‘Céard a bhí ar bun agaibhse inniu?’ ‘Ó tada…’ arsa Mamó

AG TOGÁIL CLAINNE: Bhraith ár gcolúnaí go raibh comhcheilg éigin ar bun ag Mamó agus an Cailín Mór Beag agus iad ag diúgadh as an ‘potion’ céanna

‘Céard a bhí ar bun agaibhse inniu?’ ‘Ó tada…’ arsa Mamó

‘An raibh a fhios agat go gcaithfidh tú do bhróga a bhaint díot nuair atá tú ag gabháil síos sna garrantaí?’ a d’fhiafraigh an Cailín Mór Beag díom agus pláta mór sméara dubha leagtha amach ar an mbord os a comhair.

Bhí na sméara á dtógáil den phláta ceann ar cheann aici agus á gcaitheamh siar ina béal, í sínte siar ar an mbinse ar nós Cleopatra ar a chaise longue ag sclamhadh caora fíniúna. Thug mé faoi deara go raibh boinn a cos dubh le puiteach agus iad lán le scríobachaí beaga caola. Comhartha sóirt na ndriseachaí, cinnte dearfa.

‘Ní raibh a fhios,’ a dúirt mé. ‘Cé a d’inis é sin duit?’ a d’fhiafraigh mé di. ‘Mamó,’ a dúirt sí agus spúnóg mhór siúcra á croitheadh amach ar na sméara aici.

‘Mise agus Mamó ’rolláil síos an cnoc,’ a dúirt an Babaí. Bhí sé ina shuí ar an taobh thall den bhord, sú sméar ó smig go baithis air agus súite isteach i gcraiceann a mhéarachaí. Chonaic mé soipíní féir fite fuaite anseo is ansiúd ina chuid gruaige.

‘Cá’l Mamó, ar aon chaoi?’ a d’fhiafraigh mé díobh. ‘Tá sí thart in áit éicint,’ a dúirt an Cailín Mór Beag.

‘An bhfuil tú ag iarraidh ruainne potion?’ a d’fhiafraigh sí díom ansin. Chonaic mé go raibh crúiscín gloine ar an mbord lena taobh agus é lán le leacht dorcha agus rudaí beaga ar snámh ann.

Ní raibh deis agam í a fhreagairt sular chroch sí an crúiscín ar a cloigeann is thóg bolgam mór as. ‘Ná hól é sin!’ a bhéic mé.

‘Heá?’ a dúirt sí agus a béal á ghlanadh le droim a láimhe aici. ‘Potion sméara. Mamaí,’ a mhínigh an Babaí agus a intinn aige ar rudaí eile. Bhí an siúcra faighte aige agus é á ithe díreach amach as an mbabhla.

‘Tabhair dom an spúnóg sin,’ a dúirt mé leis. Scanraigh sé is rug sé greim daingean ar an spúnóg agus ar an mbabhla agus é ar a mhíle dícheall lán spúnóige eile a shá siar ina bhéal sula dtiocfainn chomh fada leis.

‘Dia dhuit,’ a dúirt Mamó agus í ag siúl isteach sa gcistineach cosnocht agus soipíní féir fite fuaite anseo is ansiúd ina cuid gruaige, cé go raibh an chuma uirthi go raibh iarracht éicint déanta aici iad a bhaint amach aisti.

‘Céard a bhí ar bun agaibhse inniu?’ a d’fhiafraigh mé di ar nós cuma liom. ‘Ó, tada,’ a dúirt sí.

Fág freagra ar '‘Céard a bhí ar bun agaibhse inniu?’ ‘Ó tada…’ arsa Mamó'

  • Saoi

    Mura bhfuil soipíní féir fite fuaite sa ngruaig, níor tugadh aire cheart do na páistí. Bail ó Dhia ar Mhamó.