moill mhór le breithiúnas na Cúirte Uachtaraí.

Dúirt an Breitheamh Kelly gurb é nósmhaireacht na cúirte dúiche na cásanna seo a chur ar athló agus nach mbeadh sé ceart iad a chaitheamh amach mar go bhféadfadh tuairim eile a bheith ann ach a thiocfaidh breith na Cúirte Uachtaraí.

Chuir sé na cásanna tiomána uilig ó thréimhse áirithe ar athló go dtí an 21 Nollaig.

Dúirt an tSeirbhís Chúirteanna le Nuacht TG4 aréir nach bhfuil figiúr ar bith acu maidir le líon na gcásanna a caitheadh amach as na cúirteanna dúiche ó thug Mihai Advenadei a dhúshlán cúirte ar dtús.

Dúirt an tSeirbhís Chúirteanna gur éisteadh an cás is déanaí ag Advenadei sa Chúirt Uachtarach roimh an samhradh ach nach bhfuil dáta ar bith tugtha don bhreithiúnas go fóill.

Fág freagra ar 'Ceist na Gaeilge agus tástálacha anála gan réiteach agus tuilleadh cásanna maidir le tiomáint faoi thionchar an óil curtha ar athló'

  • Eileen

    Bhí duine ag tiomáint faoi tionchar alcòl nò ní raibh …is Cuma cé’n teanga