CÁS UÍ BHRUIC AGUS AN FLYING ENTERPRISE: An bhfuil sé i gcoinne an dlí cosc a chur ar Ghaeilge sa láthair oibre?

Tá cúrsaí cearta teanga sa láthair oibre go mór i mbéal an phobail ó tháinig sé chun solais gur éirigh oibrí beáir i dteach tábhairne as a phost tar éis dó rabhadh a fháil gan Gaeilge a labhairt. Labhair Tuairisc.ie le saineolaithe dlí faoin scéal

CÁS UÍ BHRUIC AGUS AN FLYING ENTERPRISE: An bhfuil sé i gcoinne an dlí cosc a chur ar Ghaeilge sa láthair oibre?

D’fhéadfaí cás a dhéanamh gur  ‘dífhostú inchiallaithe’ a bhí i gceist i gcás an fhir óig Gaeltachta, Cormac Ó Bruic, a d’éirigh as a phost mar oibrí beáir nuair a tugadh le fios dó nach raibh cead aige Gaeilge a labhairt agus é i mbun oibre.

Dúirt an t-aturnae Antoin Delap le Tuairisc.ie go bhféadfaí an cás a dhéanamh “nach raibh an dara suí sa bhuaile ag Ó Bruic ach éirí as” mar gheall ar iompar a fhostóra.

De réir na reachtaíochta, i gcás dífhostú inchiallaithe, ní foláir a chruthú gur iompair an fostóir é féin i ‘slí a chiallódh go mbeadh sé réasúnta don fhostaí deireadh a chur lena fhostaíocht gan fógra a thabhairt’.

“Níl aon dlí againn a bhaineann le cód teanga. Bheadh an cás bunaithe ar réasúnacht. Tá sé réasúnta agus nádúrtha go labhródh beirt fhear ón mbaile céanna Gaeltachta Gaeilge le chéile. Níl aon rialacha seasta faoi pholasaithe teanga ach, dar liomsa, tá sé go hiomlán míréasúnta iarraidh air Béarla a labhairt mar sin.

“Sa chás go mbeadh seisear in ionad oibre agus cúigear le Gaeilge agus duine amháin gan í, agus an Ghaeilge á labhairt le himeallú agus tromaíocht nó beag is fiú a dhéanamh den duine gan í, d’fhéadfadh an duine sin dul chuig an gCoimisiún um Chaidreamh san Áit Oibre. Thuigfinn don bhainisteoir a bheadh ag iarraidh é sin a sheachaint ach sa chás nach bhfuil sé sin i gceist, tá sé go hiomlán míréasúnta,” a dúirt Delap.

Cé go ndúirt saineolaithe dlí le Tuairisc.ie go bhféadfaí cás a dhéanamh faoin reachtaíocht fostaíochta go mbeadh sé “míréasúnta” iarraidh ar fhostaí gan an Ghaeilge a labhairt ag an obair, níl aon ní i reachtaíocht comhionannais nó teanga na hÉireann a chuirfeadh bac ar fhostóir cosc a chur ar Ghaeilge sa láthair oibre. Faoin Acht um Chomhionannas Fostaíochta, níl an teanga atá ag duine nó grúpa i measc na “bhforas idirdhealaitheacha’.

De réir na míre san Acht ina leagtar amach na forais sin, bíonn leithcheal i gceist más rud é go ndéantar idirdhealú idir daoine ar bhonn inscne, stádais pósta, teaghlaigh, gnéaschlaonta, creidimh, aoise, míchumais, cine, nó más duine den Lucht Siúil atá i gceist.

Níl aon ní ach an oiread i reachtaíocht teanga na hÉireann a chuireann bac ar fhostóir cosc a chur ar an nGaeilge, cé go mbeadh a leithéid d’éileamh i gcoinne an dlí i ndlínsí eile, Ceanada agus an Bhreatain Bheag, mar shampla.

Tá cúrsaí cearta teanga sa láthair oibre go mór i mbéal an phobail ó tháinig sé chun solais ar An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta inné, gur éirigh oibrí beáir i dteach tábhairne mór le rá i gcathair Chorcaí as a phost tar éis dó rabhadh a fháil gan Gaeilge a labhairt agus é ar dualgas.

Tharla easaontas idir Cormac Ó Bruic, ó Chorca Dhuibhne, agus úinéirí teach tábhairne an Flying Enterprise mar gheall ar nós an fhir óig a theanga dhúchais a labhairt agus é i mbun oibre.

I litir a sheol úinéir The Flying Enterprise, Finbarr O’Shea go dtí Ó Bruic ar an 11 Lúnasa, cuireadh in iúl don oibrí beáir go raibh a P45 á fháil aige toisc nár fhill sé ar an obair i ndiaidh gur éirigh idir é féin agus a bhainisteoir faoi cheist labhairt na Gaeilge.

Dúirt an t-abhcóide Dáithí Mac Cárthaigh le Tuairisc.ie, áfach, go bhféadfaí cás a dhéanamh go mbeadh sé i gcoinne an dlí cosc a chur ar fhostaí Gaeilge a labhairt, fad is nach mbeadh a leithéid de chosc luaite i gconradh oibre an duine sin.

Cé go ndúirt Mac Cárthaigh le Tuairisc.ie nach raibh “aon sárú reachtaíochta” i gceist i gcás Uí Bhruic, mheas sé go bhféadfadh go mbeadh “sárú conartha” i gceist ina leithéid de chás dá mba rud é nach raibh ‘polasaí teanga’ luaite i gconradh oibre an fhostaí.

“D’fhéadfadh polasaí teanga a bheith mar choinníoll conartha ach bheadh amhras orm go mbeadh a leithéid de choinníoll oibre i gconradh le teach tábhairne. D’fhéadfaí argóint a dhéanamh i gcás mar sin gur sárú conartha a bhí ann iarraidh ar dhuine Béarla a labhairt mar gur éileamh míréasúnach a bheadh ansin,” a dúirt Mac Cárthaigh.

Maidir le cás Uí Bhruic, dúirt an t-abhcóide go mbeadh sé éasca ag úinéir The Flying Enterprise a chás a chosaint toisc gurbh é Ó Bruic féin a d’éirigh as an bpost agus nár tugadh bata agus bóthair dó.

Idir an dá linn, tá cáineadh déanta ag an eagraíocht Ghaeilge Gael-Taca, atá lonnaithe timpeall an choirnéil ó The Flying Enterprise i gcathair Chorcaí, ar an teach tábhairne.

“Bhain an scéal seo preab as pobal Gaeilge Chathair Chorcaí. Is dona le Gael-Taca go bhfuil meon chomh cúng maidir le cultúr na tíre a chur chun cinn sa 21ú aois. Tuigtear gurb é croí-lár an togra Eorpaigh ná teacht le chéile na gcultúr éagsúil agus an t-aitheantas cuí a thugtar do gach ceann ar leith díobh.

“Is mícheart ar fad mar pholasaí ag fostóir é cosc a chur ar oibrí teanga náisiúnta na tíre a labhairt le cainteoirí eile na teanga sin ina ionad oibre. Shíleamar go raibh deireadh leis an mbata scoir!” a dúradh i ráiteas a tugadh do Tuairisc.ie